Is minic a caithtear anuas ar ghluaiseacht na Gaeilge. Táid ró-choimeadach, táid scaoilte ón nGaeltacht, ón "ghnáth-duine" agus eile.
An réabhlóid deireannach |
Léigh mé leabhair ag duine de na "fáithe" seo Seth Godin roinnt bhliain ó shin agus scríobh mé faoin i mblag i mBéarla timpeall trí bhliain ó shin. I rith na seachtaine seo caite bhí cruinniú mór ag dream Hubspot (Béarla), a d'oscail a oifig Eorpach in Éirinn le déanaí, i mBoston. Bhí thart ar 5000 i láthair agus níos mó ná míle eile á leanúint ar twitter (Béarla don chuid is mó!).
Scríobh cara liom, Jon DiPietro, píosa ar a bhlág faoi (Béarla) agus is fiú é a léamh chun miniú a thabhairt ar an bparaidím nua seo, "marcaíocht isteach!" Chuireann sé nuacht litir gearr amach gach seachtain ag miniú cad tá ag tárlúint agus na haithruithe atá ag teacht ar chúrsaí margaíochta le seirbhís a thabhairt don sochaí leis an dearcadh nua seo. Tá an coinceap nua seo níos saoire ná na sean bealaí (fógraíocht, ag ceannach liostaí ainmneacha, 7rl) agus ag tabhairt ábhair luachmhara a mhealann daoine chugat. Cé go bhfuil sé níos saoire tá níos mó oibre le déanamh, ach obair difriúil ar fad. Mar a dúirt duine i leabhair Ghodin: "...Ní mór dúinn cuile rud inár ngluaiseacht, ár mbunchuspóir, ár structúr, ár mbealach le cinneadh a dhéanamh, a athrú ó bun go barr..."
Ait go leor tá an cinneadh a rinne Foras na Gaeilge faoi Ghaelscéal bunaithe i bpáirt ar an smaoineamh seo ach go ndearnadh go h-aimitéarach é. Déarfainn go raibh sé bunaithe ar míthuiscint, nó, níos measa fós, leath thuiscint, ar an dteoiric seo. Bhíodar cosúil le George Bush ag dul isteach go dtí an Iarác. Nuair a bhí an gníomh déanta ní raibh tuairim aige cad a bhí le déanamh ansin!
Tá réabhlóid ag tarlúint i measc an cine daona, reabhlóid níos cuimsithí ná aireagán an chlóphreasa, agus muna dtuitear sin tá deireadh linn?
No comments:
Post a Comment