Thursday, July 19, 2012

Ag cothú na todhchaí!

Seo an caint a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, chuigh Scoil Samhraidh i gCeatharleach ar an 13ú lá Iúil 2012.

A dhaoine uaisle, is mór an onóir agus an phribhléid dom cuireadh a fháil a bheith libh anseo i gCeatharlach le labhairt libh ar an ócáid seo agus an Scoil Samhraidh seo a sheoladh go hoifigiúil.

Ba mhaith liom, ar dtús, buíochas a ghlacadh le Fondúireacht na Gaeilge, leis an Mheitheal Straitéise, Taighde agus Tionscnaimh, agus leis na páirtithe eile a bhfuil baint acu leis an bhfóram díospóireachta seo – Conradh na Gaeilge, Coiscéim agus Gael Linn.

Ní dócha go bhféadfadh téama níos oiriúnaí ná níos tráthúla a bheith agaibh faoi láthair: “Ag cothú na todhchaí: Forbairt na tíre agus na teanga”. Tráth a bhfuil ceisteanna móra faoinár bhflaitheas eacnamaíoch agus airgeadais, ag am a bhfuil méid áirithe ísle brí le brath ina measc siúd ar cás leo todhchaí na teanga, tá sé tráthúil go mbeadh an dá théama sin – tír agus teanga – á gceangal le chéile anseo ag an bhfóram díospóireachta.

Agus le tuilleadh a chur leis an duairceas, an lag trá agus an lagmhisneach a bhaineann le cúrsaí na tíre agus na teanga, nach tráthúil fós gur ar Aoine an 13ú atá an Scoil Samhraidh seo á seoladh! Tá súil agam nach bhfuil aon duine inár measc piseogach. Ar eagla go mbeadh, ní dhéanfaidh mé aon tagairt mórán don snag breac aonair sin a chonaic mé le hais an bhóthair agus mé ag fágáil Chonamara ar ball, ná tagairt ar bith do shiúl faoi dhréimirí nó scátháin a bheith á mbriseadh. Tá ár ndóthain den mhí-ádh, den imní agus den ísle brí inár measc faoi láthair gan tuilleadh a tharraingt orainn féin!

Cé a chreidfeadh dornán beag gairid de blianta ó shin nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr réime, lánfhostaíocht i ngach áit, airgead fairsing agus an saol ar a mian ag cuid mhór den phobal, go bhféadfadh sé tarlú chomh gasta sin go mbeimis san áit a bhfuil muid inniu, le pócaí folmha agus cloigeann tinn, ag brath ar chineáltas na strainséirí…the kindness of strangers…. san IMF, san EU agus san ECB. Agus sa phróiseas sin, nuair a shleamhnaigh muid ó bheith ar mhuin na muice go híochtar neide, chaill muid sciar tábhachtach den fhlaitheas sin a baineadh amach le cruatan, le hanró agus le dua.

Ní ábhar iontais ar bith é, mar sin, go mbeadh brat dorcha an éadochais ag luí go trom orainn, go mbeadh easpa meanman agus misnigh orainn, go mbeimis ar bheag-uchtach agus faoi scamall na héiginnteachta. Mheas muid go bhfaca muid ar feadh seala meascán idir Tír na nÓg agus an Tír Tairngire – the Promised Land – an fearann sin a bhí ‘a sruthadh le bainne agus le mil.’ Agus anois, tá muid ar ais ar ár leataobh agus in áit na leathphingine. Dá mbeadh leathphingin againn.

Tá mé lánchinnte go mbeidh léargas an-suimiúil le fáil sa bhfóram díospóireachta seo anocht agus amárach ar na cúiseanna gur tharla an ghéarchéim mhór náisiúnta agus dhomhanda seo, ach níos tábhachtaí fós, go mbeidh smaointe le cloisteáil faoin mbealach le muid a chur ar ais ar an machaire mín arís. Tá agus beidh na saineolaithe anseo ón saol acadúil agus ó réimse na meán cumarsáide, ón Cheathrú Rua go San Sebastian na Spáinne, ón Bhruiséil go hIndiana, ó sheomraí nuachta an Irish Times go seomraí cumhachta an Bhainc Cheannais. Feictear dom féin go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh ceisteanna casta eacnamaíocha agus airgeadais á bplé trí Ghaeilge mura mbeadh ann ach le cruthú gur féidir leis an seanteanga ársa seo dul i ngleic go cruinn agus go cumasach le castacht agus le caolchúis na n-argóintí faoin ábhar nua-aimseartha, dúshlánach seo.

Beidh, ar ndóigh, dearcadh á léiriú freisin ar ghnéithe de staid reatha na Gaeilge agus beidh an ceangal idir forbairt na tíre agus na teanga á mheas agus á scrúdú.

Mhair an teanga tré chruatan agus dearóil
Maidir leis an teanga agus an ghéarchéim eacnamaíochta, tá a fhios againn an méid seo: mhair an Ghaeilge trí bhlianta crua agus dearóile roimhe seo, trí ghorta agus cogaí, trí cheannas eachtrach agus trí chúlú geilleagrach, trí thrioblóidí agus éigeandáil. Ní amháin go maireann sí mar rogha theanga ag sciar den phobal i gcoitinne ar fud na tíre ach maireann sí mar theanga bheo phobail i limistéir áirithe Ghaeltachta – curtha ar aghaidh gan bhriseadh ó ghlúin go glúin le thart ar 2,000 bliain.

Ba dhona an mhaise é a cheapadh go dtiocfadh briseadh anois ar shlabhra sin na staire agus is orainne mar phobal agus ar an Stát a thiteann sé a chinntiú nach dtarlóidh sé sin. An nasc teanga sin a shíneann siar isteach sna cianta, b’fhurasta an rud go ligfí dó briseadh ach ba thruamhéalach an toradh a bheadh ar an gcliseadh sin.

Is cinnte gur thubaisteach an beart é dá ligfí don teanga bás a fháil anois. B’uafásach an rud é dá ligfí ar lár an saibhreas seanchais, an tsaíocht agus an cultúr atá i dtaisce inti. Ba bhoichte mar náisiún agus mar phobal muid dá héagmais. Cuid dár n-oidhreacht í an teanga agus cuid d’oidhreacht an domhain mhóir í. Níor cheart dúinn scaoileadh go furasta le gné chomh lárnach sin dár ndúchas.

Leagmhisneach na nEagras
Mar a dúirt mé ar ball, ní ábhar iontais ar bith é go mbeadh muid mar phobal sa tír seo in ísle brí faoi láthair de bharr an chliseadh eacnamaíoch agus baincéireachta. Tá an imní agus an éiginnteacht scaipthe go forleathan agus is beag cúinne nó earnáil nach mbraitheann gaoth fhuar, fheannta an chiorraithe ag bagairt orthu. Tá sin le brath go láidir agus go leanúnach le tamall anois ina measc siúd atá gafa le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Go deimhin, ní dóigh liom go bhfaca mé oiread lagmhisnigh nó easpa muiníne riamh roimhe seo i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá ann faoi láthair. Tá Bille nua Gaeltacht a stiúradh trí Thithe an Oireachtais le mí anuas agus mar a dúirt mé in agallamh nuachtáin an tseachtain seo caite ní cosúil go bhfuil an fháilte atá a cur roimh an mBille nua sin, go dtí seo ar aon nós, ag baint aon mhacalla as cnoic agus beanna na Gaeltachta agus is cúis imní é sin mar nach féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

Ní raibh staid na teanga mar theanga bheo phobail chomh leochaileach riamh is atá anois sa Ghaeltacht. Níl aon cheist ach go mairfidh an teanga sa Ghaeltacht agus níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deiridh. Ach is ceist eile ar fad í an mairfidh sí mar theanga bheo phobail agus an mbeidh sí á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin gan bhriseadh gan bhearna? Chaithfeadh imní a bheith ort nuair a fheiceann tú an brú i dtreo an Bhéarla atá ag teacht ar aos óg na Gaeltachta, gan stad gan staonadh.

Agus lasmuigh den Ghaeltacht, ón méid atá á chloisteáil agam ó lucht ceannais na n-eagras Gaeilge, tá siad spíonta, tuirseach agus tromchroíoch tar éis dóibh a bheith sáite i maorlathas agus iad ag plé le blianta le díospóireacht gan tairbhe faoi shamhail nua maoinithe gan mhaith, gan toradh. Tá a gcuid ama agus fuinnimh suaite ag an mhóriarracht seo agus an fócas iomlán air sin seachas ar an obair ar cheart agus ar mhaith leo a bheith ina bun. Tá siad imníoch anois go bhfuiltear le dul ag lorg samhail úrnua maoinithe [mark 2] agus gan aon dóchas acu go mbeidh toradh níos fearr ar an bpróiseas sin ná mar a bhí ar an gcéanna atá caite ar leataobh anois.

Má deir tú leo misneach a bheith acu, go bhfuil Straitéis 20 Bliain anois ann, cuirfear ceist ort céard iad na céimeanna dearfacha, praiticiúla chun leas na teanga atá tógtha agus curtha i bhfeidhm ó foilsíodh an Straitéis sin nó de thoradh na Straitéise sin?

Comharthaí dearfacha
Os a choinne seo ar fad, tá comharthaí dearfacha go maith ann maidir le húsáid na teanga sa tír faoi láthair. Léirigh staitisticí ón daonáireamh deiridh go raibh méadú 7% ón daonáireamh roimhe sin ar líon na ndaoine sa tír a dúirt go raibh Gaeilge acu. Bhí méadú 7% ar líon na ndaoine lasmuigh den chóras oideachais a dúirt gur úsáid siad an teanga go laethúil. Tháinig méadú 3% ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a dúirt gur úsáid siad an teanga go laethúil, lasmuigh den chóras oideachais.

Claonadh dearfach agus dea-scéala atá sna staitisticí sin. Tá cuid mhór den phobal i gcoitinne ar son chaomhnú agus chur chun cinn na teanga agus tá sin léirithe go soiléir i dtaighde agus i suirbhéanna éagsúla in imeacht na mblianta. Léirigh staidéar a rinne Ollscoil na hÉireann, Má Nuad roinnt bheag blianta ó shin go raibh 93% den phobal ar son chaomhnú nó chur chun cinn na Gaeilge agus bhí níos lú ná 7% glan ina coinne.

Tacaíocht ón Stáit
Níl aon amhras orm ach go bhfuil bearna shuntasach idir mianta an phobail i leith na teanga agus iarracht an státchórais féin i leith na teanga.

Glactar leis nach mairfidh an Ghaeilge mar rogha theanga an phobail sa Ghaeltacht mura bhfuil stádas ag an teanga agus í á húsáid i ngach gné de shaol na tíre, i dTithe an Oireachtais, sna cúirteanna, in obair laethúil na seirbhíse poiblí, i gcúrsaí gnó, creidimh agus spóirt, mar shampla. Agus ní mhairfidh sí sna réimsí sin den saol mura mbeidh pobail Ghaeltachta ann a bhfuil sí mar theanga bheo phobail acu. Tá an dá ghné sin fite fuaite ina chéile agus iad ag brath go hiomlán ar a chéile.

Creidim go bhfuil ceithre rud riachtanach d’fhorbairt na teanga:
 • Cumas teanga a thabhairt don phobal i gcoitinne, tríd an gcóras oideachais ar fud na tíre, agus ó dhúchas i gcás na Gaeltachta. Tá obair ollmhór le déanamh fós sa réimse sin. 
 • Is gá deis úsáide a sholáthar, áit agus spás a chruthú don teanga i ngach cuid agus i ngach gné de shaol na tíre, i gcúrsaí gnó agus eacnamaíocha, i gcúrsaí sóisialta agus spóirt, i gcúrsaí dlí, creidimh, riaracháin, pobail agus eile. 
• Teastaíonn ceannaireacht agus dea-shampla d’úsáid na teanga. Tá sin fíorthábhachtach go háirithe i measc an aosa óig. 
• Agus is gá cosaint a thabhairt don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. 

An dtarlóidh na rudaí sin tráth a bhfuil an geilleagar in ísle brí agus muid féin in ísle brí leis? Cuirfear an cheist an acmhainn dúinn caiteachas a dhéanamh ar na nithe seo nuair atá na pócaí folamh go maith? An freagra a bheadh agamsa ná an acmhainn dúinn gan an caiteachas riachtanach sin a dhéanamh? Cén sórt tíre a bheadh againn dá ligfimis dár n-oidhreacht chultúrtha atá mar chuid d’oidhreacht an domhain mhóir bás a fháil. Cén meas a bheadh orainn, nó níos tábhachtaí fós, cén meas a bheadh againn orainn féin dá scaoilfeadh muid le sruth gné chomh lárnach sin dár ndúchas?

Agus creidim go bhfuil sé rí-thábhachtach nach ngéillfeadh muide ar cás linn an teanga ársa seo ach go mbeadh misneach, muinín agus dóchas againne ar fad. Mar a dúirt mé níos luaithe, mhair sí trí bhlianta crua agus dearóile roimhe seo. Is cuma faoi dhorchadas na h-oíche reatha, tagann breacadh an lae arís i gcónaí le h-éirí na gréine .

Deis iontach í an Scoil Samhraidh seo le bheith “ag cothú na todhchaí...ag forbairt na tíre agus na teanga” agus leis na ceisteanna a eascraíonn as sin a phlé. Molaim lucht eagraithe na hócáide agus na cainteoirí ar fad a bhfuil dua curtha acu orthu féin ag ullmhú a gcuid smaointe le cur inár láthair anseo. Tá súil agam go mbainfidh sibh ar fad tairbhe agus taitneamh as imeachtaí an deireadh seachtaine agus is mór an phribhléid dom a fhógairt anois go bhfuil an Scoil Samhraidh seo seolta go hoifigiúil anois. Go raibh maith agaibh ar fad.

No comments:

Post a Comment