Friday, May 17, 2013

Moladh don Roinn Ghnóthaí Eachtracha!

Tá ardmholadh tuilte ag Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach as an leagan Gaeilge iontach den suíomh atá acu ó thús na bliana.

Tá an leagan Gaeilge iomlán idirghníomhach agus cothrom le dáta, agus feidhmíonn na naisc uile chuig rannóga eile ar an suíomh gan tiontú ar an leagan Béarla, Fraincíse agus Gearmáinise ann.

Gearáinín beag amháin atá agam go bhfuil ainm na míosa i mBéarla i mír na Nuachta - "May!" in ionad "Bealtaine!"

Mar a deireann Conradh na Gaeilge, "Eiseamláir do na suímh atá ag ranna stáit eile b'fhéidir?"

Monday, May 13, 2013

An "B" spota!

Aip nua saor in aisce le seoladh! 


Le bliain anuas tá aip nua d’arb ainm BunGhaeilge á forbairt ag Forbairt Naíonraí Teoranta, i bpáirtíocht le hAnnertech. Beidh an aip seo bunaithe ar an leabhar frásaí BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí. Dearadh an aip seo chun teacht le struchtúr an leabhráin, atá roinnte i gcaibidil le téamaí éagsúla, mar shampla ‘Ar maidin’, ‘An Naíonra’, ‘Sa siopa’, ‘Sa ghairdín’. Cé go bhfuil an leabhrán seo dírithe ar theaghlaigh ar mian leo cúpla focal a úsáid agus gnásanna agus ghníomhaíochtaí an lae ar siúl acu, creideann FNT go mbeidh an aip seo úsáideach d’fhoghlaimeoirí na teanga chomh maith, go háirithe ó thaobh foghraíochta de.
Deir Geoff Gray, tuismitheoir ar mhaith leis cur lena chuid Gaeilge, “Finally there is a user friendly app, based on everyday Irish. I can use the app on the go when I’m out with my daughter and my use of Irish has greatly increased since I downloaded BunGhaeilge to my phone. Maith sibh FNT!”

Beidh deis ag úsáideoirí na haipe éisteacht le gach frása atá ar fáil sa leabhrán agus athrá a dhéanamh air. Seolfar leagan caighdeánach den aip i dtús báire ach tá sé beartaithe leaganacha sna mórchánúintí ar fad a eisiúint amach anseo. Beidh BunGhaeilge ar fáil le híoslódáil saor in aisce ó shiopaí aipe Android ón 15 Bealtaine, agus ó shiopa Apple faoi thús na míosa seo chugainn.

Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach FNT ‘Tá áis nua ar fáil d’aon duine gur mian leo an Ghaeilge a úsáid mar ghnáththeanga laethúil an teaghlaigh. Tugann an aip seo deis uathúil , ag baint leasa as na meáin shóisialta úra, don phobal domhanda teacht ar an nGaeilge gan stró ar bith. Is dul chun cinn faoi leith a bhaineann leis an aip seo do chur chun cinn na Gaeilge.’

Saturday, May 11, 2013

Fás na Gaelscolaíochta?


Céim eile ar chúl i leith Gaelscolaíochta beartaithe ag an Rialtas!

Caithfidh an Rialtas seo deimhniú go bhfuil dothain tacaíocht agus acmhainní ar fáil don Oideachas lán-Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil freastal cuí dhá dhéanamh ar an éilimh d'Oideachas lán-Ghaeilge, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Bhí urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag tagairt do dhá thuairisc a scrúdaíonn na seansanna go mbeadh scoláirí ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal, nó ag titim amach as an gcóras oideachais, tuairiscí a léirionn go dtéann thart ar 57% de scoláirí ó Ghaelscoileanna ar aghaidh chuig an tríú leibhéal.

'Tá fás an earnáil oideachas lán-Ghaeilge i measc na scéalta is dearfaí ó thaobh oideachais di sa tír seo le roinnt mhaith blianta anuas. Táimid tar éis borradh mór a fheiceáil san earnáil seo agus tá sé sin tar éis cur go mór leis an méadú sa méid Gaeilgeoirí a áiríodh sa daonáireamh deireanach, le 1.66 milliún duine ag rá go bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt.


Tá go leor buntáistí oideachasúla ann ó thaobh na Gaeilge di freisin agus tá sé léirithe gur féidir leis an dátheangachas ó aois óg a bheith fíor thairbheach maidir leis an tríú nó ceathrú teanga a fhoghlaim freisin. Léiríonn torthaí na dtuairisc seo freisin go bhfuil an chaighdeán oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge fíor ard agus, ar an bhformhór, go bhfuil tar éis éirí go rí-mhaith leis an modh oideachasúil atá sna Gaelscoileanna.

Is mór an difríocht atá ann freisin idir na buntáistí oideachasúla a bhaineann le Gaelscolaíocht agus na buntáistí a bhaineann le scoileanna a ghearann táillí, a bhfuil foinsí ioncaim phríobháideacha i bhfad níos mó acu ná na gnáthscoileanna, chun caitheamh ar sheirbhísí níos fearr. Tá na Gaelscoileanna ag blathú, ar an mórchuid, mar go bhfuil modh éifeachtach oideachasúil acu agus chun an fhírinne a rá, in aineoinn an easpa tacaíocht ón Rialtas. Is fiú nótáil go bhfuil na Gaelscoileanna scaipthe go cothrom ar cheantair faoi bhuntáiste agus míbhuntáiste araon.

Tá an comhréir de scoileanna lán-Ghaeilge atá ag fanacht le cóiríocht nua i bhfad níos airde ná scoileanna eile, afach. Dar leis an scátheagraíocht Gaelscoileanna, ‘Tá géarchéim cóiríochta ins an earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair'.

Is deacair easaontú leis an méid atá le rá acu. Tá seasca fán gcéad de na scoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht shealadach. Tá seacht scoil ag fanacht le níos mó ná fiche bliain. Tá go leor acu i bhfoirgintí nach bhfuil oiriúnach le n-úsáid a thuilleadh agus cuireann sé seo bac ar fhás an oideachais trí mheán na Gaeilge.

Céim ar gcúl atá ann freisin an cinneadh chun oifigí an NCCA agus COGG a chomhlonnú, in aineoinn an bhéim mór atá in ainm is a bheith ann ar thábhacht COGG faoin Straitéis Fiche Bliain. Inár dtuairim, ba chóir don Aire an cinneadh seo a tharraingt siar agus ba chóir COGG a chuir ag feidhmiú mar shatailít don NCCA

Tá an Oideachas lán-Ghaeilge ag déanamh go maith, mar go bhfuil na scoileanna seo pobalbhunaithe agus toisc go bhfuil modh oideachasúil maith acu. Ach, chun leanúint ag fás, tá tacaíocht cuí de dhíth. Tá ar an Aire deighleáil leis an ngéarchéim cóiríochta san Oideachas lán-Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil go leor áiteanna ann le freastal ar an éileamh don Oideachas lán-Ghaeilge, rud nach bhfuil fíor faoi láthair."




Monday, April 22, 2013

Na mic léinn is fearr sa tír!

Gradaim shuntasacha bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide 

Don dara bhliain as a chéile, tá príomh-ghradam bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide i gcomórtas náisiúnta uile-oileánda Ghlór na nGael mar an cumann mac léinn is fearr sa tír. Tá luach €2,000 ar an duais seo, atá urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Fógraíodh torthaí an chomórtais seo oíche Shathairn seo chaite. Tháinig sé seo ar na sála ar ghradam eile- chuala An Cumann Gaelach gur bhain sé amach an gradam do Feachtas Teanga na Bliana ag gradaim mac léinn Aontas na Mac Léinn in Éirinn an tseachtain seo chaite. Bronnadh an gradam seo i leith fhéile Ghaeilge an Choláiste, Éigse na Tríonóide.
Dúirt Andrew King, Reachtaire an Chumainn i 2012-2013: “Tá sé go hiontach go bhfuil an t-aitheantas tugtha dúinn anois, i ndiaidh na sár-oibre atá déanta againn i mbliana. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na baill agus leis an gcoiste go léir.”

Dúirt Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge an Choláiste: “Is léiriú iad na gradaim seo ar an bpaisean, fuinneamh agus dúthracht i leith na teanga atá le feiceáil i measc bhaill uile an Chumainn Ghaelaigh- rud a léirítear bliain i ndiaidh bliana.

Tarraingíonn na gradaim seo dea-cháil ar an gColáiste agus tréaslaím leis an Reachtaire agus leis an gCoiste. Bhí bliain iontach ag an Ghaeilge sa choláiste i mbliana agus tá súil again go leanfaidh cúrsaí ag dul ó neart go neart amach anseo!”

• Déanfar ceiliúradh ar na gradaim seo ag An Chéadaoin @ An Bhutrach maidin Chéadaoin 24 Aibreán, le ceol, caife agus comhrá i mbialann TCD: 10.30rn-11.30rn. Beidh fáilte is fiche roimh chách bheith inár dteannta.


Monday, February 11, 2013

Litir chuig an Fhoras...

Is cuimhin liom nuair a bhí mise ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim (agus tá mé fós á fhoghlaim) cé chomh cabhrach is a bhí sé nuachtán Gaeilge a léamh gach seachtain - Inniú a bhí ann ag an am sin! Anois tá an nuachtán Gaelscéal le dhúnadh agus tá aiciní ar líne le siniú ag iarraidh ar na Rialtais teacht i gcabhair orainn! Ach is féidir leatsa litir a chuir chuig Foras na Gaeilge le do dhearcadh a chuir i n-iúl. Seo litir amháin a cuireadh chuchu le déanaí (Bhí sé ar facebook)
    A chara 
    Tuigim go bhfuil deireadh ag teacht do mhaoiniú Ghaelscéal, agus is mór an trua sin. Rugadh agus tógadh mé féin in iarthar Bhéal Feirste agus cha raibh seans ar bith agam an Ghaeilge a fhoghlaim sa scoil. Bhí sé deacair an teanga a fhoghlaim agus mise i mo dhuine fásta, deacair agus costasach. Ba é Gaelscéal foinse mhaith shuimiúil den teanga agus is mór an stór focal a d’fhoghlaim mé agus an spreagamh a fuair mé agus mise i mbun léitheoireachta an nuachtáin sin. Cé go gceannaím an leagan páipéir anois is aríst, is ar líne a bhím ag léamh Ghaelscéal ach go háirithe – beagnach gach lá! Má chuirtear deireadh le Gaelscéal, níl a fhios agam cá háit a bhfaighidh mé ais amhlaidh leis ar chor ar bith.

    Molaim daoibh mar sin, gan deireadh a chur leis an ais iontach seo.

    Is mise, le meas

Meas tú cad déarfaidh an Foras mar fhreagra ar an litir seo?

Monday, February 4, 2013

Ráiteas ón gcruinniú!

Bhí ionadaíocht láidir ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i láthair ag cruinniú arna eagrú ag Conradh na Gaeilge san Óstán Menlo, Gaillimh Dé hAoine (01 Feabhra 2013), ollchruinniú ónar eascair éileamh chun struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun chun a chinntiú go n-aithnítear pobal na teanga mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain donGhaeilge.

 


Julian de Spáin,
ÁrdRúnai CnaG ag
an gCruinniú
Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá ról ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí a thagann ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach níl aon ról nó ionadaíocht ag an bpobal sa struchtúr reatha a ghlacann na cinntí féin.
"Is mór an difear atá idir comhairliúchán agus ionchur coincréiteach sna cinntí a ghlactar: ní leor dul i mbun comhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mura bhfuil ionadaíocht ag an bpobal sin ar an mbord a dhéanann na cinntí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise."
Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra, agus tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna á lorg ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
"Níl aon chuid den struchtúr reatha chun An Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm a aithníonn ríthábhacht ionchur an phobail agus a chinnteoidh go mbeidh an Straitéis curtha i bhfeidhm ón mbun aníos. Dá réir, níl pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an talamh á thabhairt san áireamh nuair atá cinntí tromchúiseacha, tábhachtacha á nglacadh agus is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil seilbh ar an Straitéis á cailliúint ag an bpobal."

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach, éifeachtúil i gceist ón mbun aníos. Thiocfadh leis an Aonad Pleanála teacht roimh fhadhbanna trí aontas a fháil ar cheisteanna móra a bheidh tionchar acu ar an bpobal, áit a chuirfeadh na coistí idir-rannacha tuairiscí os comhair an Aonaid Phleanála agus dhéanfaí cinntí ansin, a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh nó le diúltú leo.

Léirigh an cruinniú gur cúis mhór imní í i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cinneadh a ghlac An Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)(Béarla).

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is ionann an cinneadh seo chun COGG a chur faoin CNCM agus ionsaí eile ar institiúidí Gaeilge a bhfuil an-mhuinín ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta astu, ach creideann Conradh na Gaeilge go láidir nach mbeadh an oiread sin fadhbanna le hAcht na Gaeltachta, le haistriú Oifig an Choimisinéara Teanga, le haistriú COGG agus eile más rud é gur pléadh agus gur aontaíodh na cinntí seo roimh ré, le tuairimí na n-údarás agus an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta araon san áireamh.

"Tá ag teipeadh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mórán tionchar a imirt ar an bpobal toisc nach bhfuil ceannasaíocht ná úinéireacht ag an bpobal Gaeilge agus Gaeltachta ar a cur i bhfeidhm; níl ionadaíocht ag an bpobal ar na boird a dhéanann na cinntí maidir leis an reachtaíocht teanga agus dá réir, níl an saineolas ná taithí an phobail ar an talamh ag baint le cinntí an Rialtais chun na húdaráis a threorú sa treo ceart chun an Ghaeilge a chothú mar is cóir."

Bhí aontas sa chruinniú go gcaithfear an bearna idir an pobal agus an chumhacht a dhúnadh maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus chuige seo, bhí an cruinniú ag éileamh go n-aithneofar an pobal Gaeilge agus Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise; go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile; agus go n-éascódh an struchtúr riachtanach ardleibhéal seo an chumarsáid agus an comhoibriú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.

• Seo tuairisc ar ó Gaelscéal


Fuarathas amach faoi chinneadh Fhoras na Gaeilge i leith maoiniú Ghaelscéal díreach nuair a bhí an cruinniú thart. 
Mas mian leat i féidir cabhrú leis an bhfeachtas trén aiciní seo a shiniú!






Saturday, February 2, 2013

Aisiompú á lorg....

Sinigh an aiciní
"....tá pleananna á gcúr le chéile ag Foras na Gaeilge!"

Go déanach tráthnóna inné bhí teachtaireacht ar an gcóras giolcaireachta, twitter,  le nasc chuig blag Scott de Buitléir, go raibh litir faighte ag bainistíocht an nuachtáin Gaelscéal, ó Fhóras na Gaeilge go rabhadar chun an maoiniú a stopadh.

Dár le Foras na Gaeltachta “go bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid na meáin clóite agus tá pleananna á gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.” 

Ait go leor bhí an argóint céanna á dhéanamh ag lucht "Lá Nua" timpeall cúig nó sé bliain ó shin. D'fhéach an dearcadh sin mar rud nua agus réabhlóideach i súile caomhach lucht Fhorais na Gaeilge ag an am. Anois tá siad ag teacht mar cineál Oisín i ndiaidh na Féinne. Ach in ionad a bheith á dhéanamh go proifisiúnta dúnann siad an rud atá acu nuair nach bhfuil aon rud acu le chuir ina áit mar "tá pleananna á gcur le chéile" acu.  Gan aon amhras mar a dúirt duine ar an Raidío aréir tá raon an amaitéarachas ar an gcinneadh.

Tá sé spéisiúil gur fógraíodh an cinneadh seo dhá lá ó fhoilsigh Gaelscéal scéal eisiach faoi imeaglú atá á imirt ar bhaill Guth na Gaeltachta i dTír Chonaill. Ach bíodh sin mar atá.

Chualathas faoin gcinneadh i nGaillimh agus cruinniú faoi pholasaí (nó easpa pholasaí?) an Rialtais i leith na Gaeilge. Deireadh éifeachtach le COGG agus athsealbhú ar an Straitéis 30 Bliain a bhí á bplé agus léiríodh an-chuid fearg, imní agus díomá i leith easpa díograise an Stáit faoi rud ar bith a bhain leis an Gaeilge nó leis an nGaeltacht.

Is buille fealltach tubaisteach d'aon teanga nuachtán sa teanga sin a dhúnadh.

Sa chás seo tá feall breise i gceist mar go bhfuil deireadh aontaobhach á chur ag Foras na Gaeilge leis an gconradh le Gaelscéal, roimh dheireadh oifigiúil thréimhse an chonartha, sin deireadh 2013.

Is cosúil nach bhfuil plean cinnte ag Foras na Gaeilge cad a dtiocfaidh in áít Gaelscéal agus, mar sin, tá gach seams nach mbeidh a leithéid in áít laistigh de bhliain nó dhó.

Más seirbhís nuachta ar líne atá i gceist, ba cheart an deis a thabhairt do Ghaelscéal an seirbhís seo a chur ar fáil go deireadh 2013 agus comórtas phoiblí a ullmhú san idirlín le nach mbeadh son bhriseadh ann ar an solathar do phobal na Gaeilge.

Tá achainí á eagrú ag Concubhar Ó Liatháin, iar eagarthóir Lá, iriseoir ilghníomhach agus blagaire (féach ar a bhlag inniú: "Cinneadh Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le Gaelscéal – ceisteanna gan freagraí"), le chuir ós comhair na húdaráis a cheap bhaill Fhoras na Gaeilge, Rialtais na hÉireann agus na Breataine. Is fiú go mór é a shiniú.

An scéal i Nuacht24: Deireadh le Gaelscéal (1/2/2013 agus níos deanaí Freagra ar phreas-ráiteas Fhoras na Gaeilge i leith Ghaelscéal (2/2/2012) Preas ráiteas an Fhorais faoi chonradh Ghaelscéal (4/2/2013) Cad faoi Foras na Gaeilge a ghearradh siar go dtí an gas? (Gearóid Ó Cairealláin Nuacht 24 25/2/2013) Feallscéal Gaelsceál: an bhfuil stráitéis ag an bhForas? ag blag Aonghus Ó hAlmhain (3/2/2012)
Féach ar na blaganna seo as Béarla chomh maith! The Dictatorship of Fear (The Hidden Ireland, 31/1/2013)< The End of Gaelscéal (An Sionnach Fionn, 2/2/2013) The Erosion Of Irish-Language Journalism (An Sionnach Fionn4/2/2013)