Thursday, November 13, 2014

Níl "aon dualgas reachtúil teanga ar an Údarás ná ar an tSeirbhís" Cheadúnais Tiomána!

Tá na hAirí, agus gach Aire ó 2006, ina suí ar an rud seo ó 2006. An mbeidh sé deanta roimh 2016? 
Ina suí ar a dtóineacha bhreá Gaelacha?
Tá an ceadúnas tiomána beacnach as dáta agam agus thosigh mé ag iarraidh fháil amach faoin nós nua atá fógratha len é a athnuachán. Rinne mé "Ceadúnas Tiomána" a fháil tré Google agus cé go raibh suíomh deas ag Comhairle Chontae Chorcaí ba léir go raibh sé as dáta.

Ansin cas mé ar an Bhéarla, (teanga oifigiúil an Rialtas?). Bhí roinnt suíomhanna le fáil ach bhíodar as dáta nó ní raibh an leathannach le fáil. Faoi dheiread d'aimsigh mé an suíomh ag Údarás um Shabháltacht ar Bhoithre (Béarla). Tá cnaipe "Gaeilge" agus brú mé air le dóchas! Ach, mo léan, cé go bhfuil na cinn línte i nGaeilge is i mBéarla chuile rud eile. Rinne mé iarracht a fháil amach conas teangabháil a dhéanamh leo agus arís muna bhfuil Béarla ag duine - agus fiú le Béarla - tá sé an-deachair a fháil amach cén áit ar cheart gearán a dhéanamh. Ach bhí nasc "As Gaeilge" i measc na nascanna go léir, léim mo chroí le h-áthas ach an scéal céanna atá ann agus atá ag an-chuid eagraíochtaí stáit. D'athrigh na cinn-litreacha ar ais chuig an Bhéarla ach bhí píosa beag i nGaeilge.

Seo a bhí scríofa:

As Gaeilge

Cuirfeadh an tÚdarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.


Aithnímid go bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag roinnt dár gcustaiméirí agus is mian linn déileáil leo in ár gcéad teanga. Déanfaimid bileoga agus leabhráin a chur ar fail i nGaeilge; beidh tú ábalta iarratas a dhéanamh ar thástáil tiomána i nGaeilge agus cuirfeadh muid an tástáil tiomána i gcrích i nGaeilge de réir mar is gá.

Tabharfaimid freagra duit i nGaeilge má scríobhann tú chugainn i nGaeilge agus labhairoidh muid leat i nGaeilge más mian leat labhairt le ball den fhoireann i nGaeilge.

Beidh leagan den láithreán gréasáin seo ar fáil i nGaeilge in achar ghearr.

Is dócha gur cóir dúinn a bheith buíoch nach i gcló Iodálach atá sep scríofa!

Bhí fadhb agam agus chinn mé ar scríobh chuig an Coimisinéir Teanga mar mheas mé go raibh  an cumhacht aige mar "Tá dualgas reachtúil ar gach comhlacht poiblí atá ainmnithe faoin Acht feidhmiú de réir na Rialachán atá déanta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi alt 9(1) den Acht."

Scríobh mé chuig a oifig le muinín agus iontaoibh agus ar ndóigh, le fearg áirithe.

"....Beidh orm ceadúnas tiomána a athnúachain go luath agus rinne mé iarracht eolas faoin gcóras nua a fháil ar líne uatha ach níl ach fíor bheagán Gaeilge ar an suíomh acu agus fiú má bhrútar ar an cnaipe “Gaeilge” tá an mion-eolas go léir i mBéarla...

...Níl mise sásta géileadh den short seo rud. Ní raibh aon fhadhb agam-sa roimhe seo ag fáil athnúcháin ar mo cheadúnas ach anois níl sé chomh simplí má tá duine ag iarraidh a chuid ghnó a dhéanamh sa teanga náisiúnta. 

Rinne me mo theastais i nGaeilge fadó agus ní dhearna aon ghnó leo i mBearla ó shin. Ach anois táid ag brú Béarla orm..."

Mar is gnáth fuair mé freagra beacht ón oifig go pras. Ach ní ró-shásta a bhí mé leis an méid a bhí le rá ann.

"..Go raibh maith agat as teagmháil a dhéanamh linn maidir le deacrachtaí atá agat seirbhís i nGaeilge a fháil ón tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS).

Tuigtear dúinn go bhfuil an tSeirbhís seo á fheidhmiú ar bhonn chonradh thar ceann an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Cé gur comhlacht poiblí é an tÚdarás, níor thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla é ó bunaíodh é i Meán Fómhair 2006 – go deimhin, níl liosta na gcomhlachtaí nuashonraithe ag an Aire ó Bhealtaine na bliana sin. Tá sé seo curtha ar súile na Roinne againn ar bhonn rialta. Tuigimid go bhfuil sé beartaithe ag an Roinn go ndéanfar gach comhlacht poiblí a thabhairt faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch trí leasú a dhéanamh ar an Acht, agus níl sin déanta fós. Ciallaíonn seo nach bhfuil aon dualgas reachtúil teanga ar an Údarás ná ar an tSeirbhís, agus nach bhfuil aon chumhacht nó údarás ag an Oifig seo teagmháil a dhéanamh leo ina leith....." 

Ocht mbliaina!

Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin ina ráiteas deireannach roimh éirí mar Coimisinéir Teanga, as dó,  “… más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga!” 

Tá na hAirí, agus gach Aire ó 2006, ina suí ar an rud seo ó 2006. An mbeidh sé deanta roimh 2016? 



4 comments:

  1. DONATION!
    Dia duit, tá dea-scéal an phobail i gcoitinne tar éis teacht chugat.
    Is é mo ainm Mavis Wanczyk, buaiteoir an phóta cumhachta liathróid $ 758.7
    milliún ar Lúnasa 2017. Chinn mé féin agus mo theaghlach $ 5 a thabhairt
    milliún ($ 5,000,000.00) le daoine ádh ar fud an domhain mar ár mbealach féin chun cuidiú leis an domhan a athrú go maith. Déan teagmháil thíos
    Ríomhphost: maviswanczyk1964@gmail.com le haghaidh eolais / éileamh.

    Leanúint ar aghaidh ag léamh:
    http://Money.cnn.com/2017/08/23/News/Powerball-700-Million-Jackpot/Index.html

    Gach ceann is fearr,
    Teagmháil Ríomhphost: maviswanczyk1964@gmail.com

    ReplyDelete
  2. Dia duit gach duine, ní am díospóide é seo, is tráth é chun athaontú le grá. má theastaíonn cúnamh caidrimh uait déan teagmháil leis an Dr Obodo vai info ___ Templeofanswer@hotmail.co.uk ___ +234 8155 42548-1 cabhraíonn sé le mo bf a fháil ar ais laistigh de 48 uair !!! Faireann Lisburn Ireland.

    ReplyDelete
  3. Ceannaigh Ceadúnas Tiomána Cláraithe Ar Líne,
    Nuair is Féidir Liom Ceadúnas Tiomána a Cheannach ar líne, (DL)

    https://buyregistereddocuments.com/
    Comhrá ar WhatsApp le +380 66 459 0738
    R-phost Teagmhála: Meghangen834@gmail.com

    ceannaigh ceadúnas tiomána cláraithe ar líne,
    Ceannaigh Ceadúnas Tiomána na hOstaire Ar Líne,
    Ceannaigh Ceadúnas Tiomána Queensland Ar Líne,
    Ceannaigh Ceadúnas Tiomána Victoria Astráil Ar Líne,
    Ceannaigh Ceadúnas Tiomána Éireann Ar Líne,
    Ceannaigh Ceadúnas Tiomána na hIodáile Ar Líne,
    Ceannaigh Espana | Ceadúnas Tiomána na Spáinne Ar Líne,
    Ceannaigh Ceadúnas Tiomána na Cipire Ar Líne,
    Ceannaigh Ceadúnas Tiomána Québec Ceanada Ar Líne,
    Ceannaigh Ontario Canada License License Online,
    Ceannaigh Ceadúnas Tiomána na Gearmáine Ar Líne,
    Ceannaigh Ceadúnas Tiomána na Ríochta Aontaithe Ar Líne,

    Buy registered driver license online


    Australia Driver's License



    Czech Republic Driver License



    Austria Driver License



    Australia Driver License



    Ireland Driver License



    Buy Italy Driver License online



    Buy Espana | Spain Driver License online



    Buy Cyprus Driver License online



    Buy Quebec Canada Driver License online



    Buy Ontario Canada Driver License online



    Buy Germany Driver License online



    Buy United Kingdom Driver License online



    Buy Lithuania Driver License online



    Buy Finland Driver License online



    Buy Czech Republic Driver License online



    Buy Estonia Driver License online



    Buy Sweden Driver License Online ,



    Buy Azerbaijan Driver License online



    Buy Armenia Driver License online



    Buy Ukraine Driver License online

    ReplyDelete
  4. Beannachtaí do chách, is mise Bean Ezra Siobhan Tá fianaise inláimhsithe agam ar conas a fuair mé iasacht ar líne do mo thionscadal. Is múinteoir Gaeilge mé a fuair mé 50,000.00 EURO ar iasacht ó bhean Dé darbh ainm Mrs Shannon Waylen. Thairg sí iasacht dom ag ráta úis 3% agus fuair mé m'iasacht i níos lú ná 5 lá oibre, má tá iasacht de chineál ar bith ag teastáil uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost: {shannonwaylenloancenter@yandex.com} Más gá go mbeadh a fhios agat go bhfuil sí. fíor agus iontaofa

    ReplyDelete