Saturday, May 11, 2013

Fás na Gaelscolaíochta?


Céim eile ar chúl i leith Gaelscolaíochta beartaithe ag an Rialtas!

Caithfidh an Rialtas seo deimhniú go bhfuil dothain tacaíocht agus acmhainní ar fáil don Oideachas lán-Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil freastal cuí dhá dhéanamh ar an éilimh d'Oideachas lán-Ghaeilge, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Bhí urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag tagairt do dhá thuairisc a scrúdaíonn na seansanna go mbeadh scoláirí ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal, nó ag titim amach as an gcóras oideachais, tuairiscí a léirionn go dtéann thart ar 57% de scoláirí ó Ghaelscoileanna ar aghaidh chuig an tríú leibhéal.

'Tá fás an earnáil oideachas lán-Ghaeilge i measc na scéalta is dearfaí ó thaobh oideachais di sa tír seo le roinnt mhaith blianta anuas. Táimid tar éis borradh mór a fheiceáil san earnáil seo agus tá sé sin tar éis cur go mór leis an méadú sa méid Gaeilgeoirí a áiríodh sa daonáireamh deireanach, le 1.66 milliún duine ag rá go bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt.


Tá go leor buntáistí oideachasúla ann ó thaobh na Gaeilge di freisin agus tá sé léirithe gur féidir leis an dátheangachas ó aois óg a bheith fíor thairbheach maidir leis an tríú nó ceathrú teanga a fhoghlaim freisin. Léiríonn torthaí na dtuairisc seo freisin go bhfuil an chaighdeán oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge fíor ard agus, ar an bhformhór, go bhfuil tar éis éirí go rí-mhaith leis an modh oideachasúil atá sna Gaelscoileanna.

Is mór an difríocht atá ann freisin idir na buntáistí oideachasúla a bhaineann le Gaelscolaíocht agus na buntáistí a bhaineann le scoileanna a ghearann táillí, a bhfuil foinsí ioncaim phríobháideacha i bhfad níos mó acu ná na gnáthscoileanna, chun caitheamh ar sheirbhísí níos fearr. Tá na Gaelscoileanna ag blathú, ar an mórchuid, mar go bhfuil modh éifeachtach oideachasúil acu agus chun an fhírinne a rá, in aineoinn an easpa tacaíocht ón Rialtas. Is fiú nótáil go bhfuil na Gaelscoileanna scaipthe go cothrom ar cheantair faoi bhuntáiste agus míbhuntáiste araon.

Tá an comhréir de scoileanna lán-Ghaeilge atá ag fanacht le cóiríocht nua i bhfad níos airde ná scoileanna eile, afach. Dar leis an scátheagraíocht Gaelscoileanna, ‘Tá géarchéim cóiríochta ins an earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair'.

Is deacair easaontú leis an méid atá le rá acu. Tá seasca fán gcéad de na scoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht shealadach. Tá seacht scoil ag fanacht le níos mó ná fiche bliain. Tá go leor acu i bhfoirgintí nach bhfuil oiriúnach le n-úsáid a thuilleadh agus cuireann sé seo bac ar fhás an oideachais trí mheán na Gaeilge.

Céim ar gcúl atá ann freisin an cinneadh chun oifigí an NCCA agus COGG a chomhlonnú, in aineoinn an bhéim mór atá in ainm is a bheith ann ar thábhacht COGG faoin Straitéis Fiche Bliain. Inár dtuairim, ba chóir don Aire an cinneadh seo a tharraingt siar agus ba chóir COGG a chuir ag feidhmiú mar shatailít don NCCA

Tá an Oideachas lán-Ghaeilge ag déanamh go maith, mar go bhfuil na scoileanna seo pobalbhunaithe agus toisc go bhfuil modh oideachasúil maith acu. Ach, chun leanúint ag fás, tá tacaíocht cuí de dhíth. Tá ar an Aire deighleáil leis an ngéarchéim cóiríochta san Oideachas lán-Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil go leor áiteanna ann le freastal ar an éileamh don Oideachas lán-Ghaeilge, rud nach bhfuil fíor faoi láthair."




No comments:

Post a Comment