I measc rudaí eile beidh siad ag lorg daoine i ngach dáilcheantar i mBaile Átha Cliath leis na héilimh a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad.
Tathar ag súil le slua mór ann.
@CnaG #Togh16 #GE16
Seo nuacht agus eile ón iar-Ghaeltacht, áit atá ag teacht thar n-ais ina Ghaeltacht iomlán sar i bhfad!
Réamhrá Ba mhaith liom fáilte a chur romhaibh anseo inniu chuig ócáid seolta Thuarascáil Bhliantúil na hOifige don bhliain 2014. Is eol do chuid mhaith agaibh atá i láthair anseo inniu gur i mí Márta na bliana seo caite a ceapadh mé mar Choimisinéir Teanga i gcomharbacht ar Sheán Ó Cuirreáin. Thuig mé ón tús go raibh mé tar éis cúram dúshlánach a ghlacadh orm féin agus níor tharla aon ní le linn na bliana seo caite chun an méid sin a bhréagnú.
Cás cúirte Ba le linn na bliana a chuaigh thart a chinn an Ard-Chúirt diúltú d’achomharc a bhí déanta ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne cinneadh imscrúdaithe de chuid na hOifige. Bhain an t-achomharc cúirte leis an mbrí nó an léirmhíniú a bhí le baint as cuid áirithe den Acht nuair a dhéanann comhlacht poiblí cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne. Ba é seo an t-aon achomharc a rinneadh ar an mbeagnach céad imscrúdú atá seolta ag an Oifig. Ba mhór an sásamh dom gur aontaigh an Chúirt leis an mbrí a bhí m’Oifig a bhaint as an gcuid sin den Acht agus ciallaíonn sé go bhfuil fasach anois ann don todhchaí. (Tá sonraí an cháis le fáil ar lgh 49-54 de Thuarascáil Bhliantúil 2013. agus seo mar a chuir an Coimisinéir Teanga fáilte roimh cinneadh na hArd-Chuirte i bhfoirm pdf) Údaráis Áitiúla Lean muid orainn freisin ag déanamh faireacháin ar an mbealach a gcuireann comhlachtaí poiblí an tAcht i bhfeidhm. Dhírigh cuid mhaith den obair faireacháin seo ar na scéimeanna teanga atá aontaithe ag an Aire le comhlachtaí poiblí. Ach chomh maith leis sin scrúdaigh m’Oifig an bealach ina raibh údaráis áitiúla ag cur i bhfeidhm na rialachán atá déanta maidir le fógairtí taifeadta béil. Cé go bhfuil na rialacháin sin foilsithe ón mbliain 2008 agus an chuid sin a bhaineann le fógairtí taifeadta béil i bhfeidhm ó mhí Iúil 2013 léirigh an t-iniúchadh a rinne m’Oifig nach raibh ach 6% de na húdaráis áitiúla ag cloí go hiomlán leis an dualgas reachtúil atá leagtha orthu sa chás seo. Ba é seo an chéad uair a rinne m’Oifig scrúdú faoi leith ar an réimse seo seirbhíse agus léiríonn sé seo arís eile an tábhacht a bhaineann le monatóireacht a bheith á déanamh ar na dualgais reachtúla teanga atá leagtha ar chomhlachtaí poiblí. Tá muid anois ag déanamh ath-scrúdú ar na húdaráis áitiúla sin nach raibh ag cloí go sásúil leis na dualgais atá leagtha orthu. Oideachas Nuair a thug mé faoin bpost seo bliain ó shin thuig mé go raibh dualgas faoi leith orm cearta teanga an tsaoránaigh a chosaint agus dúirt mé freisin go raibh sé i gceist agam béim faoi leith a leagan ar chúrsaí oideachais. Tá cás faoi mo bhráid ó thosaigh mé sa phost a nascann an dá ábhar sin le chéile go sonrach. Ba é bun-mholadh na tuarascála imscrúdaithe ná go raibh dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais, de réir an Achta Oideachais, 1998, a chinntiú gur múinteoirí a bhí cumasach ó thaobh na Gaeilge de a cheapfaí i scoileanna Gaeltachta. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach ar cuireadh moltaí an imscrúdaithe i bhfeidhm tá mé tagtha ar an tuairim nach bhfuil dul chun cinn dóthanach déanta ag an Roinn i gcur i bhfeidhm na mholtaí a rinneadh. Tá mé den bharúil go bhfuil an baol ann go fóill go gceapfaí múinteoirí ón bpainéal ath-imlonnaithe foirne nach mbeadh a gcuid Gaeilge ar chaighdeán sách maith le oibriú i scoil Ghaeltachta. Mar sin, sa bhreis ar an Tuarascáil Bhliantúil atáim a sheoladh inniu tá mé freisin ag cur tuarascála faoi bhráid gach Tí den Oireachtais maidir le teip na Roinne Oideachais moltaí a bhí déanta i dTuarascáil Imscrúdaithe a chur i bhfeidhm go sásúil. Seo é an chéad uair domsa a leithéid do chinneadh a thógáil ach déanaim é gan aon leithscéal a ghabháil. Ní féidir glacadh le córas a d’fhágfadh an baol ann go fóill go gceapfaí múinteoirí ar bheagán Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Creidim gur ceist í seo a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi, go háirithe i bhfianaise na moltaí polasaí atá déanta ag an Roinn don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta, moltaí dála an scéil a bhfáiltím rompu. Le seoladh na moltaí polasaithe seo tá an Roinn Oideachais ag aithint gur gá cúram faoi leith a dhéanamh do sholáthar an oideachais i gcomhthéacs teangeolaíochta na Gaeltachta. Fáiltím roimh an gcur chuige seo fiú is gur chóir a leithéid bheith déanta blianta fada ó shin. Tá súil agam go dtabharfar feidhm de na moltaí gan aon mhoilleadóireacht mar tá an t-am gur féidir difríocht a dhéanamh ag fáil gearr anois. (Tá eolas breise maidir leis an gcás le fáil ar lch 40-45 de Thuarascáil na bliana 2013 pdf) Buaic phointí na bliana Thuig mé agus mé ag glacadh leis an ról seo go raibh comhartha ceiste mór faoi thodhchaí na hOifige leis an moladh a bhí ann ag an am go ndéanfaí cónascadh idir an Oifig agus Oifig an Ombudsman. Ba dheacair a bheith ag siúil go bhféadfadh an Oifig feidhmiú le haon chinnteacht fad agus a bhí an scamall sin os cionn thodhchaí na hOifige. D’fháiltigh mé go mór roimh an gcinneadh a rinneadh i mí Aibreáin na bliana seo caite deireadh a chur leis an gcónascadh a bhí beartaithe don Oifig. D’fháiltigh mé freisin roimh na socruithe foirne a ceadaíodh don Oifig agus chuidigh an dá ghníomh sin go mór chun cur le buanseasmhacht na hOifige. Céimeanna tábhachtacha a bhí sna cinntí agus socruithe a rinneadh agus thug siad an Oifig ar ais ar thalamh slán arís. Linn go fóill tá na bun-dúshláin struchtúrtha a bhí aitheanta sular ghlac mise an ról seo: go príomha, Acht Teanga nach bhfuil sách láidir agus gan dóthain daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa tseirbhís phoiblí. Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla Tá sé deacair a chreidiúint gur i mí na Samhna 2011 a cuireadh tús le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus nach bhfuil aon Acht leasaithe againn go fóill. Léiríonn sé sin b’fhéidir an míshuaimhneas a bhaineann leis an bpróiseas. Tá sé ráite agam roimhe seo nach bhfuil Ceannteidil an Bille a foilsíodh i mí Aibreán na bliana seo caite sásúil. Ní théann na leasuithe atá molta sách fada chun an tAcht a neartú agus níltear ag dul i ngleic le ceann de na fadhbanna is mó atá aitheanta leis an reachtaíocht le blianta fada, is é sin córas na scéimeanna teanga. Le linn na bliana a chuaigh thart aontaíodh 21 scéim teanga nua, bhain 6 cinn acu sin le scéimeanna teanga a aontaíodh le comhlachtaí poiblí den chéad uair agus b’a athnuachan a bhí sna 15 scéim teanga eile a aontaíodh. In ainneoin iarrachtaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ní féidir liom a rá go bhfuil mé iontach sásta le caighdeán na ngealltanas atá i gcuid de na scéimeanna teanga a aontaíodh. Creidim gur locht struchtúrtha é seo ar an gcóras féin, córas ina dtairgeann an comhlacht poiblí na seirbhísí atá sé sásta a chuir ar fáil seachas a bheith ag oibriú i dtreo caighdeáin seirbhíse trí Ghaeilge a bheith ar fáil mar cheart teanga don saoránach. Faoi dheireadh na bliana bhí 99 iarratas ar scéim teanga nach raibh daingnithe go fóill ag an Aire, agus deich gcinn de na hiarratais sin ag seasamh amach le os cionn seacht mbliana. Níl sé chun leasa aon duine go mbeifí ag aontú scéimeanna teanga mura bhfuil fiúntas leis na scéimeanna sin. Is léir ó na deacrachtaí a bhaineann le haontú scéimeanna teanga go fóill, chomh maith leis an imní atá orm faoi chaighdeán na scéimeanna atáthar a aontú go bhfuil sé in am anois aghaidh a thabhairt ar mhalairt do chóras in áit córas na scéimeanna teanga. Is níos luaithe i mbliana a d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht a thuairisc ar Cheannteidil an Bhille. Léiríonn an 34 moladh atá déantán ag an gcoiste traspháirtí seo go bhfuil athruithe móra ag teastáil ar na ceannteidil a foilsíodh anuraidh. Tuigim go bhfuil an tAire anois ag déanamh a mheasa ar mholtaí an Chomhchoiste, ar na moltaí atá déanta agam féin agus ag m’Oifig agus go deimhin ar na moltaí a tháinig chun cinn le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí. Tá súil agam go dtabharfaidh sé cluas éisteachta do na héilimh éagsúla atáthar a dhéanamh agus go mbeidh Acht Teanga níos láidre againn dá bharr. Tá trí mhór-leasú á lorg agamsa ar an reachtaíocht atá againn faoi láthair. 1. Ar an gcéad dul síos tá mé ag moladh go n-imeodh muid ó chóras na scéimeanna teanga. Go simplí agus mar atá tugtha le fios agam roimhe seo, níl ag éirí leis na scéimeanna teanga an bun-chuspóir a bhí leo a bhaint amach. Tá sé spéisiúil go bhfuiltear ag tosú ag imeacht ó chóras na scéimeanna teanga sa Bhreatain Bheag, anois áit ar foilsíodh na chéad chaighdeáin seirbhíse teanga níos luaithe i mbliana. Luath nó mall creidim go mbeidh orainne an chéim chéanna a ghlacadh. Anois, agus an tAcht á athbhreithniú, an t-am le bheith cróga. In ionad a bheith ag aontú scéimeanna teanga ina gceann is ina gceann is fearr i bhfad go mbeadh caighdeáin leagtha síos maidir leis na seirbhísí a chaithfidh comhlachtaí poiblí a chuir ar fáil trí Ghaeilge do shaoránaigh na tíre seo. In ionad a bheith ag brath ar céard atá an comhlacht poiblí sásta a thairiscint ba chóir an bhéim a leagan ar na seirbhísí ba chóir a bheith ar fáil agus tamall de bhlianta a bheith ag comhlachtaí poiblí chun na caighdeáin sin a bhaint amach. Ní coincheap nua é seo mar tá sé in úsáid cheana féin i gcás comharthaíochta, stáiseanóireachta agus fógairtí taifeadta béil;- níl ann ach go gcuirfí leis an réimse seirbhísí sin. Mar sin féin, creidim go n-athródh a leithéid de chur chuige an creat reachtaíochta teanga ó bhonn, bheadh cur chuige den chineál seo níos éasca le riaradh agus bheadh sé i bhfad níos soiléire don saoránach céard iad na seirbhísí a bhfuil sé nó sí ina dteideal mar cheart. Creidim gurb é seo an bealach is éifeachtaí gur féidir linn a chinntiú go mbeidh seirbhísí mar is ceart curtha ar fáil i nGaeilge do shaoránaigh na tíre seo. 2. Ceangailte go dlúth leis an leasú seo tá an moladh go ndéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí agus go leagfaí na dualgais is troime teanga ar na comhlachtaí poiblí sin is mó a bhíonn i dteagmháil leis an bpobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh. 3. An tríú mór-leasú atá á mholadh agam ar an mBille reatha ná go ndéanfaí foráil dhíreach san Acht ionas go gcaithfidh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oibrithe Stáit a bhíonn lonnaithe nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Ní féidir leis an Stát a bheith ar lámh amháin ag cur dualgas ar phobail Ghaeltachta pleananna teanga a réiteach más ann go bhfuil siad lena stádas Gaeltachta a choinneáil agus ar an lámh eile a bheith ag diúltú barántas a thabhairt go gcuirfidh an Stát féin a chuid seirbhísí ar fáil sna pobail chéanna trí Ghaeilge. Bheadh sé áiféiseach go mbeadh an Stát ag infheistiú sna pobail Ghaeltachta chun an Ghaeilge a chuir chun cinn agus fós nach mbeadh oibrithe an Stáit féin in ann a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge do na pobail chéanna. Mar a luaigh mé níos luaithe fáiltím roimh cháipéis na Roinne Oideachais agus Scileanna "Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta ". Tá sé tráthúil go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag foilsiú na moltaí seo i leith na Gaeltachta mar tagann sé leis an méid atá le rá agamsa ó ceapadh mé mar Choimisinéir Teanga. Is í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus leagann sé sin dualgais ar an Stát tacú léi agus seirbhísí a chuir ar fáil do shaoránaigh ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Faoi mar atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcás an oideachais Ghaeltachta ba chóir go mbeadh an Státchóras ag aithint an tábhacht a bhaineann le bheith in ann seirbhísí a chuir ar fáil i nGaeilge do na pobail sin a bhfuil an Ghaeilge fós i réim ina measc. Ach ná bíodh muid ag cur dallamullóg orainn féin, ní tharlóidh sé sin ach amháin má leagtar dualgas le dlí go gcaithfear é a dhéanamh. Leis an mbéim atá leagtha anois ar an bpleanáil teanga ag leibhéal an phobail agus le foilsiú moltaí na Roinne Oideachais agus Scileanna i leith an oideachais Ghaeltachta, táthar ag aithint an gearrchéime teanga atá os ár gcomhair amach. Ach tá muid go fóill ag fanacht leis an mbarántas sin go gcuirfidh an Stát a chuid seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge sna pobail Ghaeltachta agus go gcinnteofar an méid sin le dlí. Tá sé soiléir domsa go bhfuil cinntí móra le déanamh agus an tAcht leasaithe á thabhairt chun cinn. Tá tuairimí an phobail agus na bpáirtithe leasmhara faighte, tá moltaí na hOifige seo déanta agus leasaithe an Chomhchoiste Oireachtais foilsithe. An mbeidh toradh fónta ar na moltaí dearfacha atá déanta d'Acht Teanga neartaithe, a shásaíonn riachtanais an phobail i ndeireadh báire? Is ceist í sin nach bhfuil aon fhreagra tugtha go fóill uirthi Creidim gur féidir cothromaíocht shásúil a bhaint amach idir cearta teanga an tsaoránaigh agus na seirbhísí gur féidir leis an Státchóras a chuir ar fáil inár dteanga náisiúnta ach an toil a bheith ann. Is í sin an cheist mhór anois an bhfuil an toil ann, is ceist í sin nach féidir liomsa a fhreagairt ach is ceist í a thabharfar freagra uirthi le foilsiú an Bhille. |
Rafael Ribó na Catalóine |
Ina suí ar a dtóineacha bhreá Gaelacha? |
As Gaeilge Cuirfeadh an tÚdarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Aithnímid go bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag roinnt dár gcustaiméirí agus is mian linn déileáil leo in ár gcéad teanga. Déanfaimid bileoga agus leabhráin a chur ar fail i nGaeilge; beidh tú ábalta iarratas a dhéanamh ar thástáil tiomána i nGaeilge agus cuirfeadh muid an tástáil tiomána i gcrích i nGaeilge de réir mar is gá. Tabharfaimid freagra duit i nGaeilge má scríobhann tú chugainn i nGaeilge agus labhairoidh muid leat i nGaeilge más mian leat labhairt le ball den fhoireann i nGaeilge. Beidh leagan den láithreán gréasáin seo ar fáil i nGaeilge in achar ghearr. |