Tuesday, June 4, 2013

Mí-ionracas nach spreagann dóchas! Teip eile!


“Mí-ionracas” curtha i leith dara scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim

Tagann dara scéim teanga de chuid Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm ar an 4ú lá Meitheamh 2013. Nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm os cionn deich mbliana ó shin, ba chuid lárnach den acht iad scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí a leag amach gealltanais i leith seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

Tá amhras léirithe ag an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, maidir le cur i bhfeidhm agus riaradh na scéimeanna teanga go dtí seo, agus ní thugann an scéim nua seo de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim aon chúis dóchais don Chomhdháil.

I mí Aibreáin na bliana seo, tharraing Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge aird an phobail ar scéim teanga úr na Roinne Oideachais agus Scileanna ag léiriú ní hamháin nár thóg an dara scéim ar na gealltanais a bhí leagtha amach sa chéad scéim, ach gur cuireadh ar neamhní cuid de na gealltanais a bhain le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge don phobal.

Ach oiread le scéim teanga na Roinne Oideachais agus Scileanna, chuaigh céad scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim in éag sa bhliain 2008, agus thóg sé go dtí anois, cúig bliana níos déanaí don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dara scéim a dhaingniú.

Arís, ach oiread le scéim teanga na Roinne Oideachais agus Scileanna, léirítear go bhfuil easpa tiomantas ón státchóras i gcoitinne do chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ag teacht chun cinn nuair atá frásaí ar nós “Mar a cheadaíonn acmhainní” agus “ar choinníoll go bhfuil acmhainní ar fáil” scríofa tar éis mórchuid na ngealltanas.

Is iomaí leithscéal atá le léamh idir na línte sa cháipéis a dhéanann cur síos ar an scéim úr. Maidir leis an suíomh idirlín, tugtar le fios sa scéim úr: “Nuair nach bhfuil ábhar Gaeilge ar fáil, cuirfear nasc don ábhar Béarla ar fáil, i dteannta le míniú cuí don chustaiméir. Cuirfidh an nasc seo in iúl go bhfuil an leathanach ceann scríbe i mBéarla amháin”. Ní thugtar le fios, céard is “míniú cuí” ann, nó conas a mbeidh a fhios ag an bpobal cén chuid den suíomh ar cheart a bheith i nGaeilge nó cén chuid ar cheart a bheith i mBéarla amháin.

Leanann an dara scéim le gealltanais na chéad scéime, go gcuirfear 20% de phreasráitis ar fáil go dátheangach go comhuaineach ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí. Tugtar le fios sa scéim freisin go mbeidh ar a laghad fógra amháin Gaeilge ann do gach deich bhfógra Béarla foilsithe in aon fheachtas de chuid na gCoimisinéirí.

Sa scéim úr, liostáiltear 30 foilseachán agus leagtar síos an sprioc go mbeidh na foilseacháin seo ar fáil ar líne nó le priontáil i nGaeilge nó i bhformáid dhátheangach roimh dheireadh na Scéime sa bhliain 2016.

Dar le Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, go bhfuil scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim “mí-ionraic” agus deir sé go dtéann an scéim “go hiomlán i gcoinne spiorad an Achta”. Dar le De Barra go bhfuil “oiread bealaí éalaithe sníofa isteach sa téacs go mbaintear go hiomlán de chumhacht an Choimisinéara Teanga chun géilliúlacht na scéime a chinntiú. I gcás na sprice chun 30 foirm trí Ghaeilge a sholáthar roimh 2016, tá tuairim is 80% díobh sin ar fáil cheana féin, agus tá sé mí-ionraic a bheith ag leagan síos mar sprioc i scéim nua obair atá curtha i gcrích cheana féin”.

No comments:

Post a Comment