Friday, July 26, 2013

Athréimniú na Tíre: Ag meabhrú ar Éirinn san 21ú aois idir Phobal & Theanga

Tionól Cruthaitheach ar Athréimniú na Tíre á eagrú sa Bhoirinn

Tá tionól cruthaitheach á eagrú ag an eagraíocht dheonach Teacht Aniar maidir le hathréimniú na tíre idir Phobal agus Ghaeilge.

‘Athréimniú na Tíre: Ag meabhrú ar Éirinn san 21ú aois idir Phobal agus Theanga’ a bheidh mar theideal ar an tionól seo a bheidh ar siúl sa Bhoireann, i gContae an Chláir ón 5-8 Meán Fómhair 2013.

Ceann Boirne
Tá i gceist go dtabharfaidh an Tionól seo deis tuiscintí nua agus féidearthachtaí nua a phlé agus rudaí nua a shamhlú don tír, agus don Ghaeilge san am atá le teacht. Glacfaidh rannpháirtithe ó earnálacha éagsúla i saol na tíre páirt sa tionól seo a reáchtálfar ar feadh trí lá i gceantar na Boirne, an tírdhreach is ársa in Éirinn, chun a dtaithí agus a smaointe a roinnt ar a chéile.

Deir Breandán Mac Cormaic, duine de Stiúrthóirí Teacht Aniar, “Is í bunaidhm an Tionóil go mbeadh dearcadh agus cumais éagsúla i láthair ar bhonn measa agus comhionannais. Cé nach féidir a bheith cinnte roimh ré céard iad na torthaí a eascróidh as cruinniú cruthaitheach den saghas seo, gach seans go mbeidh tionscnaimh nua ag teacht ar an saol agus freagracht á glacadh i gcur chun chinn na tíre agus na Gaeilge de bharr na hoibre seo”.

Tá an tionól oscailte do chách, ach tá líon na rannpháirtithe srianta do 60 duine agus mar sin is fiú d’áit a chur in áirithe go luath. Reáchtálfar an Tionól go príomha trí mheán na Gaeilge ach tabharfaidh siad siúd a bhfuil Gaeilge acu cabhair dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge nó nach bhfuil aon Ghaeilge acu agus beidh na héascaitheorí ag feidhmiú go dátheangach.

No comments:

Post a Comment