Monday, February 4, 2013

Ráiteas ón gcruinniú!

Bhí ionadaíocht láidir ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i láthair ag cruinniú arna eagrú ag Conradh na Gaeilge san Óstán Menlo, Gaillimh Dé hAoine (01 Feabhra 2013), ollchruinniú ónar eascair éileamh chun struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun chun a chinntiú go n-aithnítear pobal na teanga mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain donGhaeilge.

 


Julian de Spáin,
ÁrdRúnai CnaG ag
an gCruinniú
Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá ról ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí a thagann ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach níl aon ról nó ionadaíocht ag an bpobal sa struchtúr reatha a ghlacann na cinntí féin.
"Is mór an difear atá idir comhairliúchán agus ionchur coincréiteach sna cinntí a ghlactar: ní leor dul i mbun comhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mura bhfuil ionadaíocht ag an bpobal sin ar an mbord a dhéanann na cinntí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise."
Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra, agus tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna á lorg ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
"Níl aon chuid den struchtúr reatha chun An Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm a aithníonn ríthábhacht ionchur an phobail agus a chinnteoidh go mbeidh an Straitéis curtha i bhfeidhm ón mbun aníos. Dá réir, níl pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an talamh á thabhairt san áireamh nuair atá cinntí tromchúiseacha, tábhachtacha á nglacadh agus is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil seilbh ar an Straitéis á cailliúint ag an bpobal."

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach, éifeachtúil i gceist ón mbun aníos. Thiocfadh leis an Aonad Pleanála teacht roimh fhadhbanna trí aontas a fháil ar cheisteanna móra a bheidh tionchar acu ar an bpobal, áit a chuirfeadh na coistí idir-rannacha tuairiscí os comhair an Aonaid Phleanála agus dhéanfaí cinntí ansin, a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh nó le diúltú leo.

Léirigh an cruinniú gur cúis mhór imní í i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cinneadh a ghlac An Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)(Béarla).

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is ionann an cinneadh seo chun COGG a chur faoin CNCM agus ionsaí eile ar institiúidí Gaeilge a bhfuil an-mhuinín ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta astu, ach creideann Conradh na Gaeilge go láidir nach mbeadh an oiread sin fadhbanna le hAcht na Gaeltachta, le haistriú Oifig an Choimisinéara Teanga, le haistriú COGG agus eile más rud é gur pléadh agus gur aontaíodh na cinntí seo roimh ré, le tuairimí na n-údarás agus an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta araon san áireamh.

"Tá ag teipeadh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mórán tionchar a imirt ar an bpobal toisc nach bhfuil ceannasaíocht ná úinéireacht ag an bpobal Gaeilge agus Gaeltachta ar a cur i bhfeidhm; níl ionadaíocht ag an bpobal ar na boird a dhéanann na cinntí maidir leis an reachtaíocht teanga agus dá réir, níl an saineolas ná taithí an phobail ar an talamh ag baint le cinntí an Rialtais chun na húdaráis a threorú sa treo ceart chun an Ghaeilge a chothú mar is cóir."

Bhí aontas sa chruinniú go gcaithfear an bearna idir an pobal agus an chumhacht a dhúnadh maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus chuige seo, bhí an cruinniú ag éileamh go n-aithneofar an pobal Gaeilge agus Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise; go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile; agus go n-éascódh an struchtúr riachtanach ardleibhéal seo an chumarsáid agus an comhoibriú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.

• Seo tuairisc ar ó Gaelscéal


Fuarathas amach faoi chinneadh Fhoras na Gaeilge i leith maoiniú Ghaelscéal díreach nuair a bhí an cruinniú thart. 
Mas mian leat i féidir cabhrú leis an bhfeachtas trén aiciní seo a shiniú!






No comments:

Post a Comment