Friday, February 28, 2014

Masla ar an idirlíon!

Fuair mé na moltaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le plé le maslaí ar líne. Sé Cuan Ó Seireadáin a cheap é. Ar ndóigh baineann sé leis na meáin éile chomh maith.

Caithfidh gach feachtas ar son na cearta sibhialta déileáil le masla den sórt seo. Is fianaise iad na maslaí pearsanta go bhfuil coinsias na maslaitheoirí faoi bhrú, agus go bhfuil tobar na n-argóintí réasúnta folamh.

Bíonn sé mar aidhm ag na maslaitheoirí an díospóireacht a shracadh i dtreo ina labhraítear faoi rudaí nach mbaineann leis an bhfeachtas, go háirithe maidir leis an gcóras oideachais agus a dtaithí fhulangach féin (mar dhea) air.

Níl aon dualgas orainn coimhlint ar an leibhéal sin.

Déarfadh ná Rómhánaigh i gcónaí gurb iad na hargóintí ad hominem na cinn ba laige: (Seo miniú ar Wikipidia an Bhéarla ar an tearma ad hominem!)

B’fhíor dóibh.

Tá sé riachtanach mar sin:
1) Nach ndéanfaimis masla muid féin riamh. Nach n-úsáidfimid tada ón oidhreacht shaibhir do mhaslaí a dhéanann iarracht coinsias ciontach a mhúscailt ar nós ‘seoinín’ agus srl. Go gcnuasófaí agus go scaipfí liosta do fhreagraí gearra dearfacha ar na maslaí míchearta is coitianta.

2) Go ndéarfaimis arís agus arís eile, go réasúnta agus go féinchinnte, gur feachtas cearta sibhialta é seo.

3) Léiriú, mar sin, go bhfuil rogha le déanamh: Todhchaí (Dearfach) nó Bás (Diúltach).

4) Go dtaispeánfaí, chomh minic agus is féidir, gur muidne an taobh atá dearfach, greannmhar, óg, spreagúil, úr, fuinniúil, saibhirshamhlaíoch, tuisceanach, cineálta, aontaithe, oscailte, fáilteach.

5) Go dtaispeánfaí, chomh minic agus is féidir, gur muidne an taobh a bhfuil fís agus dóchas acu; an taobh atá dírithe ar an dtodhchaí (ceist na gcearta), ní ar an aimsir chaite (an drochthaithí oideachais).

6) Go gcuirfimis fáilte roimh gach tacaíocht a thugtar dúinn go poiblí nó go príobháideach, is cuma cé chomh beag agus atá sé.

7) Go bhfreagróimis, arís agus arís eile, gur díospóireacht fíor-thábhachtach í an díospóireacht oideachais, ach nach féadfar í a phlé gan cearta a phlé chomh maith.

8) Más rud é go ndeireann daoine naimhdeacha rudaí nimhneacha, drochbhéasacha, foréigeanacha a rá, neartaíonn sé sin ár n-argóint go bhfuileamar ag troid in aghaidh luathbhreithiúnais mhí-réasúnta.

9) Tuiscint nach iad na hargóintí iad féin a bhuann cathanna ar son tacaíocht phoiblí go minic, ach an taobh ar féidir leo níos mó torainn a chruthú. Tuiscint go gcaithfidh an torann sin bheith dírithe sa dtreo chéanna i gcónaí: Rialtais atá ag tréigeadh a dhualgas, agus atá ag déanamh neamhairde ar an mórchuid saq phobal anseo agus thar lear a roghnaíonn Todhchaí dár dTeanga.

10) Go mbeadh an bhfoclóir agus na teachtaireachtaí céanna a úsáid ag gach éinne, i ngach díospóireacht, an t-am ar fad.

11) Go mbeadh gearrliosta do na héilimh ar fáil, i bhfoclóir simplí, i mBéarla agus i nGaeilge, agus iad á scaipeadh agus á lua ag gach deis, bíodh sé poiblí nó bíodh sé príobháideach.

12) Go labhróimis faoi “Lá Iontach na Gaeilge”, faoi “Earrach na Gaeilge”.

1 comment: