Monday, April 22, 2013

Na mic léinn is fearr sa tír!

Gradaim shuntasacha bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide 

Don dara bhliain as a chéile, tá príomh-ghradam bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide i gcomórtas náisiúnta uile-oileánda Ghlór na nGael mar an cumann mac léinn is fearr sa tír. Tá luach €2,000 ar an duais seo, atá urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Fógraíodh torthaí an chomórtais seo oíche Shathairn seo chaite. Tháinig sé seo ar na sála ar ghradam eile- chuala An Cumann Gaelach gur bhain sé amach an gradam do Feachtas Teanga na Bliana ag gradaim mac léinn Aontas na Mac Léinn in Éirinn an tseachtain seo chaite. Bronnadh an gradam seo i leith fhéile Ghaeilge an Choláiste, Éigse na Tríonóide.
Dúirt Andrew King, Reachtaire an Chumainn i 2012-2013: “Tá sé go hiontach go bhfuil an t-aitheantas tugtha dúinn anois, i ndiaidh na sár-oibre atá déanta againn i mbliana. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na baill agus leis an gcoiste go léir.”

Dúirt Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge an Choláiste: “Is léiriú iad na gradaim seo ar an bpaisean, fuinneamh agus dúthracht i leith na teanga atá le feiceáil i measc bhaill uile an Chumainn Ghaelaigh- rud a léirítear bliain i ndiaidh bliana.

Tarraingíonn na gradaim seo dea-cháil ar an gColáiste agus tréaslaím leis an Reachtaire agus leis an gCoiste. Bhí bliain iontach ag an Ghaeilge sa choláiste i mbliana agus tá súil again go leanfaidh cúrsaí ag dul ó neart go neart amach anseo!”

• Déanfar ceiliúradh ar na gradaim seo ag An Chéadaoin @ An Bhutrach maidin Chéadaoin 24 Aibreán, le ceol, caife agus comhrá i mbialann TCD: 10.30rn-11.30rn. Beidh fáilte is fiche roimh chách bheith inár dteannta.