Wednesday, July 13, 2011

"Rabairneachas?"

 Seo litir a foilsíodh san Irish Times mar chuid den chomhfhreagras, Irish translation 'extravagance' (Béarla), a thuill litir ó Dermot Doody i mBéarla, faoi ráiteas ón gCoimisinéir Teanga, ar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le déanaí agus dímheas ar Oifig an Choimisinéara a bhi léirithe ag Árd Mhuiséam na hÉireann agus an Fheidhmeanas Sláinte.

A chara, – Os rud é go raibh HSE an Deiscirt ábalta Fliú na Muc a fhógairt i gCiarraí/Corcaigh, is léir nach ceist airgid a bhí ann do HSE an Iarthair amhlaidh a dhéanamh, ach ceist pholasaí agus conas sin a chur i gcrích. Is deacair a chreidiúint go bhfuil “an enormous amount of respect for the Irish Language” ag Dermot Doody (a litir 11ú Iúil) agus é ag glaoch “fanatics” orthu siúd gur mhaith leo seirbhís trí Ghaeilge agus ag moladh don Stát neamhaird a dhéanamh ar an nGaeilge. Is é an neamhaird céanna ar pholasaithe an Stáit a fheidhmiú a d’fhág eacnamaíocht na hÉireann i gcré na cille. Ná deinimis amhlaidh leis an nGaeilge, ach dea-shampla na hEorpa i leith teangacha a leanúint agus í a úsáid gan náire. – Is mise,

ROIBEARD Ó hEARTÁIN,
Baile an Fheirtéaraigh,
Co Chiarraí.

Wednesday, July 6, 2011

Fáilte ón gConradh is ó gComhdháil!

Conradh na Gaeilge: An ceart ar fad aige!


D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe le déanaí. Tá na moltaí déanta ag an gCoimisinéir sa tuairisc leis an Acht a láidriú ciallmhar, loighciúil agus infheidhmithe. Is é an Coimisinéir an duine is mó ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Achta agus ba chóir don Rialtas glacadh go fonnmhar lena chuid moltaí mar sin in aon athbhreithniú ar an Acht.

Donnchadh Ó hAodha
Dar le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá an Conradh ag lorg athbhreithnithe ar an Acht ón Ard-Fheis a bhí againn i mí Aibreáin 2011. Táimid an-sásta go bhfuil na fadhbanna le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a bhí aitheanta againn san áireamh i dtuairisc an Choimisinéara agus tá moltaí cuimsitheacha ann len iad a réiteach. I measc na réiteach sin moltar sa tuairisc:
  • Go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile
  • Chun tabhairt faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo, go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla
  • Go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal.
Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá an Rialtas ag iarraidh lagú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla an tseachtain seo roimh an athbhreithniú atá geallta i gclár an Rialtais a bheith curtha i gcrích. Tá alt breise san áireamh sa Bhille Um An Dlí Sibhialta (forálacha ilghnéitheacha), 2011 atá os comhair tithe an Rialtais an tseachtain seo go mbeidh sé ceadaithe Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin. Is é an Béarla atá i gceist leis an aon teanga oifigiúil amháin anseo agus níl aon chinnteacht tugtha go mbeidh an tAcht foilsithe sa teanga oifigiúil eile, an Ghaeilge, ar an idirlíon gan mhoill nó in aon chor san alt atá os comhair na dTithe. Níl ciall ag baint leis an leasú seo nuair a thógtar san áireamh gur cuireadh an dara rannóg aistriúcháin ar bun i 2009. Nár fearr an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i gcrích roimh aon athrú agus idir an dá linn cinntiú leis an dá rannóg aistriúcháin go mbeidh na hAchtanna aistrithe i dtréimhse sásúil d’obair an Oireachtais.”

Tá Conradh na Gaeilge ag lorg tacaíocht na n-ionadaithe poiblí do mholtaí an Choimisinéara Teanga chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú agus chun aon athrú ar an Acht a chur ar athlá go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar an Acht mar a gealladh i gclár an Rialtais.

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge: Fáilte roimh “mholtaí praiticiúla ciallmhara!”

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu i dtaca le hAthbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Tagann an t-athbhreithniú ar an Acht seo leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí i gcoitinne, agus tá sé mar mhír ar Chlár an Rialtais 2011-2016.

Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.  Faoin Acht cuirtear dualgas reachtúil ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar  ‘scéim’ a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist. 

Tharraing an Chomhdháil aird in 2009 ar dheacrachtaí a bhain le comhlachtaí poiblí a bhí ag tarraingt na gcos maidir le daingniú na scéimeanna reachtúla faoin Acht.  Is léir ó thuairisc reatha an Choimisinéara go bhfuil deacrachtaí leanúnacha ag teacht chun solais maidir le feidhmiú na scéimeanna sin toisc an mhoill a bhaineann le daingniú scéimeanna teanga.  Is gá breathnú go géar ar bhealaí nua chun aidhmeanna an Achta a chomhlíonadh, lena n-áirítear rangú ar chomhlachtaí poiblí mar atá molta ag an gCoimisinéir Teanga. 

Is ábhar dóchais é don Chomhdháil go bhfuil forálacha an Achta a bhaineann le cumarsáid i nGaeilge agus na rialacháin a bhaineann le húsáid na dteangacha oifigiúla i stáiseanóireacht agus i gcomharthaíocht na n-eagras stáit á gcur i bhfeidhm go héifeachtach. 

Ábhar díomá é áfach don Chomhdháil gurbh gá don Choimisinéir Teanga dhá thuarascáil speisialta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais le déanaí maidir le cásanna inar theip ar Chomhlachtaí Poiblí moltaí an Choimisinéara a chur i bhfeidhm tar éis dóibh a ndualgais reachtúla teanga a shárú. 

Kevin De Barra
Fáiltíonn an Chomhdháil le moladh an Choimisinéara maidir le polasaí earcaíochta a cheapadh don státchóras a thabharfadh aitheantas dáiríre d’inniúlacht in dhá theanga oifigiúla an Stáit.  Ag labhairt dó faoi thuairisc an Choimisinéara dúirt Kevin De Barra, Rúnaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Tá moltaí praiticiúla ciallmhara curtha ar fáil ag an gCoimisinéir Teanga, agus má leantar iad, cuirfear seirbhísí breise ar fáil trí Ghaeilge, a chinnteoidh an luach ar airgead is fearr do gach saoránach agus le himeacht ama sábhálfar airgead ar an Stát.  Impímid ar an Rialtas tabhairt faoin athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla gan mhoill chun cinntiú go neartófar na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil”.