Sunday, June 30, 2013

An tUltach: "Fearg, suaitheadh intinne agus díoma.."


Is mar seo a chéad chualamar inné (29 Meitheamh) faoi nuacht an gníomh, nó easpa gníomh seo ó Fhoras na Gaeilge. Níos déanaí sa lá bhí sceal níos doimhne ag "An Tuairisceoir" faoin scéal - "Deireadh le maoiniú an tUltach." Is cosúil nach bhfaigheann An tUltach ach £16,000 sa bhliain mar sin is cosúil nach bhfuil mórán le sabháil trén dtarraingt siar seo!

Mar a deireann duine ar facebook aréir: "Mura bhfuil sé de dhualgas ar an Fhoras tacaíocht thabhairt do leithéidí "An tUltach", rud a dhéanann freastal maith ar lucht na Gaeilge, ní thuigim cad iad na dualgaisí atá orthu go díreach."

Ceist mhaith!

Pleanáil teanga?
Tá se deacair a creidiúnt go bhfuil an Foras, nó na Rialtais atá taobh thiar de dairíre faoin dteanga nó faoi pobal na Gaeilge. Ó tháinig FG/LO i gcumhacht is deacair a fheiscint cén maitheas, nó cén spéis atá acu sa teanga. Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga - post atá siad le h-íosgrádú - "...i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl...” (Tuairisc Márta 2013). Dúirt sé ag an gcéad cruinniú idirnáisiúnta de Choimisinéirí Teanga i mí Bealtaine. Sé an teachtaireacht láidir atá a fháil ag pobal na Gaeilge ón státchóras ná: "Labhraigí Gaeilge le chéile ach nár labhair linne í!"

Tá píosa scríofa ag Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach An tUltach a míoníonn an scéal, stair agus tabhacht na h-irise agus a chuid mothúcháin féin faoi:

Bunaíodh an tUltach sa bhliain 1924 agus tá sí ar an Iris Ghaeilge is sine atá á foilsiú go fóill. An bhliain seo chugainn beidh an Iris ag ceiliúradh 90 bliain ar an fhód. Tá síntiúsóirí ag An tUltach in achan chontae in Éirinn agus go leor thar lear fosta.

Bhí ardmholadh ag An Dr. Regina Uí Chollatáin ina tuairisc ‘Tuarascáil ar straitéis úr maidir le Foras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne - Athláithriú agus athshealbhú teanga’, a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, don tUltach,

Mionghearrthóir an Fhorais?
‘Tá An tUltach ag cothú phobal na Gaeilge agus scríbhneoirí ó bhí 1924 ann., Ta sí ar an iris Ghaeilge is faide ar an saol gan bhriseadh. [sic] Tugadh ardán, do na scribhneoirí móra Ultacha ann thar na blianta – Seosamh Mac Grianna, 'Máire' agus Niall Ó Dónaill ina measc. Foilsítear ábhar le scribhneoirí ár linne, féin sa lá atá inniu ann – Gréagóir Ó Dúill, Cathal Ó Searcaigh, Gearóid Mac Lochlainn agus mórán eile. Cuirtear ábhar ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus, scoileanna, bíonn agallaimh ann le daoine atá i mbéal an phobail agus pléitear, ceisteanna móra an lae.’,


‘Seirbhís fhiúntach á soláthar ar phobal ar leith agus ag éirí go maith leis an iris freastal ar chanúintí an tuaiscirt agus an iarthuaiscirt sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an eagrais, Comhaltas Uladh’.,

‘Tá an fóram seo éifeachtach agus tarraingteach. Ta claonadh Ultach ar dhearadh agusar ábhar na hirise féin agus cloítear leis an gcur chuige seo a thugann tús áite dophobal ar leith. De thoisc fadsaoil na hirise fosta feileann an chruth ina bhfuil sí faoi, láthair don phobal úd ach tugann an blag ardán eile agus stádas eile dá réir don iris. Tásaibhreas agus luach ar leith leis an iris seo sa dóigh go bhfuil gné an chanúnachais agbaint léi. Gné eisceachtúil de na meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne í seo nach bhfuil á saothrú ag an leibhéal céanna i bhfóraim eile iriseoireachta atá maoinithe ag Foras na Gaeilge’.,

‘Tá caighdeán ard gairmiúlachta le feiceáil ar an iris seo agus is léir go bhfuil polasaí agus straitéis ar leith eagarthóireachta agus bainistíochta a leanúint ag an bhfoireann atá ina bhun’.,


Éiríonn leis an iris seo ábhar fiúntach, spreagúil, spéisiúil a sholáthar don, spriocphobal a bhfuil sí ag freastal air ach tá an spriocphobal aitheanta in ábhar na hirise. Tá gné chaomhnú an chultúir Ultaigh le braistint go láidir ar ábhar agus ar dhearadh na hirise ach cuireann sé seo leis an iris seo seachas a mhalairt, mar is léir go bhfuiltear ag cloí le polasaí ar leith eagarthóireachta., &, ‘Tá maoiniú eile a chur ar fáil don iris seo o Chomhairle na n-Ealaíon i dTuaisceart Éireann agus tá 3.95% de mhaoiniú na meán clóite agus ar líne d’Fhoras na Gaeilge a chaitheamh air seo. Is fiú an táirge atá a sholáthar do phobal na Gaeilge an caiteachas seo’.,


Fearg, suaitheadh intinne agus díoma orm leis an scéal nach mbeidh maoiniú ar fáil!

Cad chuige nach bhfuil An tUltach luaite GO FÓILL ag Foras na Gaeilge sa phlean nua maoinithe. Tá míniú de dhíth. Tá 90 bliana d'oidhreacht shaibhir taobh thiar dínn.

Bheinn go mór faoi chomaoin agat ach cibé tionchar atá agat a Ghaeil mhaithe a úsáid leis an scéal seo a chur ina cheart.


Tuesday, June 4, 2013

Mí-ionracas nach spreagann dóchas! Teip eile!


“Mí-ionracas” curtha i leith dara scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim

Tagann dara scéim teanga de chuid Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm ar an 4ú lá Meitheamh 2013. Nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm os cionn deich mbliana ó shin, ba chuid lárnach den acht iad scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí a leag amach gealltanais i leith seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

Tá amhras léirithe ag an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, maidir le cur i bhfeidhm agus riaradh na scéimeanna teanga go dtí seo, agus ní thugann an scéim nua seo de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim aon chúis dóchais don Chomhdháil.

I mí Aibreáin na bliana seo, tharraing Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge aird an phobail ar scéim teanga úr na Roinne Oideachais agus Scileanna ag léiriú ní hamháin nár thóg an dara scéim ar na gealltanais a bhí leagtha amach sa chéad scéim, ach gur cuireadh ar neamhní cuid de na gealltanais a bhain le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge don phobal.

Ach oiread le scéim teanga na Roinne Oideachais agus Scileanna, chuaigh céad scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim in éag sa bhliain 2008, agus thóg sé go dtí anois, cúig bliana níos déanaí don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dara scéim a dhaingniú.

Arís, ach oiread le scéim teanga na Roinne Oideachais agus Scileanna, léirítear go bhfuil easpa tiomantas ón státchóras i gcoitinne do chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ag teacht chun cinn nuair atá frásaí ar nós “Mar a cheadaíonn acmhainní” agus “ar choinníoll go bhfuil acmhainní ar fáil” scríofa tar éis mórchuid na ngealltanas.

Is iomaí leithscéal atá le léamh idir na línte sa cháipéis a dhéanann cur síos ar an scéim úr. Maidir leis an suíomh idirlín, tugtar le fios sa scéim úr: “Nuair nach bhfuil ábhar Gaeilge ar fáil, cuirfear nasc don ábhar Béarla ar fáil, i dteannta le míniú cuí don chustaiméir. Cuirfidh an nasc seo in iúl go bhfuil an leathanach ceann scríbe i mBéarla amháin”. Ní thugtar le fios, céard is “míniú cuí” ann, nó conas a mbeidh a fhios ag an bpobal cén chuid den suíomh ar cheart a bheith i nGaeilge nó cén chuid ar cheart a bheith i mBéarla amháin.

Leanann an dara scéim le gealltanais na chéad scéime, go gcuirfear 20% de phreasráitis ar fáil go dátheangach go comhuaineach ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí. Tugtar le fios sa scéim freisin go mbeidh ar a laghad fógra amháin Gaeilge ann do gach deich bhfógra Béarla foilsithe in aon fheachtas de chuid na gCoimisinéirí.

Sa scéim úr, liostáiltear 30 foilseachán agus leagtar síos an sprioc go mbeidh na foilseacháin seo ar fáil ar líne nó le priontáil i nGaeilge nó i bhformáid dhátheangach roimh dheireadh na Scéime sa bhliain 2016.

Dar le Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, go bhfuil scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim “mí-ionraic” agus deir sé go dtéann an scéim “go hiomlán i gcoinne spiorad an Achta”. Dar le De Barra go bhfuil “oiread bealaí éalaithe sníofa isteach sa téacs go mbaintear go hiomlán de chumhacht an Choimisinéara Teanga chun géilliúlacht na scéime a chinntiú. I gcás na sprice chun 30 foirm trí Ghaeilge a sholáthar roimh 2016, tá tuairim is 80% díobh sin ar fáil cheana féin, agus tá sé mí-ionraic a bheith ag leagan síos mar sprioc i scéim nua obair atá curtha i gcrích cheana féin”.

Tuesday, May 28, 2013

Labhraigí Gaeilge le chéile ach ná labhair linne í!

"Ní h-amháin gur ceart atá i gceist ach is an rud ceart le déanamh é!"

Bhí slua aisteach ann.

Bhí mé ag an chéad Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga i mBaile Átha Cliath. Bailithe ann bhí Comisinéirí Teanga an Domhain mar aon le 120 éisteoirí. Nuair a socraíodh ag na heagratheoirí (Oifig Choimisinéara Teanga na hÉireann) ar an áit don gcruinniú ní raibh fhios acu go mbeadh siad ag chuir daoine ón ndoras. Ach b'shin mar a thárla!
Na Coimisinéirí: Ceanada, an Bhreatain Bheag, an Chosaiv, Nunavut, Brunswick Nua, Ontario, an Chatalóin, an Aifric Theas, an Fhionlainn agus Éire.

Cé nach bhfuil mórán scríofa faoi sna meáin, blúirín beag faoi aitheasc an Uachtarán ag RTÉ ar line in mBéarla an t-aon rud a chonaic mise, táthar ag cur gach cur-i-láthair ar an suíomh gréasáin anois. Idir an dá linn is féidir tuairisc an-iomlán (Béarla) ag Daphne L Romy-Masliah ina bhlag Cosmapolitanism. Tá an-léiriú ar ghach caint le fáil ansin gur fiú a léamh.

Céard iad na rudaí a sheas amach domsa? Tógfaidh mé ceithre chinn.

Polataíocht
Fear Ambasáide na Spáine ag bréagnú
dhearca Ombusdman na Catalóinise
Labhair Rafael Ribó. Ombudsman na Catalóine amach faoi chás a tíre le figiúirí agus cúlra. Cé go bhfuil rialtas féinrialaitheach acu san réigiún sin tá cumhachta ag Rialtas Madrid, nach glacann ach le Caistílis (Spáinis), fós ar na cúirteanna, póilíní agus póilíniú teorann. Nuair a bhí sé críochnaithe sheas fear ar chúl an seomra. Ba cosúil gur duine ó Ambasáid na Spáinne a bhí ann. Mar a dúirt twitter faoi: "Argóint bheag idir fear ón ambasáid Spáinneach agus an tOmbudsman Ribó. Úspánta." Dúirt sé, ba Catalónach é, go raibh an-chuid a dúirt Ribó mí cheart, claonta agus searbh! Bhí ionadaí Rialtas na Spáine cróga go leor an méid sin a rá sa chualuadar sin!

Bás teanga agus masla
Bhí dhá rud a dúirt François Boileau, faoi bheith i Yukon, Ceanada, nuair a fuair an cainteoir deireannach de theanga dhúchasach agus lena bás bhí deireadh leis an teanga sin. Cé go bhfuil Fraincís már theanga dhúchas ag daoine in áiteacha in Ontario cloisfear fós an másla, "Go back to Quebec?"

Ceart?
Léirigh Coimisionéir na Breataine Bige, Meri Hews, laige i ndearca na húdarais polataíochta agus riaracháin i ngach tír b'fhéidir. An phíosa reachtaíochta a thug stádas oifigiúil don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, níl an focal 'ceart' luaite ach uair amháin i 278 leathanach!

Bí id thost!
Bhí léiriú gearr, réalaíoch ag ár gCoimisinéir féin, Seán Ó Chuireann. Ag caint dó faoi Rannaí Stáit ba cosúil gurb é an manadh a bhí acu : "Labhraigí Gaeilge le chéile ach nár labhair linne í!"

Aitheantas
Sandra Inutiq
Ach b'í an Comisinéir Teanga Nunavut, "níos fuaire & níos mó ná an Ghaeltacht!", Sandra Inutiq, nach bhfuil ach ceithre mhí ina poist a thug an leiriú ar cás na teanga atá faoi bhrú óna taithí féin, nó taithí a h-iníon féin, sa chóras oideachas nár thug aitheantas dá dúchás. Neomad an-mhothúchánach, más féidir an focal sin a úsáid, dí agus dúinn féin a bhí ann. Chuir se dán an Ath Pádraig Ó Fiannachta atá sa bhosca thíos i gcuimhne dom. Ba léiriú thár aon ní eile ar rud a dúradh go minic ag an gComhdháil. "Ní h-amháin gur ceart atá i gceist ach is an rud ceart le déanamh é!"

Cá raibh na ranna rialtais?
Cé go raibh ionadaithe ó ranna Stáit, bhí duine ó Roinn an Taoisigh i láthair agus bhí Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley ar feadh píosa (d'fhán sé do lón!) is cosúil nach raibh duine ar bith ón Roinn Oideachas i láthar mar dúirt tuít amháin, "Ní mór dom a rá, agus is mór an scannal agus náire é seo, nach bhfuil ionadaí ar bith ón Roinn Oideachais ag an gComhdháil." Agus más fíor é is mór an náire é mar bé an oideachas agus cúrsaí sláinte is mó a bhí aird ar an chuid is mó den chaint.

Bhí béim faoi leith ar thabhacht neamhspleáchas na gCoimisinéirí chomh maith agus ba spéisiúl an ní é nuair a chuireadh an cheist: "Cé i measc na gCoimisinéirí a mhothaigh go rabhadar faoi bhagairt?" Cheap an chuid is mó acu, ár gCoimisinéir féin ina measc, go raibh siad faoi bagairt! Bagairt faoi chinn tideal faoi leith, ina measc: polaitiúl, fioscach, achmhainí, ionsucháin nó chomhshamhlú.

Bhí sé ar intinn ag na Coimisinéirí teacht le chéile le cumann idirnáisiúnta a bhunú agus tá mé ag ceapadh gur éirigh go maith leis an smaoineamh agus is dócha go mbeidh scéal a fhoilsiú faoi sin amach anseo.

Seo dán an Ath Phadraig Uí Fhiannachta:

Do Mháire Ní Fhiannachta

Bhí deartháirín agam tráth 

Ach sciob an bás é,
Agus mise i gcoláiste.
Ghlaoigh sé ar a mháthair Agus eisean i bpianpháis;
Deoch ‘on uisce lena shásamh Ina íota géar a cháiseamh.

Looking for his duck
A bhí sé dar leis na húdaráis
Ag tabhairt tuairisc’ ar a bhás Dá mháthair larna mhárach ...

An bhearna i mo chroí-se Riamh ó shin níor líonadh

Go bhfaca romham ar bhinse Máirín Óg Ní Fhiannachta
Den dara glúin im dhiaidhse
Is an gaol eadrainn chomh sínte
Nach bhfuil aon seanchaí a ríomhadh
Na glúinte trínar síoladh
An mianach ceannann céanna
Is an Ghaeilge aici chomh líofa
Le Micilín i gclúid mo chroí-se.

As an gcnuasach Deora Dé (1987)

Friday, May 17, 2013

Moladh don Roinn Ghnóthaí Eachtracha!

Tá ardmholadh tuilte ag Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach as an leagan Gaeilge iontach den suíomh atá acu ó thús na bliana.

Tá an leagan Gaeilge iomlán idirghníomhach agus cothrom le dáta, agus feidhmíonn na naisc uile chuig rannóga eile ar an suíomh gan tiontú ar an leagan Béarla, Fraincíse agus Gearmáinise ann.

Gearáinín beag amháin atá agam go bhfuil ainm na míosa i mBéarla i mír na Nuachta - "May!" in ionad "Bealtaine!"

Mar a deireann Conradh na Gaeilge, "Eiseamláir do na suímh atá ag ranna stáit eile b'fhéidir?"

Monday, May 13, 2013

An "B" spota!

Aip nua saor in aisce le seoladh! 


Le bliain anuas tá aip nua d’arb ainm BunGhaeilge á forbairt ag Forbairt Naíonraí Teoranta, i bpáirtíocht le hAnnertech. Beidh an aip seo bunaithe ar an leabhar frásaí BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí. Dearadh an aip seo chun teacht le struchtúr an leabhráin, atá roinnte i gcaibidil le téamaí éagsúla, mar shampla ‘Ar maidin’, ‘An Naíonra’, ‘Sa siopa’, ‘Sa ghairdín’. Cé go bhfuil an leabhrán seo dírithe ar theaghlaigh ar mian leo cúpla focal a úsáid agus gnásanna agus ghníomhaíochtaí an lae ar siúl acu, creideann FNT go mbeidh an aip seo úsáideach d’fhoghlaimeoirí na teanga chomh maith, go háirithe ó thaobh foghraíochta de.
Deir Geoff Gray, tuismitheoir ar mhaith leis cur lena chuid Gaeilge, “Finally there is a user friendly app, based on everyday Irish. I can use the app on the go when I’m out with my daughter and my use of Irish has greatly increased since I downloaded BunGhaeilge to my phone. Maith sibh FNT!”

Beidh deis ag úsáideoirí na haipe éisteacht le gach frása atá ar fáil sa leabhrán agus athrá a dhéanamh air. Seolfar leagan caighdeánach den aip i dtús báire ach tá sé beartaithe leaganacha sna mórchánúintí ar fad a eisiúint amach anseo. Beidh BunGhaeilge ar fáil le híoslódáil saor in aisce ó shiopaí aipe Android ón 15 Bealtaine, agus ó shiopa Apple faoi thús na míosa seo chugainn.

Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach FNT ‘Tá áis nua ar fáil d’aon duine gur mian leo an Ghaeilge a úsáid mar ghnáththeanga laethúil an teaghlaigh. Tugann an aip seo deis uathúil , ag baint leasa as na meáin shóisialta úra, don phobal domhanda teacht ar an nGaeilge gan stró ar bith. Is dul chun cinn faoi leith a bhaineann leis an aip seo do chur chun cinn na Gaeilge.’

Saturday, May 11, 2013

Fás na Gaelscolaíochta?


Céim eile ar chúl i leith Gaelscolaíochta beartaithe ag an Rialtas!

Caithfidh an Rialtas seo deimhniú go bhfuil dothain tacaíocht agus acmhainní ar fáil don Oideachas lán-Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil freastal cuí dhá dhéanamh ar an éilimh d'Oideachas lán-Ghaeilge, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Bhí urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag tagairt do dhá thuairisc a scrúdaíonn na seansanna go mbeadh scoláirí ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal, nó ag titim amach as an gcóras oideachais, tuairiscí a léirionn go dtéann thart ar 57% de scoláirí ó Ghaelscoileanna ar aghaidh chuig an tríú leibhéal.

'Tá fás an earnáil oideachas lán-Ghaeilge i measc na scéalta is dearfaí ó thaobh oideachais di sa tír seo le roinnt mhaith blianta anuas. Táimid tar éis borradh mór a fheiceáil san earnáil seo agus tá sé sin tar éis cur go mór leis an méadú sa méid Gaeilgeoirí a áiríodh sa daonáireamh deireanach, le 1.66 milliún duine ag rá go bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt.


Tá go leor buntáistí oideachasúla ann ó thaobh na Gaeilge di freisin agus tá sé léirithe gur féidir leis an dátheangachas ó aois óg a bheith fíor thairbheach maidir leis an tríú nó ceathrú teanga a fhoghlaim freisin. Léiríonn torthaí na dtuairisc seo freisin go bhfuil an chaighdeán oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge fíor ard agus, ar an bhformhór, go bhfuil tar éis éirí go rí-mhaith leis an modh oideachasúil atá sna Gaelscoileanna.

Is mór an difríocht atá ann freisin idir na buntáistí oideachasúla a bhaineann le Gaelscolaíocht agus na buntáistí a bhaineann le scoileanna a ghearann táillí, a bhfuil foinsí ioncaim phríobháideacha i bhfad níos mó acu ná na gnáthscoileanna, chun caitheamh ar sheirbhísí níos fearr. Tá na Gaelscoileanna ag blathú, ar an mórchuid, mar go bhfuil modh éifeachtach oideachasúil acu agus chun an fhírinne a rá, in aineoinn an easpa tacaíocht ón Rialtas. Is fiú nótáil go bhfuil na Gaelscoileanna scaipthe go cothrom ar cheantair faoi bhuntáiste agus míbhuntáiste araon.

Tá an comhréir de scoileanna lán-Ghaeilge atá ag fanacht le cóiríocht nua i bhfad níos airde ná scoileanna eile, afach. Dar leis an scátheagraíocht Gaelscoileanna, ‘Tá géarchéim cóiríochta ins an earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair'.

Is deacair easaontú leis an méid atá le rá acu. Tá seasca fán gcéad de na scoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht shealadach. Tá seacht scoil ag fanacht le níos mó ná fiche bliain. Tá go leor acu i bhfoirgintí nach bhfuil oiriúnach le n-úsáid a thuilleadh agus cuireann sé seo bac ar fhás an oideachais trí mheán na Gaeilge.

Céim ar gcúl atá ann freisin an cinneadh chun oifigí an NCCA agus COGG a chomhlonnú, in aineoinn an bhéim mór atá in ainm is a bheith ann ar thábhacht COGG faoin Straitéis Fiche Bliain. Inár dtuairim, ba chóir don Aire an cinneadh seo a tharraingt siar agus ba chóir COGG a chuir ag feidhmiú mar shatailít don NCCA

Tá an Oideachas lán-Ghaeilge ag déanamh go maith, mar go bhfuil na scoileanna seo pobalbhunaithe agus toisc go bhfuil modh oideachasúil maith acu. Ach, chun leanúint ag fás, tá tacaíocht cuí de dhíth. Tá ar an Aire deighleáil leis an ngéarchéim cóiríochta san Oideachas lán-Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil go leor áiteanna ann le freastal ar an éileamh don Oideachas lán-Ghaeilge, rud nach bhfuil fíor faoi láthair."




Monday, April 22, 2013

Na mic léinn is fearr sa tír!

Gradaim shuntasacha bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide 

Don dara bhliain as a chéile, tá príomh-ghradam bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide i gcomórtas náisiúnta uile-oileánda Ghlór na nGael mar an cumann mac léinn is fearr sa tír. Tá luach €2,000 ar an duais seo, atá urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Fógraíodh torthaí an chomórtais seo oíche Shathairn seo chaite. Tháinig sé seo ar na sála ar ghradam eile- chuala An Cumann Gaelach gur bhain sé amach an gradam do Feachtas Teanga na Bliana ag gradaim mac léinn Aontas na Mac Léinn in Éirinn an tseachtain seo chaite. Bronnadh an gradam seo i leith fhéile Ghaeilge an Choláiste, Éigse na Tríonóide.
Dúirt Andrew King, Reachtaire an Chumainn i 2012-2013: “Tá sé go hiontach go bhfuil an t-aitheantas tugtha dúinn anois, i ndiaidh na sár-oibre atá déanta againn i mbliana. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na baill agus leis an gcoiste go léir.”

Dúirt Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge an Choláiste: “Is léiriú iad na gradaim seo ar an bpaisean, fuinneamh agus dúthracht i leith na teanga atá le feiceáil i measc bhaill uile an Chumainn Ghaelaigh- rud a léirítear bliain i ndiaidh bliana.

Tarraingíonn na gradaim seo dea-cháil ar an gColáiste agus tréaslaím leis an Reachtaire agus leis an gCoiste. Bhí bliain iontach ag an Ghaeilge sa choláiste i mbliana agus tá súil again go leanfaidh cúrsaí ag dul ó neart go neart amach anseo!”

• Déanfar ceiliúradh ar na gradaim seo ag An Chéadaoin @ An Bhutrach maidin Chéadaoin 24 Aibreán, le ceol, caife agus comhrá i mbialann TCD: 10.30rn-11.30rn. Beidh fáilte is fiche roimh chách bheith inár dteannta.