Tá Comhdháil Cearta Teanga, eagraithe ag Conradh na Gaeilgear le bheith ar siúl Dé Máirt, 17 Feabhra 2015, ó 09.30 go dtí 13.30 in Óstán Wynns, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath 1.
Pléifear láidriú Bille na dTeangacha Oifigiúla 2015 (leasú) ó dheas a bheidh ag dul tríd Tithe an Oireachtais go luath, na céimeanna atá le glacadh chun deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach agus na deiseanna eile atá ann don Ghaeilge san Eoraip.
![]() |
Rafael Ribó na Catalóine |
I meas na cainteoirí tá Rafael Ribó i Massó, Ombudsman na Catalóine a bhí ag an gcéad cruinniu de Coimisinéirí Teanga i mBaile Átha Cliath (Bealtaine 2013) agus a tharraing argóint cuíosach searbh idir é féin agus ionadaí Ambasáid na Spáinne!
9.30-10.00
Clárú & Oscailt Oifigiúil
Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha
10.00 - 11.30
Seisiún 1: Láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla
Cathaoirleach / Chair
• Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cainteoirí / Speakers
• Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga
• Rafael Ribó i Massó, Ombudsman na Catalóine
Painéal / Panel
• Éamon Ó Cuív, TD, Fianna Fáil
• Íte Ní Chionnaith, Conradh na Gaeilge
• Seán Kyne, TD, Fine Gael
• Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir, Sinn Féin
Plé
11.30 - 12.00 Sos
12.00 - 13.30
Seisiún 2:
Deireadh leis an maolú san Aontas Eorpach & deiseanna eile don Ghaeilge san Eoraip
Cathaoirleach / Chair
Eimear Ní Chonaola, TG4
Cainteoir / Speaker
An Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin
Painéal / Panel
• Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge
• Liadh Ní Riada, FPE, Sinn Féin
• Lucinda Creighton, TD
Plé