Monday, February 11, 2013

Litir chuig an Fhoras...

Is cuimhin liom nuair a bhí mise ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim (agus tá mé fós á fhoghlaim) cé chomh cabhrach is a bhí sé nuachtán Gaeilge a léamh gach seachtain - Inniú a bhí ann ag an am sin! Anois tá an nuachtán Gaelscéal le dhúnadh agus tá aiciní ar líne le siniú ag iarraidh ar na Rialtais teacht i gcabhair orainn! Ach is féidir leatsa litir a chuir chuig Foras na Gaeilge le do dhearcadh a chuir i n-iúl. Seo litir amháin a cuireadh chuchu le déanaí (Bhí sé ar facebook)
    A chara 
    Tuigim go bhfuil deireadh ag teacht do mhaoiniú Ghaelscéal, agus is mór an trua sin. Rugadh agus tógadh mé féin in iarthar Bhéal Feirste agus cha raibh seans ar bith agam an Ghaeilge a fhoghlaim sa scoil. Bhí sé deacair an teanga a fhoghlaim agus mise i mo dhuine fásta, deacair agus costasach. Ba é Gaelscéal foinse mhaith shuimiúil den teanga agus is mór an stór focal a d’fhoghlaim mé agus an spreagamh a fuair mé agus mise i mbun léitheoireachta an nuachtáin sin. Cé go gceannaím an leagan páipéir anois is aríst, is ar líne a bhím ag léamh Ghaelscéal ach go háirithe – beagnach gach lá! Má chuirtear deireadh le Gaelscéal, níl a fhios agam cá háit a bhfaighidh mé ais amhlaidh leis ar chor ar bith.

    Molaim daoibh mar sin, gan deireadh a chur leis an ais iontach seo.

    Is mise, le meas

Meas tú cad déarfaidh an Foras mar fhreagra ar an litir seo?

Monday, February 4, 2013

Ráiteas ón gcruinniú!

Bhí ionadaíocht láidir ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i láthair ag cruinniú arna eagrú ag Conradh na Gaeilge san Óstán Menlo, Gaillimh Dé hAoine (01 Feabhra 2013), ollchruinniú ónar eascair éileamh chun struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun chun a chinntiú go n-aithnítear pobal na teanga mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain donGhaeilge.

 


Julian de Spáin,
ÁrdRúnai CnaG ag
an gCruinniú
Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá ról ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí a thagann ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach níl aon ról nó ionadaíocht ag an bpobal sa struchtúr reatha a ghlacann na cinntí féin.
"Is mór an difear atá idir comhairliúchán agus ionchur coincréiteach sna cinntí a ghlactar: ní leor dul i mbun comhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mura bhfuil ionadaíocht ag an bpobal sin ar an mbord a dhéanann na cinntí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise."
Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra, agus tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna á lorg ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
"Níl aon chuid den struchtúr reatha chun An Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm a aithníonn ríthábhacht ionchur an phobail agus a chinnteoidh go mbeidh an Straitéis curtha i bhfeidhm ón mbun aníos. Dá réir, níl pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an talamh á thabhairt san áireamh nuair atá cinntí tromchúiseacha, tábhachtacha á nglacadh agus is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil seilbh ar an Straitéis á cailliúint ag an bpobal."

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach, éifeachtúil i gceist ón mbun aníos. Thiocfadh leis an Aonad Pleanála teacht roimh fhadhbanna trí aontas a fháil ar cheisteanna móra a bheidh tionchar acu ar an bpobal, áit a chuirfeadh na coistí idir-rannacha tuairiscí os comhair an Aonaid Phleanála agus dhéanfaí cinntí ansin, a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh nó le diúltú leo.

Léirigh an cruinniú gur cúis mhór imní í i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cinneadh a ghlac An Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)(Béarla).

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is ionann an cinneadh seo chun COGG a chur faoin CNCM agus ionsaí eile ar institiúidí Gaeilge a bhfuil an-mhuinín ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta astu, ach creideann Conradh na Gaeilge go láidir nach mbeadh an oiread sin fadhbanna le hAcht na Gaeltachta, le haistriú Oifig an Choimisinéara Teanga, le haistriú COGG agus eile más rud é gur pléadh agus gur aontaíodh na cinntí seo roimh ré, le tuairimí na n-údarás agus an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta araon san áireamh.

"Tá ag teipeadh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mórán tionchar a imirt ar an bpobal toisc nach bhfuil ceannasaíocht ná úinéireacht ag an bpobal Gaeilge agus Gaeltachta ar a cur i bhfeidhm; níl ionadaíocht ag an bpobal ar na boird a dhéanann na cinntí maidir leis an reachtaíocht teanga agus dá réir, níl an saineolas ná taithí an phobail ar an talamh ag baint le cinntí an Rialtais chun na húdaráis a threorú sa treo ceart chun an Ghaeilge a chothú mar is cóir."

Bhí aontas sa chruinniú go gcaithfear an bearna idir an pobal agus an chumhacht a dhúnadh maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus chuige seo, bhí an cruinniú ag éileamh go n-aithneofar an pobal Gaeilge agus Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise; go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile; agus go n-éascódh an struchtúr riachtanach ardleibhéal seo an chumarsáid agus an comhoibriú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.

• Seo tuairisc ar ó Gaelscéal. 


Fuarathas amach faoi chinneadh Fhoras na Gaeilge i leith maoiniú Ghaelscéal díreach nuair a bhí an cruinniú thart. 
Mas mian leat i féidir cabhrú leis an bhfeachtas trén aiciní seo a shiniú!






Saturday, February 2, 2013

Aisiompú á lorg....

Sinigh an aiciní
"....tá pleananna á gcúr le chéile ag Foras na Gaeilge!"

Go déanach tráthnóna inné bhí teachtaireacht ar an gcóras giolcaireachta, twitter,  le nasc chuig blag Scott de Buitléir, go raibh litir faighte ag bainistíocht an nuachtáin Gaelscéal, ó Fhóras na Gaeilge go rabhadar chun an maoiniú a stopadh.

Dár le Foras na Gaeltachta “go bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid na meáin clóite agus tá pleananna á gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.” 

Ait go leor bhí an argóint céanna á dhéanamh ag lucht "Lá Nua" timpeall cúig nó sé bliain ó shin. D'fhéach an dearcadh sin mar rud nua agus réabhlóideach i súile caomhach lucht Fhorais na Gaeilge ag an am. Anois tá siad ag teacht mar cineál Oisín i ndiaidh na Féinne. Ach in ionad a bheith á dhéanamh go proifisiúnta dúnann siad an rud atá acu nuair nach bhfuil aon rud acu le chuir ina áit mar "tá pleananna á gcur le chéile" acu.  Gan aon amhras mar a dúirt duine ar an Raidío aréir tá raon an amaitéarachas ar an gcinneadh.

Tá sé spéisiúil gur fógraíodh an cinneadh seo dhá lá ó fhoilsigh Gaelscéal scéal eisiach faoi imeaglú atá á imirt ar bhaill Guth na Gaeltachta i dTír Chonaill. Ach bíodh sin mar atá.

Chualathas faoin gcinneadh i nGaillimh agus cruinniú faoi pholasaí (nó easpa pholasaí?) an Rialtais i leith na Gaeilge. Deireadh éifeachtach le COGG agus athsealbhú ar an Straitéis 30 Bliain a bhí á bplé agus léiríodh an-chuid fearg, imní agus díomá i leith easpa díograise an Stáit faoi rud ar bith a bhain leis an Gaeilge nó leis an nGaeltacht.

Is buille fealltach tubaisteach d'aon teanga nuachtán sa teanga sin a dhúnadh.

Sa chás seo tá feall breise i gceist mar go bhfuil deireadh aontaobhach á chur ag Foras na Gaeilge leis an gconradh le Gaelscéal, roimh dheireadh oifigiúil thréimhse an chonartha, sin deireadh 2013.

Is cosúil nach bhfuil plean cinnte ag Foras na Gaeilge cad a dtiocfaidh in áít Gaelscéal agus, mar sin, tá gach seams nach mbeidh a leithéid in áít laistigh de bhliain nó dhó.

Más seirbhís nuachta ar líne atá i gceist, ba cheart an deis a thabhairt do Ghaelscéal an seirbhís seo a chur ar fáil go deireadh 2013 agus comórtas phoiblí a ullmhú san idirlín le nach mbeadh son bhriseadh ann ar an solathar do phobal na Gaeilge.

Tá achainí á eagrú ag Concubhar Ó Liatháin, iar eagarthóir Lá, iriseoir ilghníomhach agus blagaire (féach ar a bhlag inniú: "Cinneadh Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le Gaelscéal – ceisteanna gan freagraí"), le chuir ós comhair na húdaráis a cheap bhaill Fhoras na Gaeilge, Rialtais na hÉireann agus na Breataine. Is fiú go mór é a shiniú.

An scéal i Nuacht24: Deireadh le Gaelscéal (1/2/2013 agus níos deanaí Freagra ar phreas-ráiteas Fhoras na Gaeilge i leith Ghaelscéal (2/2/2012) Preas ráiteas an Fhorais faoi chonradh Ghaelscéal (4/2/2013) Cad faoi Foras na Gaeilge a ghearradh siar go dtí an gas? (Gearóid Ó Cairealláin Nuacht 24 25/2/2013) Feallscéal Gaelsceál: an bhfuil stráitéis ag an bhForas? ag blag Aonghus Ó hAlmhain (3/2/2012)
Féach ar na blaganna seo as Béarla chomh maith! The Dictatorship of Fear (The Hidden Ireland, 31/1/2013)< The End of Gaelscéal (An Sionnach Fionn, 2/2/2013) The Erosion Of Irish-Language Journalism (An Sionnach Fionn4/2/2013)

Monday, January 21, 2013

#Tnag13: “Beart de réir Briathair”

“Beart de réir Briathair” an téama a bheidh ag Tóstal na Gaeilge 2013, a thionólfar i mBaile Átha Cliatha ar Dé Sathairn, 16 Feabhra 2013 ó 9:30am – 5pm.

San óstán Hilton (Béarla), Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2, a bhaileoidh pobal Gaeilge na tíre agus cairde na Gaeilge lena chéile ag Tóstal na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Gaelach.  

Tá clár cuimsitheach curtha le chéile ag lucht eagraithe an Tóstail, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus ar maidin pléifear beartais an Rialtais i leith na Gaeilge.  Díreoidh dhá phainéal éagsúla ar na beartais is déanaí atá curtha chun cinn ag an Rialtas faoi Acht na Gaeltachta 2012.

“Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge” a bheidh mar theideal ar an gcéad seisiún plé, áit a bpléifear na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin laistigh den teaghlach. 

Gormfhlaith Ní Thuairisg
Faoi chathaoirleacht an iriseora Gormfhlaith Ní Thuairisg de chuid Raidió na Gaeltachta a bheidh an seisiún sin, agus orthu siúd a bheidh ag roinnt a dtuairimí ar an lá beidh: Feargal Ó Cuilinn, Ceannasaí Comhluadar; Dr Briain Ó Curnáin, saineolaí ar chanúineolaíocht agus socheolaíocht na Gaeilge le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Aoife Ní Shéagha, Léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh; agus Sorcha Ní Chéilleachair, Cathaoirleach Thuismitheoirí na Gaeltachta – Conamara.

“An Ghaeltacht in 2013” a bheidh faoi chaibidil sa dara seisiún faoi chathaoirleacht Rónán Mhic Con Iomaire, Leascheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Spreagfar neart plé faoin ábhar seo leis na haoichainteoirí: Seosamh Mac Donncha, OÉ Gaillimh, Stiofán Ó Cualáin, Údarás na Gaeltachta; Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; mar aon le hionadaí ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta. 

Tar éis briseadh don lón reáchtálfar dhá sheisiún eile, áit a bpléifear “Tionchar Bheartais an Rialtais ar an nGaeilge” agus “Freagrachtaí na Stát i leith thodhchaí na teanga”.   Beidh idir ionadaithe poiblí tofa agus ceannasaithe áisíneachtaí stáit i mbun díospóireachta, agus an plé sin faoi shúil ghéar Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4.

Fógrófar clár iomlán an Tóstail sna seachtainí beaga romhainn ar Gaelport agus beidh tuilleadh sonraí agus plé ar fáil ar na meáin shóisialta faoin haischlib #Tnag13.

Monday, January 14, 2013

Scoil i gCill Dara

Gaelscoil nua do Chill Dara Thug an t-Aire Ruairí Quinn fios don phobal inniu go bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge nua le hoscailt i mBaile Chill Dara i Meán Fómhar na bliana seo. San fhógra céanna chuir an tAire in iúl go bhfuil tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar thuismitheoirí mar gheall ar dhífheistiú scoileanna ón eaglais Chaitliceach.

Deir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “Tá ríméad orainn do mhuintir Chill Dara. Tá éileamh ollmhór do scoil lán-Ghaeilge sa cheantar rud atá léirithe sna liostaí feithimh a bhíonn ag na scoileanna lán-Ghaeilge eile sa cheantar. Tá An Foras Pátrúnachta buíoch don Roinn as freagra dearfa a thabhairt ar a n-iarratas ar son mhuintir Chill Dara.”
Dífheistiú Scoileanna Caitliceacha
Ó thaobh Dífheistiú Scoileanna Caitliceacha tá tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar 38 ceantar ar fud na tíre. Tá an tAire ag iarraidh ar thuismitheoirí ó na ceantair seo dul ar líne agus an suirbhé a líonadh roimh an Aoine, 08 Feabhra 2013. Is féidir an suirbhé a fháil ar suíomh na Roinne nó is féidir gach eolas a fháil ar ár suíomh ag www.foras.ie. Deir Ó hEaghra "deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar. Is fiú dóibh an suirbhé a líonadh agus scoil lán-Ghaeilge faoi An Foras Pátrúnachta a roghnú’. Creidimid go bhfuil ceart ag gach dalta oideachas trí Ghaeilge a fháil má tá sé uathu. Seo deis do thuismitheoirí an ceart sin a lorg.” 

Tá An Foras Pátrúnachta ag soláthar éagsúlacht agus iolrachas agus ag freastal ar éileamh thuismitheoirí ó bunaíodh é i 1993. Beidh eolas cuimsitheach mar gheall ar an bpróiseas ar a suíomh agus beidh siad ar fáil chun eolas a sholáthar ar bhuntáistí oideachas lán-Ghaeilge, an sainspiorad Ilchreidmheach nó fúinn mar phátrún.

Monday, December 17, 2012

Cás Mhaolra Seoighe agus Mám Trasna

Macnamh ar dhúnmharú tragóideach agus ar chás agus breitiúntas éagóireach

Bhí ócáid ar siúl i nGaillimh ar an Satharn 15 Nollaig i gcuimhne ar Mhaolra Seoigh, a chuireadh chun báis go héagórach de bharr "Dúnmharuithe Mhám Trasna" 130 bliain ó shin. Bhí Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn i láthair ag Aifreann i nGaeilge san Ardeaglais agus sna himeachtaí ina dhiaidh. Bhí sciatháin oirthearach na hárd-eaglaise lán don Aifreann.

Bé an tAth Fiontán Ó Monacháin a bhí mar príomh-chéiliuraí ag an Aifreann sin agus an tAth Kieran Waldron, deartháir údar "Maamtrasna, the murders and the mystery," an tAth Jarlath Waldron. Bhí ceol binn á chanadh ag Treasa Ní Cheannabháin i rith an Aifrinn.

Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga
ag leagadh bláthfhleasc
Ina dhiaidh sin ag ócáid ina leagadh bláthfhleasca ar an áit ar crochadh agus ar cuireadh Maolra Seoighe, cothrom an lae sin 130 bliain ó shin.  Leagadh iad mar seo agus fonn mall a sheinnt ar na píobaí ag Éamon Ó Bróithe.
• Méara na Gaillimhe, Terry O'Flaherty thár cheann phobal na cathrach.
• Méara Chontae na Gaillimhe, Thomas Welby, thar cheann phobal an chontae.
• Johnny Joyce, thar cheann mhuintir Seoighe, a shinsear, a dúnmharíodh i Mám Trasna.
• Seán Ó Cearúil, dlíodóir, thar cheann lucht gairme an dlí.
• Sibéal Davitt, duine de shliocht Cheapach na Creiche, thar cheann mhuintir an cheantair sin atá anois scaipthe ar fud na tíre agus an domhain mhór.
• An Tiarna David Alton thar cheann na daoine sin a fhulaingíonn ar fud an domhain nuair a séantar a gcearta daona.
• Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, thar cheann poball na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Níos deanaí sa tráthnóna céanna bhí siompóisiam faoin ábhar i Músaem Cathrach na Gaillimhe. Bhí cainteoirí breatha ann agus tháining slua aisteach chuig an mír seo den cuimhniúcháin le héisteach leo.

Mar thús thug an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh léiriú ar chúlra staire 1882, polataíocht an ama i Sasana agus an gaol a bhí idir pearsa rialtais cúng na haimsire lena chéile mar aon le tabhacht an chás seo sna hochtóidí. Níor éistíodh le Maolra mar níor thuigeadar é agus níor thuig Maolra iad agus mar sin daoradh go héagóireach é.

Ansin chuir an Tiarna Alton cur síos ar a pháirt agus páirt an Tiarna Avebury sa chás agus an troid ar siúil le cinneadh na cúirte a fuair Maolra Seoighe ciontach a chuir ar cheal. Is fiú é a dhéanamh mar chuid den proiséas ag chuir an cairdeas idir Éire agus Shasana a neartú. Chríochnaidh sé a phíosa leis an nath, "Ar scath a cheile a mhaireann na daoine!"

Ba spéisiúl an caint a thug Johnny Joyce, de shliocht clainne Seoighe a dhúnmaraíodh in 1882. Thug sé stair a sheanathair Máirtín, a bhí as baile nuair a thárla an sléacht, agus Paitsí, a gortaíodh ann agus a thárla dóibh. Cuireadh in Ard Aidhin iad beirt agus níor ligeadh thár n-ais chuig a n-áit dhúchais iad. Scaradh óna chéile iad agus ní fios cád a thárla do Paitsí ag an deireadh ach gur chuaigh sé go Meiriceá. Phós Máirtín agus bhí a chlann mac páirteach i gcúrsaí CLG ar thaobh Baile Átha Cliath.  (Bhí Johnny Joyce é féin i bhfoireann buacach Bhaile Átha Cliath sna caogadaí!)

Teaspáineadh ansin scannáin fíor spéisiúil ó RTÉ, "CSÍ Mám Trasna" curtha i láthair ag an léiritheoir Seán Ó Méalóid.

Caoineadh Mhaolra Seoighe
Sa seisiúin ceiste agus díospóireachta a bhí ann ansin deineadh comparáid idir cás Mhaolra Seoighe agus cásanna eile mar Seisear Birmingham agus Clann Mhic Guidhir. Dúradh gur tabhachtach iad na daoine a seasann an fód cé go mbíonn an triomlach ina n-éadan i gcúrsaí coinsiasach!

Cuireadh deireadh leis an sioposium le píosa léitheoireachta as leabhair an Ath Jarlath Waldron ag a deartháir an tAth Kieran. Ba chur síos ar bhás truamhéalach Mhaolra Seoighe é. Ansin bhí dán nua-chumtha, "M'athair, Maolra Seoighe!" ag Ciarán Ó Fátharta léite ag a iníon Muireann, inar samhlaíodh sé meon iníon Mhaolra ar bhás a hathair agus nach mbeidh sé sa bhaile don Nollaig. Ansis sheinn Johnny Óg Connelly píosa nua ceoil a chum sé don ocáid - "Caoineadh Mhaolra Seoighe!"

Críochnaíodh an ocáid le oíche airneáin i gClub Áras na nGael - ceol, sólaistí agus ar ndóigh, deochanna!
Bhí an ocáid eagraithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Conradh na Gaeilge agus Músaem Cathrach na Gaillimhe.

Wednesday, December 5, 2012

Ar son na Gaeilge?

Tá gach páirtí in ainm is a bheith ar son na Gaeilge, pé brí atá leis sin. Deireann siad go bhfuil lán taobh thiar den Scéim 20 Bliain don Ghaeilge a foilsíodh dhá bhliain ó shin.

Ag breathnú ar na suíomhna éagsúla a bhaineann leis na páirtithe éagsúla ní fheictear aon chúis dhochais. Tá Fianna Fáil agus Sinn Féin tár éis aistriú ar na chinn thideal ach sinn an méid. 

Tá leathannach amháin ag Páirtí an Lucht Oibre le haidhmeanna an pháirtí i nGaeilge (Táid le fáil i bPolainnis leis!).

Maidir le Fine Gael, níl oiread agus focal amháin ar an suíomh acu, seo an páirtí atá tár éis Acht Gaeltachta nua a bhrú trén Dáil, a chuir deireadh le Daonlathas in Údarás na Gaeltachta, A chuir deireadh le chomh-fhoilsiú billí pairliminte, atá ag iarraidh Oifig an Choimisinéara Teanga a nascadh faoi Oifig an Ombudsman agus deireadh a chuir le COGG agus ag Dia amháin atá fhios cad eile. 

Is beag páirtí a fhoilsíonn ráiteas i nGaeilge riamh. Tá beirt nó triúir i Sinn Féin a deanann iarracht agus labhrann triúr i nGaeilge go rialta. Labhrann ionadaí i bhFianna Fáil ar chúrsaí Ghaeilge i nGaeilge mar aon leis an bFoth-Aire Gaeltachta (gur as an nGaeltacht é!).

Seo mar a bhi cúrsaí sa bhliain 2007: No Gaeilge! agus Dea-shampla idirlín de dhíth ar na páirtithe (Lá 2008).

Meas tú an fimínteacht atá á léiriú sa méid sin?

Suíomh Fhine Gael gan oiread agus focal amháin Gaeilge air!
Leathanach amháin ag Páirtí an Lucht Oibre
Suíomh "Gaeilge" de chuid Fhianna Fáil

Suíomh "Gaeilge" de chuid Sinn Féin