D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe le déanaí. Tá na moltaí déanta ag an gCoimisinéir sa tuairisc leis an Acht a láidriú ciallmhar, loighciúil agus infheidhmithe. Is é an Coimisinéir an duine is mó ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Achta agus ba chóir don Rialtas glacadh go fonnmhar lena chuid moltaí mar sin in aon athbhreithniú ar an Acht.
![]() |
Donnchadh Ó hAodha |
- Go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile
- Chun tabhairt faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo, go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla
- Go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal.
Tá Conradh na Gaeilge ag lorg tacaíocht na n-ionadaithe poiblí do mholtaí an Choimisinéara Teanga chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú agus chun aon athrú ar an Acht a chur ar athlá go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar an Acht mar a gealladh i gclár an Rialtais.
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge: Fáilte roimh “mholtaí praiticiúla ciallmhara!”
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu i dtaca le hAthbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tagann an t-athbhreithniú ar an Acht seo leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí i gcoitinne, agus tá sé mar mhír ar Chlár an Rialtais 2011-2016.
Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde. Faoin Acht cuirtear dualgas reachtúil ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar ‘scéim’ a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist.
Tharraing an Chomhdháil aird in 2009 ar dheacrachtaí a bhain le comhlachtaí poiblí a bhí ag tarraingt na gcos maidir le daingniú na scéimeanna reachtúla faoin Acht. Is léir ó thuairisc reatha an Choimisinéara go bhfuil deacrachtaí leanúnacha ag teacht chun solais maidir le feidhmiú na scéimeanna sin toisc an mhoill a bhaineann le daingniú scéimeanna teanga. Is gá breathnú go géar ar bhealaí nua chun aidhmeanna an Achta a chomhlíonadh, lena n-áirítear rangú ar chomhlachtaí poiblí mar atá molta ag an gCoimisinéir Teanga.
Is ábhar dóchais é don Chomhdháil go bhfuil forálacha an Achta a bhaineann le cumarsáid i nGaeilge agus na rialacháin a bhaineann le húsáid na dteangacha oifigiúla i stáiseanóireacht agus i gcomharthaíocht na n-eagras stáit á gcur i bhfeidhm go héifeachtach.
Ábhar díomá é áfach don Chomhdháil gurbh gá don Choimisinéir Teanga dhá thuarascáil speisialta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais le déanaí maidir le cásanna inar theip ar Chomhlachtaí Poiblí moltaí an Choimisinéara a chur i bhfeidhm tar éis dóibh a ndualgais reachtúla teanga a shárú.
![]() |
Kevin De Barra |
No comments:
Post a Comment