Plé agus taighde ann ar na fadhbanna a bhaineann leis, agus conas iad a shárú
Fairis na mílte teaghlach sa Ghaeltacht, cónaíonn na céadta teaghlach Gaelach eile taobh amuigh den Ghaeltacht sna bailte, sna cathracha, agus thar lear.
Anailís agus cur síos atá sa leabhar seo, Thógamar le Gaeilge Iad, ar na teaghlaigh Gaelacha seo i gcoitinne, agus go háirithe ar na fadhbanna lena gcaithfidh siad streachailt gach lá, idir scolaíocht, comhluadar, rialtas áitiúil, seirbhísí pobail, acmhainní foghlama agus siamsaíochta, meáin, cearta sibhialta agus eile.
Ach tuar dóchais atá sa leabhar seo, atá foilsithe ag Coiscéim. Taispeántar an chaoi ina bhfuil pobal cainteoirí dúchais ag teacht chun cinn sna cathracha, ainneoin easpa tacaíochta ó na húdaráis, agus mar atá an eagraíocht Comhluadar, a thosaigh sna nóchaidí le cúpla scór teaghlach, anois ag freastal ar bhreis agus 650 teaghlach.
Thar aon rud eile, ámh, tugann an leabhar seo dóchas do dhuine ar bith atá ag déanamh machnaimh ar thógáil clainne le Gaeilge. Cuirtear síos, ní amháin ar na míbhuntáistí, ach ar na buntáistí agus an luach saothair a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Taispeántar freisin go bhfuil daoine go leor ag glacadh leis an dúshlán seo cheana féin.
Pointí
• Tá Gaeilge á labhairt mar theanga teaghlaigh ar fud na hÉireann agus thar lear.
• Tá eagla mar sin féin ar go leor tuismitheoirí (go háirithe siúd nach cainteoirí dúchais iad) go bhfuil a bpáistí ag foghlaim drochGhaeilge (rud nach fíor, den chuid is mó).
• Tá roinnt tuismitheoirí den tuairim go bhfuil drochthionchar ag scoileanna ar Ghaeilge a bpáistí.
• Maireann roinnt teaghlaigh Gaelacha faoi scáil dhorcha Hugo Hamilton. Chun lipéad na héadulaingthe a sheachaint, roghnaíonn roinnt tuismitheoirí gan socraithe daingne teanga a bheith acu ina dteaghlaigh, rud a mhilleann cúrsaí teanga iontu go tapa.
• Is féidir páistí a chur ag labhairt Gaeilge gan dua ná strus, ach an cur chuige ceart a bheith agat.
• Foghlaimeoirí, seachas cainteoirí dúchais, is ea cuid suntasach de na tuismitheoirí nua.
• Níl mórán freastail á dhéanamh ar dhéagóirí le Gaeilge go fóill.
Seo nuacht agus eile ón iar-Ghaeltacht, áit atá ag teacht thar n-ais ina Ghaeltacht iomlán sar i bhfad!
Thursday, March 22, 2012
Ag tógáil do theaghlaigh le Gaeilge!
Labels:
Foilsiúchán,
Pleanáil Teanga,
Stádas teanga,
Teaghlach
Wednesday, March 14, 2012
Ceadúnas Teilifíse!
![]() |
Taobh istigh dhá bhliain le cúnamh Dé! |
Rinne mé gearán leis an gCoimisinéar Teanga ach toisc nach bhfuil aon dualgas reachtúil ann, áfach, níl an t-údarás aige aon bhrú a chuir ar an Post ina leith.
Ar ndóigh, dá mbeadh an scéim teanga daingnithe, seans go mbeadh an obair seo tosaithe níos túisce, ach mar a léirigh an Coimisinéir Teanga le déanaí, tá folús á chruthú mar nach bhfuil scéimeanna á ndaingniú.
Scríobh mé chucu mar sin!
A chara,
Fuair mé fógra uaibh faoin athnuacháin mo cheadúnais teilifíse. Bhí sé (mar is ceart) i nGaeilge agus Béarla agus bhí mé sásta íoch as. An bealach is éasca é a dhéanamh ná ar-líne agus chuaigh mé díreach go http://www.tvlicence.ie (sic) mar a mholann sibh ar an bhfógra. Ach ní féidir liom an ceadúnas a íoch ansin mar níl leagan Gaeilge ansin agaibh.
Molainn sibh glaoch ar 1890228528 agus mar an gcéanna ní féidir liom é a íoch ansi ach an oiread mar is i mBéarla amháin atá sé.
Tá mé sásta an ceadúnas a íoch nuair atá sib-se sásta chóras ceart cruinn íochíochta i nGaeilge a thabhairt dom.
Mise le meas oraibh
Eoin Ó Riain

From: Patrick Coffey
Date: 13 Márta 2012 15:29:08 MAG
Subject: RE: Ceadúnas teilifíse!
Eoin
A chara
Go raibh maith agat as an ríomhphoist a chuir tú chugainn ar 06 March 2012 maidir le seirbhís trí Ghaeilge a fháil ar ár suíomh idirlín _www.tvlicence.ie agus ár Ionad Glaonna 1890 228 528
Mar a duirt tú, níl leagan Gaeilge den Ionad Glaonna ná www.tvlicence.ie ar fáil anois agus tá brón orm nach bhfuil siad ann fós.
Tá An Post meáite ar rogha a thabhairt dár gcustaiméirí a gcuid ghnó a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge. Chuige seo, tá sé ar intinn againn leagan Gaeilge dár suíomh a chur ar fáil agus tá sé seo á fhorbairt faoi láthair. Caithfimid na hÁit-Ainmneacha go léir sa bhunachar sonraí a aistriú go Gaeilge. Nuair a bheidh an tasc mór sin déanta againn, cuirfimid an leagan Gaeilge den suíomh idirlín ar fáil laistigh dhá bhliain le cúnamh Dé
Táimid ag baint triail as iárionad glaonna nua as Gaeilge agus Béarla faoi láthair. Nuair a bheidh I.T. sásta leis, beidh sé ar fáil faoin mBealtaine 2012 le cúnamh Dé.
Is mise le meas
Pat Coffey
**************************************************************************************************
This e-mail and its attachments, is confidential and is intended for the addressee(s) only. If you are not the intended recipient, disclosure, distribution or any action taken in reliance on it is prohibited and may be unlawful. Please note that any information expressed in this message or its attachments is not given or endorsed by An Post unless otherwise indicated by an authorised representative independently of this message. An Post does not accept responsibility for the contents of this message and although it has been scanned for viruses An Post will not accept responsibility for any damage caused as a result of a virus being passed on.
An Post, incorporated with limited liability, registered in Ireland, registered number 98788, Registered Office: General Post Office, O'Connell Street, Dublin 1.

An Coimisinéir Teanga,
An Post,
Stádas teanga
Tuesday, March 13, 2012
"Ní thosaíonn páirtnéireacht go maith le cos ar bolg!" Tuíteálaí
"Níl an taithí ag an bhForas a bheith ag obair ag leibheal an phobail!" Duine ón úrlóir.
"Sin an fáth a bhfuilimid anseo - tá muid ag eisteacht. B'fhearr linn a bheith mar pháirtneirí" - Eamonn Ó hArgáin, Foras na Gaeilge!
Tá tréimhse chomhairliúcháin phoiblí bhreise don "tSamhail Nua Mhaoinithe" (SNM) ar siúl ag Foras na Gaeilge. Bhí cruinniú in Ostáin i nGaillimh aréir (12 Már 2012). Bhí thart ar 50 i láthair. Bhí tuíteálaí díograsach Ghaelscéal i láthair ag craobhscaoileadh a raibh ag tárlúint ann. (Má tá tú ar twitter is fiú Gaelscéal a leanúint!) Seo hiad a chuid ghiolcaireachtaí mar a chuaigh an cruinniú ar aghaidh. Ní tuairisc iomlán ar an gcruinniú atá anseo ach amháin mar a feictear don duine seo agus a bhí seans agus am aige iad a chuir i dteachtaireacht 140 carachtair.
Bainfidh muid úsáid as an hashtag seo #forassnm
Eamonn Ó hArgáin ón Fhoras ag caint leis an dream i láthair
45 I láthair daoine óga san aireamh
"tá muid ag eisteacht" : Eamonn Ó hArgáin
Beidh an próiséas ag críochnú 2 Aibreán
"maoiniú Fnag ag laghdú", "ag iarraidh níos lú a chaitheamh ar eagraíochta, níos mó ar an phobal"
"níl na tuarastail atá a íoc ag eagraíochtaí eagsúla - níl siad cothrom"
FnaG "ag iarraidh níos mó daoine a fhostú go háitiúil"
FnaG - scéimeanna trí bliana atá i gceist
Eamonn ÓhArgáin ag míniú an choras bunaithe ar scéimeanna atá molta ag an Fhoras
FnaG ag iarraidh fáil amach "cad atá cearr leis an samhail"
"nó cad atá ceart"
am na gceist - Kevin de Barra chun tosaigh - "cur i láthair an Fhorais 'mí-chruinn'"
"an ndearnadh aon taighde aon ar na heagraíochtaí bunaithe maidir le dúbáil" - Kevin de Barra ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
"cá mhéad airgead a tugadh ar ais don roinn anuaraidh" - de Barra
De Barra ag caint go húdarasach agus go paiseanta
Cillian Fennell - "ní fiú dul siar, tá muid san áit ina bhfuil muid, ní hé sin an fath atá muid anseo anocht"
Splanc curtha leis an chruinniú anois - "seafóideach" a deir Peadar Mac Fhlannchadha leis an Chathaoirleach
theip ar an teic - ach muid ar ais
d'éirigh rudaí an téasaí - ach socraithe anois
"Cá bhfuil an dúbáil seo" - Domhnall Ó Loingsigh ó Chontae an Chláir
bhí go leor ceisteanna ann faoin na pleanáilithe teanga 'neamhspleach' atá i láthair - cén chaoi a fuair siad an conradh?
bhí sé fograithe a deir an Foras
Cillian Fennell ag freagairt na gceisteanna
"Níl an taithí ag an bhForas a bheith ag obair ag leibheal an phobail"
"Sin an fáth a bhfuilimid anseo - tá muid ag eisteacht"
"B'fhearr linn a bheith mar pháirtneirí" - Eamonn Ó hArgáin
"páirtnéireacht, ní i gceannas"
"Bhí na heagraíochtaí ag deanamh an obair go deonach sular bunaíodh Foras na Gaeilge nó Bord na Gaeilge"
"Ní féidir le FnaG leanúint ar aghaidh ag maoiniú 19 eagraíocht - níl an t-airgead ann" - Eamonn Ó hArgáin
"amharcann FnaG ar na hiarratais a thagann isteach óna heagraíochta - sin an áit chun dúbáil a aimsiú" Eoghan Mac Cormaic
"Ba chóir go mbeadh leibheal áirithe bunmhaoinithe ann" : Mac Cormaic
"Níl na heagraíochtaí ar bhealach ar bith ag iarraidh an status quo a choinneáil" - Kevin de Barra
"tá seo pléite cheanna" - de Barra
"ach dúirt FnaG nach bhfuair siad aighneachtaí" - de Barra
"níl tuiscint dá laghad ag FnaG ar obair na n-eagraíochtaí" - de Barra
go leor láimhe in airde anois
ESG - scanrtrúil go síleann daoine gur féidir le dream amháin plé leis an eagsúlacht sa chóras oideachais
pointe á thógáil faoi thógáil páistí - an bhfuil aon ag tabhairt aire dhomsa ag tógáil páistí sa Ghaeltacht?
"fág aghainne an rud atá aghainne" - cainteoir Chonamara
Fearghual Mac Thréinfhir ó Choláiste na bhFiann - caithfidh leanúnachas a bheith ann - ní leor 3 bhliain
"Tá daoine dilis d'eagrais" : Mac Thréinfhir
Donncha Ó hÉallaithe - "tá go leor bearnaí ann - tá go leor rudaí ann arbh fhéidir a dhéanamh"
"D'éirigh leis na Breatnaigh ceol nua-aimseartha - ach níor spreag na heagraíochtaí é" : Ó hÉallaithe
Donncha den tuairim gurbh fhéidir le coras bunaithe ar scéimeanna maitheas a dhéanamh

Sampla 'Pléaraca' á lua ag Donncha Ó hÉallaithe
"Dá mbeinnse ag bráth air eagraíocht Ghaeilge le mo mhorgáiste a íoc, bheinn buartha" : DÓhÉ
"ach tá sé ro-righinn, ba cheart go mbeadh solúbacht ann" : DÓhÉ
"cuid den samhlaíocht a bhí ann imithe" "airgead á fháil ro-éasca" DÓhÉ
"Chuirfinn deireadh le FnaG - mar thús" – DÓhÉ
"ba cheart do na heagraíocht suí síos le chéile agus úsáid níos fearr as an airgead atá ar fáil" DÓhÉ
Traic Ó Braonáin - tá ceol nua-aimseartha ann!!
"Níl an Foras ag iarraidh fáil réidh le heagraíocht ar bith" - ÉÓhA
moladh ó Pheadar Mac Fhlannchadha - tóg an SNM ón tabla.
"Molaim do Fhoras pleann straitiseach a chur le chéile" – PmacF
Liam Ó Maoladha ag caint - ag cur in iúl nach raibh rudaí chomh dearfach - ní raibh rudaí ar bith chomh maith
"níl an rud bríste" LÓM
"Céard a mhólfá féin" – CF
jóc maith faoi Aengus Ó Snodaigh
"ní léir dúinn an raibh aon tionchar ag ár n-aighneachtaí" LÓM
"Bhí na heagraíochtaí sásta dul isteach i seomra" - de Barra
"Níor cuireadh aon airgead ar ais an bhliain seo caite" : EÓhÁ
"Tá an-deighilt idir an Fhoras agus na heagraíocht ro-mhór" - Domhnall Ó Loingsigh
mar gheall ar chúrsaí chadhnra - caithfidh muid ár gclúdach beo a fhágáil anseo - tuilleamh sa pháipéar

Bhí roinnt ag tuíteáil nach raibh ag an gcruinniú go bhfios dúinn agus seo cuid acu!
@igaeilge:
an bhfuil sé in am le h-aghaidh athbhreithniú ar ról, cur chuige agus éifeacht an Fhorais 12 bliain ó bunaíodh é?
an mbeadh Éamon Ó hArgáin agus a chomhleacaithe I bhForas na G sásta obair iad féin de réir scéimeanna 3 bliana?
cad é an comhréir idir an méid a chaitheann Foras ar an bpobal agus ar an bhForas féin?
56 ag obair ag Foras ach iad fós ag fostú comhlacht caidrimh poiblí ar nós Stillwater chun pr a dhéanamh? Cén chostas? (Stillwater an comhlucht lena mbaineann Cillian Fennel a bhí mar cathaoirleach ar an gcruinniú. Eag)
65 fostaí atá cead aithne don bhForas ó fadó? Vuil an líon sin fós ag teastáil? Scéimeanna 3 bl chun obair an Fhorais a dhéanamh?
scéimeanna 3 bliana, le gach fostaí ar chonradh 3 Bl.?
@raymondkieran
an féidir le Foras oiread agus saineolaí amháin a rolláil amach le tacú leis an tSamhail Nua ghearrMhaoinithe seo -
Ní thosaíonn páirtnéireacht go maith le cos ar bolg
Cathaoirleach ag míniú chlúra an snm@igaeilge:

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge,
Conradh na Gaeilge,
Foras na Gaeilge,
Kevin de Barra,
Pleanáil Teanga
Saturday, March 3, 2012
Meas ar theanga ar dá thaobh den Mhuir Meann!
Agus Árd Fheis Fianna Fáil san RDS ag an deireadh seachtaine rinne mé scuaird ar suíomhanna na páirtithe "móra" in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag! Cén meas atá acu ar an dteanga 'náisiúnta!" Chuaigh mé chuig na suíomhanna éagsúla agus rinne mé iarracht an cnaipe teanga a fháil agus a bhrú. Seo na torthaí!
Sé Fine Gael an Páirtí is mó sa Dáil le 74 suíocháin, agus seo an leathanach atá acu. Ní bheadh fhios agat go raibh teanga náisíunta ar bith sa tír. Dár leis an suíomh seo is teanga marbh í an Ghaeilge!
Scríobh mé chuig an páirtí seo faoin easpa Gaeilge ar an suíomh agus fuair mé an fhreagra seo, focal ar fhocal.
An dara pháirtí is laidre sa Dáil is sea Páirti an Lucht Oibre (35). Arís níl aon leagan Gaeilge den suíomh ann acht tá mírín an-bheag ag a bun faoin titeal "Our Principles" agus tá trí nasc ann:
Athraíonn cuid de na cinn teidil, ach ní iad go léir. Mar shampla ní féidir liom mé fhéin a chlarú mar ball de Fhianna Fáil i nGaeilge.
Ó bheith ag breathnú ar shuíomhanna na páirtithe móra sa Dáil tá sé soiléir, ró-shoiléir, gur cuma leo ár dteanga Náisiúnta.
Cé nach bhfuil gach rud i mBreathnais bheadh fhios agat gur páirtí den Bhreatain Bheag é Llafur cé gur chuid de pháirtí mó Westminster é.
Sé Plaid Cymru an triú páirtí sa Bhreatain Bheag. Páirtí náisiúnach gan leaitscéal ar bith hiad agus deineann siad an iarracht is fearr gan amhras. Má bhrútar an nasc "Cymraeg" tógtar chuig suíomh breá Breatnach. Gach alt, gach ceann teidil sa Bhreatnais.
Sé Fine Gael an Páirtí is mó sa Dáil le 74 suíocháin, agus seo an leathanach atá acu. Ní bheadh fhios agat go raibh teanga náisíunta ar bith sa tír. Dár leis an suíomh seo is teanga marbh í an Ghaeilge!
![]() |
Níl fiú agus cnaipe "Gaeilge" le fáil ar an suíomh seo! |
".... One of my colleagues who normally would translate replies for me is currently out ill. Rather than waiting further for the person to come back before sending you a reply I decided to reply to you personally, albeit in English. You may a fair point regarding the website. I have passed on your comment. It is something I myself have raised and will continue to." |
• Core Party Principles
• As Gaeilge
• Polski
![]() |
Polainnis agus Gaeilge ar chomh chéim! |
Tá mé ag ceapadh nach bhfuil ach 19 suíochán ag Fianna Fáil sa Dáil anois. Toisc an stair atá leis an bPáirtí sin, "The Republican Party" mar a ghlaotar ortha (i mBearla ar an suíomh acu!) cheapfá go mbeadh leagan Gaeilge ag an suíomh acu. Le dóchas brúann tú ar an nasc "Gaeilge" agus faigheann tú é seo:
![]() |
Cinn teidil i nGaeilge an "fheoil" i mBéarla! |
Tá 14 baill ag Sinn Féin sa Dáil agus tá an ainm ag an bpáirtí sin go bhfuil sé go mór ar son na Gaeilge. Deineann ceannaire an pháirtí sin an-iarracht an "cupla focail" a rá sna díospóireachtaí. Mar sin cheapfá go mbeadh aitheantas faoi leith agus so-fheicthe ar a suíomh. Ach, mo léan, níl sé mórán níos fearr ná suíomh Fianna Fáil.
![]() |
Béarla agus beagáinín den Gaeilge tríd! |
Má feictear soir chuig an Bhreatain Bheag, atá fós sa Ríocht Aontaithe, tá trí pháirtí mór sa tír sin. An ceann is mó is sea Lucht Oibre. Feictear an difríocht chomhluath agus a théann tú chuig an suíomh.
![]() |
Fáilte roimh an mBreatnais |
Ait go leor siad na Conservatives and dara páirtí is mó i gComthionóil na Breataine Bige. Tá suíomh an-chosúil le ceann Fine Gael in Éireann níl Breatnais ar bith sa suíomh ná nasc chuig leathnach sa teanga sin.
![]() |
Fine Gael na Breataine Bige! |
Rud nár thárla in Éirinn! |
Mo náire ar Fine Gael, Lucht Oibre, Fianna Fáil, Sinn Féin!
Mar a deireann Éire i bhfocail an Phiarsaigh,
"Mór mo náir mo chlann féin ag díol a Máthair..."
Labels:
An Bhreatain Bheag.,
Conservative Party,
Fianna Fáil,
Fine Gael,
Lucht Oibre,
Plaid Cymru,
Sinn Féin,
Stádas teanga
Subscribe to:
Posts (Atom)