Sinigh an aiciní |
Go déanach tráthnóna inné bhí teachtaireacht ar an gcóras giolcaireachta, twitter, le nasc chuig blag Scott de Buitléir, go raibh litir faighte ag bainistíocht an nuachtáin Gaelscéal, ó Fhóras na Gaeilge go rabhadar chun an maoiniú a stopadh.
Dár le Foras na Gaeltachta “go bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid na meáin clóite agus tá pleananna á gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.”
Ait go leor bhí an argóint céanna á dhéanamh ag lucht "Lá Nua" timpeall cúig nó sé bliain ó shin. D'fhéach an dearcadh sin mar rud nua agus réabhlóideach i súile caomhach lucht Fhorais na Gaeilge ag an am. Anois tá siad ag teacht mar cineál Oisín i ndiaidh na Féinne. Ach in ionad a bheith á dhéanamh go proifisiúnta dúnann siad an rud atá acu nuair nach bhfuil aon rud acu le chuir ina áit mar "tá pleananna á gcur le chéile" acu. Gan aon amhras mar a dúirt duine ar an Raidío aréir tá raon an amaitéarachas ar an gcinneadh.
Tá sé spéisiúil gur fógraíodh an cinneadh seo dhá lá ó fhoilsigh Gaelscéal scéal eisiach faoi imeaglú atá á imirt ar bhaill Guth na Gaeltachta i dTír Chonaill. Ach bíodh sin mar atá.
Chualathas faoin gcinneadh i nGaillimh agus cruinniú faoi pholasaí (nó easpa pholasaí?) an Rialtais i leith na Gaeilge. Deireadh éifeachtach le COGG agus athsealbhú ar an Straitéis 30 Bliain a bhí á bplé agus léiríodh an-chuid fearg, imní agus díomá i leith easpa díograise an Stáit faoi rud ar bith a bhain leis an Gaeilge nó leis an nGaeltacht.
Is buille fealltach tubaisteach d'aon teanga nuachtán sa teanga sin a dhúnadh.
Sa chás seo tá feall breise i gceist mar go bhfuil deireadh aontaobhach á chur ag Foras na Gaeilge leis an gconradh le Gaelscéal, roimh dheireadh oifigiúil thréimhse an chonartha, sin deireadh 2013.
Más seirbhís nuachta ar líne atá i gceist, ba cheart an deis a thabhairt do Ghaelscéal an seirbhís seo a chur ar fáil go deireadh 2013 agus comórtas phoiblí a ullmhú san idirlín le nach mbeadh son bhriseadh ann ar an solathar do phobal na Gaeilge.
Tá achainí á eagrú ag Concubhar Ó Liatháin, iar eagarthóir Lá, iriseoir ilghníomhach agus blagaire (féach ar a bhlag inniú: "Cinneadh Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le Gaelscéal – ceisteanna gan freagraí"), le chuir ós comhair na húdaráis a cheap bhaill Fhoras na Gaeilge, Rialtais na hÉireann agus na Breataine. Is fiú go mór é a shiniú.
An scéal i Nuacht24: Deireadh le Gaelscéal (1/2/2013 agus níos deanaí Freagra ar phreas-ráiteas Fhoras na Gaeilge i leith Ghaelscéal (2/2/2012) Preas ráiteas an Fhorais faoi chonradh Ghaelscéal (4/2/2013) Cad faoi Foras na Gaeilge a ghearradh siar go dtí an gas? (Gearóid Ó Cairealláin Nuacht 24 25/2/2013) Feallscéal Gaelsceál: an bhfuil stráitéis ag an bhForas? ag blag Aonghus Ó hAlmhain (3/2/2012)
Féach ar na blaganna seo as Béarla chomh maith! The Dictatorship of Fear (The Hidden Ireland, 31/1/2013)< The End of Gaelscéal (An Sionnach Fionn, 2/2/2013) The Erosion Of Irish-Language Journalism (An Sionnach Fionn4/2/2013)
No comments:
Post a Comment