Wednesday, December 4, 2013

Mar a labhair an Coimisinéir Teanga!


An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag an Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha de chuid Thithe an Oireachtais, 4 Nollaig 2013, 4.15pm.

A Chathaoirligh,
Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Chomhchoiste as bhur gcuireadh teacht in bhur láthair inniu. Bunaíodh m’Oifigse le reachtaíocht beagnach 10 mbliana ó shin agus cuireadh trí cinn de chúraimí reachtúla ar leith orainn:
• feidhmiú mar sheirbhís ombudsman;
• feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge;
• agus comhairle a sholáthar i dtaca le cearta agus dualgais teanga.

Tugadh tuarascáil bhliantúil na hOifige don bhliain 2012 d’Aire Stáit na Gaeltachta ar an 31 Eanáir 2013 le leagan os comhair Thithe an Oireachtais agus seoladh go hoifigiúil í ar an 12 Márta seo caite.

Go ginearálta, ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl.

Ról Ombudsman
Maidir lenár seirbhís ombudsman, dhéileáil muid anuraidh le 756 cás i dtaca le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit trí Ghaeilge – an bhliain ba mhó ar cuireadh gearáin ón phobal i láthair na hOifige ó bunaíodh í. B’ionann sin agus méadú 3% ar líon na gcásanna a bhí ann an bhliain roimhe sin. Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an chomhlacht phoiblí chuí nó trí chomhairle a chur ar an ghearánach. Seoladh 13 cinn d’imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2012. Rinneadh cinneadh gur sáraíodh gnéithe ar leith den reachtaíocht teanga i gcás meascán eagraíochtaí stáit; orthu sin bhí an Garda Síochána agus trí cinn de ranna rialtais.

NÓTA EOLAIS

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga le reachtaíocht beagnach 10 mbliana ó shin le trí cinn de  chúraimí reachtúla: feidhmiú mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta i 
dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge agus le comhairle a sholáthar i dtaca le cearta agus dualgais  teanga. 

Uachtarán na hÉireann a cheap Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga ar chomhairle an  Rialtais agus le tacaíocht Thithe an Oireachtais ar an 23 Feabhra 2004. Athcheapadh ar an mbealach  céanna é do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010. 

CEANNLÍNTE le 10 mbliana anuas: 

• Gearáin … 6,089 go dtí an 30 Samhain 2013, (28% ón Ghaeltacht). 
• Bhain 22% de na gearáin le Ranna agus Oifigí Rialtais, 32% le húdaráis áitiúla, an chuid eile le  réimse leathan eagraíochtaí stáit 
• 1,856 iarratas ar chomhairle i dtaca le dualgais teanga ó eagraíochtaí stáit 
• 96 imscrúdú foirmiúil seolta 
• 213 léirmheas/iniúchadh déanta ar scéimeanna teanga 
• 9 gcinn de thuarascálacha bliantúla agus ráitis iniúchta airgeadais foilsithe 
• 6 thuarascáil speisialta curtha i láthair Thithe an Oireachtais 
• Suíomh gréasáin forbartha mar ionad ilfhreastail i dtaca le gach a mbaineann le cearta agus dualgais teanga 
• Cairt Cearta Teanga foilsithe 
Treoirleabhair ar Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe 
• Moltaí faoi leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe 
• Feachtais fógraíochta teilifíse ar chearta teanga eagraithe agus craolta 
• Acmhainn oideachais ar Chearta Teanga don chúrsa san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP) sa Teastas Sóisearach forbartha agus scaipthe ar scoileanna 
• Ócáid cearta teanga i gcuimhne ar Mhaolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna eagraithe i nGaillimh 
• Páirtíocht in iliomad ócáidí i dtaca le forbairt feasachta ar chearta agus dualgais teanga 
• Léachtaí ar chearta teanga tugtha i mbeagnach gach institiúid oideachais tríú leibhéal in  Éirinn 
• Cúnamh tugtha go rialta le taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar chearta agus ar dhualgais  teanga 
• Comhairle agus traenáil curtha ar fáil tríd an OSCE do bhunú oifig coimisinéara teanga sa Chosaiv i gcomhar le Rialtas na Cosaive 
• Comhdháil idirnáisiúnta ar chearta teanga eagraithe i mBaile Átha Cliath 
• Réamhghníomhach i dtaca le Cumann Idirnáisiúnta do Choimisinéirí Teanga an domhain a bhunú.
Gníomhaireacht Ghéilliúlachta 
Mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta, is trua liom a thuairisciú go raibh trí cheathrú de na scéimeanna teanga – pleananna reachtúla teanga – a bhí comhaontaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le heagraíochtaí éagsúla stáit ligthe in éag gan athnuachan a bheith déanta orthu faoi dheireadh 2012 agus an ceathrú cuid acu as dáta le breis agus 3 bliana. I 10 gcinn de chásanna eile, bhí breis agus 6 bliana imithe ó d’iarr an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar eagrais stáit dréachtscéimeanna teanga a ullmhú ach bhí siad fós le haontú. Tá an teip an ghné seo den reachtaíocht teanga a chur chun cinn go stuama aitheanta ag an choiste iniúchta neamhspleách i m’Oifig mar riosca suntasach.

Bhí na scéimeanna teanga sin le bheith mar chrann taca i gcroílár na reachtaíochta agus mar bhunús le líon agus le caighdeán na seirbhísí stáit trí Ghaeilge a mhéadú. Tháinig fasach contúirteach chun cinn den chéad uair riamh in 2012 nuair a leasaíodh scéim teanga le dualgas a bhí daingnithe ansin a chealú ar fad cé nach mbeadh aon chostas nó stró arbh fhiú cainte air ag baint lena chur i bhfeidhm.

Seachas cinntiú go gcloífí le dualgas a bhí neafaiseach go maith – an chuid “Oiriúnach le Breathnú” de lipéid físeán/dioscaí digiteacha ilúsáide de chuid Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann a bheith i bhformáid dhátheangach – spreag gearán ó dhuine den phobal cealú iomlán an ghealltanais reachtúil i ndeireadh na dála nuair a ghéill an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta d’iarratas ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus cuireadh an gealltanas scéime sin ar neamhní ar fad.

An bhliain reatha
Tá méadú beag sa bhliain reatha ar líon na scéimeanna teanga – tá 15 daingnithe go dáta ach 20 imithe in éag sa tréimhse chéanna – ach is mó de chúis imní agam é an caighdeán atá i gcuid de na scéimeanna sin. Tá barraíocht acu ann a bhfuil na gealltanais faoi sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge coinníollach ar ‘acmhainní a bheith ar fáil’, rud a thugann le tuiscint go bhfeictear na seirbhísí sin mar rudaí roghnacha breise seachas mar chearta bunúsacha. I scéim amháin acu seo, agus gealltanas i leith soláthar seirbhísí trí Ghaeilge á leagan amach, tá coinníoll luaite 11 uair in imeacht 3 leathanach go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ‘mar a cheadaíonn acmhainní’.

I scéim eile, gealltar leagan Gaeilge a eisiúint d’aicme theoranta de phreasráitis ach i bhfonóta deirtear nach gá go gciallódh sin go n-eiseofar na preasráitis Ghaeilge agus Bhéarla ag an am chéanna – is masla é d’aigne nó d’intleacht an iriseora Gaeilge go gcuirfí bonn reachtúil faoi ghealltanas den chineál sin.

Nár dhona agus nár shoiniciúil an scéal a bheadh ann mura mbeadh i ndaingniú scéimeanna teanga ach gníomh le tic a chur i mbosca seachas iad a bheith ina n-uirlis éifeachtach d’fhorbairt seirbhísí stáit trí Ghaeilge? Tá ráite liom ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil dlús breise le cur faoi obair na scéimeanna teanga ach tá eagla orm go bhfuil oiread dochair déanta agus easpa muiníne sa chóras nach féidir é a tharrtháil anois.

An Garda Síochána
Tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag lucht bainistíochta an Gharda Síochána i dtaca le soláthar seirbhísí na nGardaí trí Ghaeilge de thoradh gearáin le m’Oifig. Tá feachtas feasachta teanga á chur chun cinn ag an lucht ardbhainistíochta mar thoradh ar eachtra i mBaile Átha Cliath inar gabhadh fear óg agus inar tugadh i nglais lámh é chuig stáisiún Gardaí nuair a rinne sé iarracht a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le Gardaí a stop é maidir le mion-chion tráchta. Coinníodh é sa stáisiún go dtí go raibh fáil ar Gharda a bhí in ann déileáil leis trí Ghaeilge. Sháraigh an Garda Síochána sa chás seo an gealltanas reachtúil go n-aithníonn an fórsa ceart an phobail gnó a dhéanamh leo ina rogha teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla.

Thug mé suntas do dhearcadh san fhiosrúchán a rinne mé gur cheart caitheamh le daoine a labhraíonn Gaeilge amhail is gur theanga eachtrach a bhí á labhairt acu, d’ainneoin stádas bunreachtúil na Gaeilge. Cuireadh “úsáid na Gaeilge” agus “déileáil le náisiúnach eachtrach” sa spás céanna go rialta sa dioscúrsa i measc na nGardaí a bhain leis an imscrúdú seo, rud a chothódh imní faoin bhealach a gcaithfí leis an dá ghrúpa.

Níor bhain an eachtra a bhí i gceist sa chás le haon timpiste ná le haon líomhaintí faoi thiomáint faoi luas nó faoi thionchar óil. B’ábhar suntais dom nach raibh Gardaí a raibh a gcuid oideachais faighte acu i gcóras scolaíochta na tíre seo agus nach raibh a gcuid oiliúna mar Ghardaí sa Teampall Mór críochnaithe acu ach le beagán blianta roimhe sin ábalta “Cad is ainm duit?” a fhiafraí ná seoladh tiománaí a lorg trí Ghaeilge ar thaobh an bhóthair. Ní raibh córas sásúil tacaíochta ar fáil dóibh ar an láthair sin le cabhrú leo déileáil go furasta le duine den phobal a roghnaigh a chuid gnóthaí a dhéanamh leo trí Ghaeilge. Fáiltím, áfach, roimh dhearcadh dearfach Choimisinéir an Gharda Síochána agus lucht ardbhainistíochta an fhórsa i dtaca le feidhmiú na moltaí a rinne mé de thoradh an cháis seo agus tá súil agam de bharr na n-athruithe córasacha atá á dtabhairt i bhfeidhm nach dtarlóidh a mhacasamhail d’eachtra arís.

Tá aird níos mó ná riamh á dhíriú freisin ag lucht bainistíochta an Gharda Síochána ar dhualgas atá daingnithe in Acht an Gharda Síochána, 2005 gur comhaltaí le líofacht i nGaeilge amháin is ceart a lonnú i gceantair Ghaeltachta. Tharla sé seo de bharr gearán a thuairiscigh mé roimhe seo faoi a laghad Gardaí le Gaeilge a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair i gcroílár na Gaeltachta i nDún na nGall. Cé nach bhfuil réiteach iomlán amach is amach ar an cheist go fóill, tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil sé deimhnithe anois ag Coimisinéir an Gharda Síochána, le gur féidir cloí go cuí leis na forálacha in Acht an Gharda Síochána, go mbeidh céatadán ar leith (suas go 10%) d’áiteanna d’earcaithe nua san fhórsa á gcur ar leataobh go speisialta feasta do dhaoine le líofacht i nGaeilge agus dualgas orthu feidhmiú ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse suas le 5 bliana i stáisiúin Ghaeltachta. Ba cheart go gcinnteodh seo go mbeidh 100% de Ghardaí na Gaeltachta líofa i nGaeilge faoi cheann roinnt bheag blianta.

Inniúlacht sa Ghaeilge
Go ginearálta, tá an easpa foirne le hinniúlacht in dhá theanga oifigiúla an Stáit ar cheann de na cúiseanna is mó go mbíonn deacrachtaí ag eagraíochtaí stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge chomh maith le Béarla. Tá córas nua le cur ar bun mar scéim phíolótach in áit an chórais faoinar gealladh marcanna bónais le linn earcaíochta nó i gcás arduithe céime sa Státseirbhís do dhaoine le hinniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla araon. Theip ar chóras na marcanna bónais a tháinig in áit na ‘Gaeilge éigeantaí’ de bharr nár cuireadh i bhfeidhm mar is ceart riamh é. Creidim go dteipfidh fosta ar an chóras úrnua, atá lochtach ó thaobh an choincheapa de, agus go leanfar d’imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí. Mar shampla amháin, léiríonn taighde atá déanta dúinn ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3%. Déanaim achainí inniu ar na húdaráis athchuairt a thabhairt ar an bheartas seo ar bhealach a mbeidh brí leis nuair a bheas athbhreithniú agus leasú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

An Ghaeltacht
Tá molta fosta agam agus an tAcht á leasú gur cheart foráil shoiléir a chur ann a thabharfadh ar gach eagras stáit a chinntiú go raibh Gaeilge líofa ag a mbaill foirne a bheadh ag soláthar seirbhíse do phobal na Gaeltachta, gan cheist gan choinníoll. Léirigh taighde a rinne m’Oifig ar na mallaibh gur socraíodh seo a dhéanamh ar bhonn reachtúil sa bhliain 1928 ach gur cuireadh dáta tosaithe na rialachán seo ar athló le hionstraim reachtúil ar 54 ócáid difriúil go dtí gur caitheadh in aer go ciúin é sa bhliain 1966. Ní rogha a thuilleadh é leanúint de bheith ag cur na gcaorach thar an abhainn ar an ábhar seo mar a bhí á dhéanamh mar ghnáthchleachtas leis na scórtha bliain.

Tuairiscí chuig Tithe an Oireachtais
Ar nós seirbhísí ombudsman eile, tá sé de cheart agam fionnachtana nó cinntí agus moltaí a dhéanamh, agus iad sin bunaithe ar imscrúduithe. Is féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne na gcinntí sin ar phonc dlí chun na hArd-Chúirte. Mura ndéantar achomharc, ach fós féin mura gcuirtear na moltaí i bhfeidhm, tá dualgas orm tuairiscí a sholáthar do Thithe an Oireachtais. Tá sin déanta agam 3 huaire in imeacht na mblianta agus is mian liom mo bhuíochas thabhairt don Chomhchoiste as an obair leantach a rinne sibh leis na heagrais stáit a bhí i gceist. Is trua liom a rá go raibh orm 3 cinn eile de thuarascálacha a thabhairt le gairid do Thithe an Oireachtais i gcás eagrais stáit nach ndearna achomhairc i gcoinne cinntí a rinne mé ach fós féin nár chur i bhfeidhm na moltaí cuí. Is iad Iarnród Éireann, Comhairle Contae na hIarmhí agus Oifig na nOibreacha Poiblí na heagrais a bhí i gceist. Faoi Thithe an Oireachtais atá sé anois cibé céimeanna eile is mian leo a thógáil, más cuí leo sin, sna cásanna seo.

Athbhreithniú
Cé gur fógraíodh athbhreithniú ar Acht an dTeangacha Oifigiúla i mí na Samhna 2011 – breis agus 2 bhliain ó shin ‒ agus gur mhair próiseas suntasach comhairliúcháin phoiblí go dtí deireadh mhí Eanáir 2012 – is beag atá cloiste go poiblí go dtí seo faoi thorthaí an phróisis seo. Níor chuidiú ar bith é an folús seo.

Rinneadh cinneadh Rialtais i mí na Samhna 2011 m’Oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí. Rinneadh an cinneadh sin i ngan fhios dom féin agus don Ombudsman ag an am. Níl aon mhionsonraí ar fáil go poiblí faoina bhfuil molta nó faoin bhealach a cheaptar a n-oibreodh sé agus bheadh imní orm faoi inmharthanacht na hOifige amach anseo, agus na himpleachtaí foirne a ghabhann leis sin.

Tá an Oifig ar cheann de na heagrais stáit is lú dá bhfuil ann – agus buiséad againn atá níos lú ná rúnseirbhís na tíre, fiú! Tá foireann reatha de 4.4 státseirbhíseach ag obair inti. Tá 3 cinn d’fholúntais foirne againn faoi láthair agus ár mbuiséad tite 45% ón bhliain 2008. Níor tugadh don Oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán.

Conclúid
Go ginearálta, dóibh siúd atá gafa go gairmiúil nó go deonach le cosaint nó cur chun cinn na teanga, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh. D’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí; ní bheidh sé furasta í a thabhairt ar ais go háit níos lárnaí.

Mar bhunchéim riachtanach agus Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú mar chuid de chlár an Rialtais, creidim go láidir go gcaithfear foráil shoiléir a chur ann a chinnteoidh go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit. Agus comhthreomhar leis seo, caithfear athchuairt a thabhairt láithreach ar cheist na teanga san earcaíocht agus i gcomórtais arduithe céime sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí i gcoitinne – go simplí, níl bealach ar bith go noibreoidh na beartais is deireanaí atá fógartha ina leith seo.

Mura féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an dá ghné sin – úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí ‒ nuair a bheidh an tAcht á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist. Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga – bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh.

Beidh 10 mbliana caite agam i mbun oibre mar Choimisinéir Teanga i ndeireadh mhí Feabhra seo chugainn. Cé go bhfuil 2 bhliain eile fágtha i mo thréimhse ceapacháin, creidim i mo chroí istigh i bhfianaise na faisnéise atá curtha in bhur láthair agam anseo inniu gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn. Tá an cinneadh seo curtha in iúl inniu agam i scríbhinn d’Uachtarán na hÉireann mar a leagtar síos sa dlí.

Ba mhaith liom ag an tráth seo mo bhuíochas a chur in iúl dóibh siúd ar fad a chuidigh liom le linn na mblianta atá caite agam i mbun chúraimí an phoist seo – go háirithe foireann bheag dhíograiseach na hOifige. Glacaim buíochas leo sin ar fad i réimse na polaitíochta agus sa státchóras a thacaigh lenár gcuid oibre. Ba mhór agam an tacaíocht in imeacht na mblianta ó na meáin chumarsáide, go speisialta iriseoirí na Gaeilge, ó na heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta, ón lucht acadúil, uathu sin a chuir comhairle orm go gairmiúil nó go deonach, ó choimisinéirí teanga eile as gach cearn den domhan, ó bhaill den státseirbhís agus den tseirbhís phoiblí, ó chairde agus ó gach duine eile a chuidigh linn.

Thar aon ní eile, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as an mhuinín a chur siad ionam féin agus i bhfoireann na hOifige le 10 mbliana anuas.

Mo bhuíochas fosta leatsa, a Chathaoirligh, agus le baill an Chomhchoiste as éisteacht liom inniu.

Go raibh míle maith agaibh.

2 comments:

  1. Opinion polls and census returns have consistently shown that the majority of Irish people are favourably disposed towards the language - which is a bit of a miracle in itself given the forces ranged against it. It might only amount to the cúpla focal but most people certainly don't want to see it abolished. It's noteworthy that in the last presidential election of the eight people who stood the people's choice for the highest office in the land was the sole candidate who had Irish. There is on the other hand a significant minority (some vocal, many silent) who hate Irish or are embarrassed by it. But I think many people, including many Gaeilgeoirí, underestimate the progress which has been made by Irish as a modern written and spoken language. I recently visited the Visitors' Centre of the European Parliament in Brussels and I was struck by the quality of the presentation both audio-visual and written which was available through Irish. I took pride in the fact that it was up there with the other 22 official languages of the EU and I believe most Irish people would feel a similar pride in our ancient tongue holding her own in the contemporary world. No Irish person should visit Brussels without experiencing this exhibition. In my view it is here, and in other such prestigious public spaces, that the future of the language will be decided. The Brussels example demonstrates what could be done to make Irish more visible and audible in our own public institutions if the political will and support was there for it.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete