Bhí slua aisteach ann.
Bhí mé ag an chéad Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga i mBaile Átha Cliath. Bailithe ann bhí Comisinéirí Teanga an Domhain mar aon le 120 éisteoirí. Nuair a socraíodh ag na heagratheoirí (Oifig Choimisinéara Teanga na hÉireann) ar an áit don gcruinniú ní raibh fhios acu go mbeadh siad ag chuir daoine ón ndoras. Ach b'shin mar a thárla!
Na Coimisinéirí: Ceanada, an Bhreatain Bheag, an Chosaiv, Nunavut, Brunswick Nua, Ontario, an Chatalóin, an Aifric Theas, an Fhionlainn agus Éire. |
Cé nach bhfuil mórán scríofa faoi sna meáin, blúirín beag faoi aitheasc an Uachtarán ag RTÉ ar line in mBéarla an t-aon rud a chonaic mise, táthar ag cur gach cur-i-láthair ar an suíomh gréasáin anois. Idir an dá linn is féidir tuairisc an-iomlán (Béarla) ag Daphne L Romy-Masliah ina bhlag Cosmapolitanism. Tá an-léiriú ar ghach caint le fáil ansin gur fiú a léamh.
Céard iad na rudaí a sheas amach domsa? Tógfaidh mé ceithre chinn.
Polataíocht
Fear Ambasáide na Spáine ag bréagnú dhearca Ombusdman na Catalóinise |
Bás teanga agus masla
Bhí dhá rud a dúirt François Boileau, faoi bheith i Yukon, Ceanada, nuair a fuair an cainteoir deireannach de theanga dhúchasach agus lena bás bhí deireadh leis an teanga sin. Cé go bhfuil Fraincís már theanga dhúchas ag daoine in áiteacha in Ontario cloisfear fós an másla, "Go back to Quebec?"
Ceart?
Léirigh Coimisionéir na Breataine Bige, Meri Hews, laige i ndearca na húdarais polataíochta agus riaracháin i ngach tír b'fhéidir. An phíosa reachtaíochta a thug stádas oifigiúil don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, níl an focal 'ceart' luaite ach uair amháin i 278 leathanach!
Bí id thost!
Bhí léiriú gearr, réalaíoch ag ár gCoimisinéir féin, Seán Ó Chuireann. Ag caint dó faoi Rannaí Stáit ba cosúil gurb é an manadh a bhí acu : "Labhraigí Gaeilge le chéile ach nár labhair linne í!"
Aitheantas
Sandra Inutiq |
Cá raibh na ranna rialtais?
Cé go raibh ionadaithe ó ranna Stáit, bhí duine ó Roinn an Taoisigh i láthair agus bhí Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley ar feadh píosa (d'fhán sé do lón!) is cosúil nach raibh duine ar bith ón Roinn Oideachas i láthar mar dúirt tuít amháin, "Ní mór dom a rá, agus is mór an scannal agus náire é seo, nach bhfuil ionadaí ar bith ón Roinn Oideachais ag an gComhdháil." Agus más fíor é is mór an náire é mar bé an oideachas agus cúrsaí sláinte is mó a bhí aird ar an chuid is mó den chaint.
Bhí béim faoi leith ar thabhacht neamhspleáchas na gCoimisinéirí chomh maith agus ba spéisiúl an ní é nuair a chuireadh an cheist: "Cé i measc na gCoimisinéirí a mhothaigh go rabhadar faoi bhagairt?" Cheap an chuid is mó acu, ár gCoimisinéir féin ina measc, go raibh siad faoi bagairt! Bagairt faoi chinn tideal faoi leith, ina measc: polaitiúl, fioscach, achmhainí, ionsucháin nó chomhshamhlú.
Bhí sé ar intinn ag na Coimisinéirí teacht le chéile le cumann idirnáisiúnta a bhunú agus tá mé ag ceapadh gur éirigh go maith leis an smaoineamh agus is dócha go mbeidh scéal a fhoilsiú faoi sin amach anseo.
Seo dán an Ath Phadraig Uí Fhiannachta:
Do Mháire Ní Fhiannachta Bhí deartháirín agam tráth Ach sciob an bás é, Agus mise i gcoláiste. Ghlaoigh sé ar a mháthair Agus eisean i bpianpháis; Deoch ‘on uisce lena shásamh Ina íota géar a cháiseamh. Looking for his duck A bhí sé dar leis na húdaráis Ag tabhairt tuairisc’ ar a bhás Dá mháthair larna mhárach ... An bhearna i mo chroí-se Riamh ó shin níor líonadh Go bhfaca romham ar bhinse Máirín Óg Ní Fhiannachta Den dara glúin im dhiaidhse Is an gaol eadrainn chomh sínte Nach bhfuil aon seanchaí a ríomhadh Na glúinte trínar síoladh An mianach ceannann céanna Is an Ghaeilge aici chomh líofa Le Micilín i gclúid mo chroí-se.
As an gcnuasach Deora Dé (1987)
|
No comments:
Post a Comment