Wednesday, October 1, 2014

An Stáit Sheirbhís agus an Straitéis! #Gaeilge

Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., fáilte inné (30 Meán Fómhair 2014) roimh na tuarascálacha ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá foilsithe ag na Ranna Rialtais ábhartha, 12 acu san iomlán, ar an dul chun cinn atá déanta acu le bliain anuas faoin Straitéis.

I measc na rudaí a dúirt an Aire Stáit bhí seo: "Is léir domsa fosta go léiríonn na tuarascálacha ar dhul chun cinn go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le feidhmiú na Straitéise a mbeidh tionchar dearfach aige ar an teanga san fhadtréimhse. Is údar sásaimh dom go n-aithníonn na Ranna Rialtais go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne atá in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge in achan Roinn agus go bhfuil gealltanas tugtha acu go n-aithneofar ina gcuid scéimeanna teanga amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 na poist nó na réimsí oibre lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge."

Ach bhi píosa ag an iar-stáit sheirbhíseach, Seán Mag Leannáin, faoin dtuairisc ar an ardán facebook le deanaí. Dúirt sé:

"Foilsíodh tuarascálacha ó na Ranna Stáit éagsúla ar an dul chun cinn atá déanta acu (dar leo fhéin) go dtí seo faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Foilsíodh dhá thuarascáil déag san iomlán ar shuíomh idirlín na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu 30 Meán Fómhair 2014. Ní raibh aon tuarascáil ó cheachar den dá Roinn is mó teagmháil leis an bpobal – An Roinn Coimirce Sóisialaí (nó An Roinn Leasa Shóisialaigh mar is fearr aithne uirthi) agus Na Coimisinéirí Ioncaim. Léigh mé na tuarascálacha uilig agus níor éirigh liom teacht ach ar phost amháin i measc na mílte post sa státseirbhís atá luaite go sonrach mar phost a mbeidh riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge ceangailte leis. Comhghairdeas leis an Roinn Dlí agus Cirt as an éacht seo ... Seo mar a chuireann siad síos ar an gaisce uathúil s’acu:
“Tá post amháin mar aistritheoir sa Roinn a bhfuil sé riachtanach go mbeadh sealbhóir an phoist sin dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Déanfaidh an Roinn, mar chuid dá chreat leanúnach pleanála fórsa oibre, na réimsí sin den Roinn a aithint a mbeadh sé inmhianaithe go mbeadh líofacht dhátheangach iontu, nó gurbh fhearr a chuideodh líofacht dhátheangach iontu le spriocanna gnó a bhaint amach. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbainfidh riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.”
Tabhair faoi deara go mbaineann na Ranna uilig úsáid as an bhfoirmle chéanna maidir lena gcur chuige sa réimse seo – ie, ‘go n-aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo’ na poist a mbeidh an Ghaeilge sonraithe mar riachtanas dóibh."

Bhí píosa ar Nuacht TG4 faoi ar an Máirt 30 Meán Fomhair ina dúirt an Coimisinéir Teanga, Ronán Ó Domhnaill  go bhfuil sé "Thar am ag an rialtas a aithint go sonrach cá bhfuil gá le daoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí!" Is beag aird a thugtar ar sna meán chló Bhéarla air an tuairisc agus ar ndóigh níl meán chló i nGaeilge le fáil anois dúinn a mbuíochas le Foras na Gaeilge. Mar sin tá an tuairisc ina iomláine anseo agam.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: Nollaig 2010 – Iúil 2013

Struchtúir
Tá struchtúir bunaithe ón mbliain 2011 chun feidhmiú na Straitéise a chur chun cinn agus chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn ina leith. San áireamh sna struchtúir sin, tá an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh, chomh maith leis an nGrúpa Idir-Rannach atá faoi chathaoirleacht an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus grúpaí eile d'oifigigh a bhíonn ag plé le hearnálacha éagsúla ar nós oideachas.
Reachtaíocht

Joe McHugh, Aire Stáit
a sheol an tuairisc!
Achtaíodh Acht na Gaeltachta i mí Iúil 2012. Forálann an tAcht do phróiseas pleanála teanga i limistéir a aithneofar go reachtúil mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an reachtaíocht thánaisteach a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga a fhorordaítear san Acht. Síníodh an tOrdú um Thosach Feidhme faoi Acht na Gaeltachta ar an 16 Aibreán 2013. Is ar an lá sin a tháinig Acht na Gaeltachta 2012 i gníomh, a mhéid nach raibh sé i ngníomh cheana féin.

Tá na chéad chéimeanna á nglacadh ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge féachaint le tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga le heagraíochtaí agus le pobail sna ceantair éagsúla lena mbaineann. I measc na bpríomhbheartas atá á gcur chun cinn ag an Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, tá:
  •  Rialacháin ina leagfar amach na critéir pleanála teanga a bheidh le húsáid le measúnú a dhéanamh ar na pleananna teanga a bheidh ullmhaithe do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus do na Líonraí Gaeilge.
  •  Fógraí a thabharfaidh sainmhíniú ar thoghranna na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.
  •  Treoirlínte ina leagfar amach próiseas trédhearcach chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir, bailte agus líonraí agus measúnú a dhéanamh orthu.
  •  Córas a fhorbairt chun eagraíochtaí a roghnú le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
  •  Dioplóma i bPleanáil Teanga, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a fhorbairt lena bheith ar fáil d'fhoireann eagraíochtaí pobail agus comhlachtaí Stáit a mbeidh baint acu leis an bpróiseas pleanála teanga. Tá tús le cur le soláthar an chláir seo i bhfómhar 2013.
  •  Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chun taighde atá foilsithe, ón uair gur tugadh faoin Staidéar Teangeolaíoch in 2007, a thabhairt san áireamh. Tá an leagan nuashonraithe den Staidéar Teangeolaíoch le foilsiú i bhfómhar 2013. Tá sé seo idir lámha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ag an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Le hAcht na Gaeltachta, déantar leasú freisin ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Faoin Acht, cuireadh ar ceal an ceanglas gur le toghchán a thoghfaí bord Údarás na Gaeltachta agus rinneadh laghdú ar líon na gcomhaltaí boird ó 20 comhalta go 12. Ceapadh bord nua Údarás na Gaeltachta i mí na Samhna 2012.

Achtaíodh Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2013 i mí Feabhra 2013. Forálann an tAcht do leathnú ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais maidir le haistriú reachtaíochta (chun reachtaíocht phríomha agus thánaisteach araon a thabhairt san áireamh). Foráiltear san Acht freisin go bhfoilseoidh Coimisiún Thithe an Oireachtais An Caighdeán Oifigiúil agus go ndéanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil air.

Oiliúint i nGaeilge agus Measúnú Inniúlachta
Faoi Chomhaontú Seirbhíse idir an Roinn agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a síníodh i mí Feabhra 2013, tá freagracht ar an Roinn i leith cúrsaí oiliúna Gaeilge agus measúnú inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís. Tá an Roinn i mbun idirchaidrimh faoi láthair le Ranna agus Oifigí Rialtais chun a riachtanais oiliúna a fháil amach agus bunsonraí a leagan amach i ndáil le riachtanais amach anseo.

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta
Maoiníonn an Roinn réimse tionscnamh faoina cuid Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta:

  •  Sheol an Roinn an Clár Tacaíochta Teaghlaigh i mí Aibreáin 2012. Faoin gclár seo, tá roinnt tionscnamh á gcur i bhfeidhm atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Áirítear orthu sin pacáiste tacaíochta do thuismitheoirí agus soláthar níos fearr faoi Scéim na gCúntóirí Teanga chun cuidiú le páistí i mbunscoileanna Gaeltachta maidir le sealbhú agus saibhriú a gcuid scileanna teanga.
  •  Aistríodh an fhreagracht maidir leis an gcóras ceadaithe do choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí an Roinn seo in 2010. Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, rinne 23,840 dalta freastal ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht in 2012. Bhí ról lárnach ag an Roinn seo, i dteannta CONCOS (Comhchoiste na gColáistí Samhraidh), i gcomhordú na gcúrsaí Cásca sa Ghaeltacht d'ábhar oidí faoi scéim nua a tugadh isteach faoi Cháisc 2013.
  •  Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn d'ionaid tacaíochta teaghlaigh in Indreabhán agus ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe agus tá pleananna á gcur chun cinn chun áis cosúil leo sin a fhorbairt i mBaile an Fheirtéaraigh i gCo. Chiarraí in 2013.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do réimse eagraíochtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do chúrsaí aistriúcháin, ateangaireachta agus dlí in institiúidí tríú leibhéal in Éirinn chun freastal ar riachtanais earcaíochta a thagann chun cinn in Éirinn de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus sna hinstitiúidí Eorpacha de bharr aitheantas a bheith ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. D'éirigh le 222 mac léinn na cúrsaí seo a chríochnú idir 2006 agus 2012.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun téarmaí Gaeilge a aistriú do bhunachar sonraí téarmaíochta an Aontais Eorpaigh,
  • IATE (Téarmaíocht Idirghníomhach don Eoraip). Tá os cionn 50,000 téarma aistrithe go dtí seo, rud a fhágann go bhfuil an Ghaeilge anois ar an 14ú teanga is mó i mbunachar sonraí téarmaíochta an AE.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do chúrsaí Gaeilge in os cionn 30 coláiste tríú leibhéal thar lear agus d'fhreastail os cionn 1,400 mac léinn ar na cúrsaí sin sa tréimhse ó 2011 go 2012. Méadaíonn an tionscnamh seo próifíl na Gaeilge go hidirnáisiúnta agus spreagann turasóireacht chultúrtha, go háirithe chun na Gaeltachta.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do réimse tionscnamh ata dírithe ar rochtain níos fearr ar an teanga a chur ar fáil do gach duine, lena n-áirítear digitiú ábhar ar líne ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus forbairt córas iomlán Téacs-go-hUrlabhra don Ghaeilge (www.abair.ie) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Gníomhaireachtaí Gaeilge faoi choimirce na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Foras na Gaeilge
Gníomhaireacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh Theas é Foras na Gaeilge, ceann de na sé chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Dá réir sin, tá ról reachtúil ag Foras na Gaeilge maidir le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá Foras na Gaeilge freagrach as oibriú le pobail i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, de réir mar is cuí, agus i Líonraí Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair sin. Chun critéir pleanála teanga a ullmhú do na Líonraí Gaeilge faoi Acht na Gaeltachta, ghlac ionadaithe ó phobail Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus Foras na Gaeilge páirt i ngrúpa fócais arna eagrú ag an Roinn in 2012.

I measc phríomhéachtaí Fhoras na Gaeilge go dáta in 2013, bhí an Foclóir nua Béarla-Gaeilge a seoladh i mí Eanáir 2013. Tá an leagan leictreonach den fhoclóir (www.focloir.ie) in ann freastal ar 85% de na gnáthchuardaigh a dhéanann úsáideoirí agus cuirfear ábhar leis an leagan ar líne ar bhonn leanúnach go dtí go bhfoilseofar an leagan clóite in 2015.

Ina theannta sin, tá faomhadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí Iúil 2013 do na socruithe nua maoinithe, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge, ina chloch mhíle riachtanach chun a chinntiú go gcuirfear feabhas suntasach ar sholáthar seirbhísí túslíne sa dá dhlínse.
Chun a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh, tugann Foras na Gaeilge faoi réimse leathan gníomhaíochtaí. Seo a leanas roinnt samplaí de na gníomhaíochtaí sin:

  •  Chun múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge a fhorbairt, cuirtear caighdeán ard áiseanna teagaisc agus foghlama, chomh maith le téacsleabhair, ar fáil. Tá scéimeanna tacaíochta eile ar fáil freisin, mar shampla, GLEO (Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais) agus deontais do scoláireachtaí i gcoláistí oiliúna.
  •  Déantar freastal freisin ar dhaoine óga lasmuigh de shuíomh na scoile trí Scéim Óige agus Scéim Champaí Samhraidh Fhoras na Gaeilge.
  •  Cuirtear tacaíocht agus oiliúint speisialaithe ar fáil san earnáil phoiblí ar bhonn leanúnach. Mar shampla, tá córas creidiúnaithe d'aistritheoirí agus d'eagarthóirí bunaithe, chomh maith le hacmhainní cosúil le háiseanna aistriúcháin ríomhchuidithe, bunachar sonraí téarmaíochta náisiúnta (www.focal.ie) agus an líne chabhrach FREAGRA.
  •  Faoin Scéim Phobail Ghaeilge 2011-2013, cuirtear maoiniú ar fáil do 19 oifigeach forbartha Gaeilge atá fostaithe ag coistí i gceantair éagsúla ar fud na tíre.
  •  Tá scéimeanna agus tionscadail ar fáil chun úsáid na teanga sna healaíona, sna meáin agus sna hilmheáin a chur chun cinn, mar shampla, Scéim na gComplachtaí Drámaíochta, Scéim na bhFéilte, Scéim na Foilsitheoireachta agus Scéim na dTionscadal Litríochta.
  •  Cuirtear tacaíocht ar fáil d'fhorbairt na Gaeilge san earnáil ghnó tríd an bhfeachtas feasachta Gnó Means Business agus trí scéimeanna cosúil le Scéim na gComharthaí Dátheangacha.
  •  Cuirtear tacaíocht ar fáil trí Chlár na Leabhar Gaeilge do chur chun cinn na léitheoireachta, na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge.
  •  Tá suíomh tairsí don Ghaeilge á fhorbairt a bheidh ina lárphointe rochtana ar acmhainní Gaeilge ar líne. Cé go ndéanfar é seo a fhorbairt ar bhonn breisíoch, samhlaítear gur in 2014 a sheolfar an chéad chéim den fhorbairt.

Údarás na Gaeltachta
Is é Údarás na Gaeltachta an ghníomhaireacht forbartha réigiúnach don Ghaeltacht. Tá gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta dírithe ar shaol teangeolaíoch, sóisialta agus eacnamaíoch na Gaeltachta. Tá sé tiomanta do phobal agus eacnamaíocht Ghaeltachta inmharthana a fhorbairt chun an Ghaeilge a spreagadh mar phríomhtheanga pobail an réigiúin.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá cúram ar Údarás na Gaeltachta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. Faoin Acht, tá sé freagrach as oibriú le pobail atá sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta, de réir mar is cuí, chun pleananna teanga a ullmhú sna limistéir sin agus iad a fheidhmiú. Tá Údarás na Gaeltachta ag plé an phróisis pleanála teanga le heagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht a mbeidh orthu tionscnaimh pleanála teanga ar leith a chur i bhfeidhm mar chuid dá bpleananna oibre in 2013.
Chun a chuid oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh, tugann Údarás na Gaeltachta faoi réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n-áirítear:

  •  Scéimeanna fiontraíochta agus fostaíochta a thacaíonn le tuairim is 7,000 post lánaimseartha ar fud na Gaeltachta. Aontaíodh meicníocht fhoirmiúil do chomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann i mí an Mheithimh 2013 a rachaidh chun tuilleadh tairbhe d'fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht.
  •  Cuirtear maoiniú ar fáil do 30 eagraíocht phobalbhunaithe sa Ghaeltacht.
  •  Oibríonn gréasán de 70 naíonra sa Ghaeltacht faoi choimirce Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, chomh maith le hionaid cúraim leanaí a chuireann tionscnaimh
  • luathfhoghlama ar fáil trí Ghaeilge.
  •  Oibríonn Óige na Gaeltachta líonra clubanna óige ar fud na Gaeltachta a dhéanann
  • freastal ar 1,800 duine óg.
  •  Feidhmíonn Ealaín na Gaeltachta, arna chómhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus an
  • Chomhairle Ealaíon, clár cuimsitheach ealaíon sa Ghaeltacht. 4


An Roinn Oideachais agus Scileanna
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis na gníomhartha oideachais a bhaineann le curaclam, measúnú agus oideachas múinteoirí, mar atá leagtha amach sa Straitéis, a fhorfheidhmiú. Tá forfheidhmiú na ngníomhartha seo ag tarlú in éineacht le forfheidhmiú na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta, forbairtí in oideachas tosaigh do mhúinteoirí agus athchóiriú na sraithe sóisearaí.

Forbairt Curaclaim
Tá curaclam nua comhtháite teanga do bhunscoileanna á fhorbairt ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a chuimseoidh torthaí foghlama don Ghaeilge agus samplaí d'obair na bpáistí chun na caighdeáin atá le baint amach ag foghlaimeoirí a léiriú. Baineann mórfhócas chur i bhfeidhm na Straitéise ag an Roinn le soláthar acmhainní agus ábhair oideachasúla do mhúineadh trí Ghaeilge. Tá raon na n-acmhainní agus na n-ábhar oideachais don teagasc trí Ghaeilge feabhsaithe go mór ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), arna maoiniú ag an Roinn. Cuirfidh comhcheangal COGG leis an CNCM, a fógraíodh i mí na Samhna 2012, le cumas COGG i ndáil leis an obair seo mar go mbeifear ábalta forbairt na gcuraclam ag an CNCM, agus forbairt na n-ábhar i nGaeilge ag COGG a dhéanamh ar bhealach atá comhordaithe go dlúth. Cuirfidh an comhcheangal freisin le cumas COGG comhairle a chur ar fáil agus taighde a dhéanamh maidir le straitéisí agus tacaíochtaí do mhúineadh trí Ghaeilge.

Tá sé beartaithe polasaí na Roinne ar thumoideachas i mbunscoileanna a shoiléiriú. Tá pleananna i bhfeidhm chun an curaclam bunscoile a fhorordú le hionstraim reachtúil a luaithe is féidir agus socruithe a dhéanamh chun tréimhse tumoideachais i nGaeilge a chur i bhfeidhm i mbunscoileanna Gaeilge.

Den chéad uair riamh, bhí scrúduithe caighdeánaithe ar fáil agus in úsáid i mbunscoileanna Gaeilge i Meitheamh 2012. Tá sé i gceist scrúduithe den chineál céanna a bheith ar fáil i scoileanna iar-bhunoideachais Gaeilge ag deireadh an dara bliain.

Mar chuid den tsraith nua shóisearach, tá curaclam athbhreithnithe don Ghaeilge idir lámha ag an CNCM agus beidh sé ar fáil ó Mheán Fómhair 2014. Chomh maith leis sin, tá an tAire Oideachais agus Scileanna ag iarraidh ar an CNCM féachaint ar ghearrchúrsa speisialaithe a chur ar fáil i nGaeilge sa tsraith shóisearach i scoileanna Gaeilge. D'iarr an tAire ar an CNCM freisin comhairle a thabhairt maidir leis an gcaoi inar féidir freastal ar riachtanais daltaí i scoileanna Gaeilge trí aon athchóiriú ar an siollabas/sonraíocht don Ghaeilge sa tsraith shinsearach.

Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tá socruithe measúnaithe tugtha isteach a leagann béim níos mó ar fhorbairt chumas Gaeilge labhartha na ndaltaí ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Dáiltear 40% de na marcanna i scrúdú na hArdteistiméireachta sa Ghaeilge ar an scrúdú béil. Shuigh na chéad daltaí a tháinig faoi na socruithe measúnaithe seo a scrúdú Ardteistiméireachta i Meitheamh na bliana 2012. Tá an CNCM le hathbhreithniú a dhéanamh ar eispéiris na ndaltaí ar na socruithe measúnaithe nua roimh dheireadh na bliana 2013. Tá méadú tagtha freisin ar líon na ndaltaí atá ag gabháil don scrúdú béil sa Ghaeilge ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. Beidh measúnú ar chumas labhartha ina riachtanas sna socruithe measúnaithe don Ghaeilge mar chuid den tsraith shóisearach nua.

Tá sé i gceist ag an Roinn tabhairt faoi thaighde in 2013/2014 maidir leis an mbealach a éilítear díolúine ón nGaeilge agus a cheadaítear í. Bainfear leas as an taighde seo san athbhreithniú ar na socruithe reatha i leith na díolúine.

Oideachas do Mhúinteoirí
Tugadh bearta isteach ag an bpointe iontrála agus le linn na gclár in oideachas tosaigh do mhúinteoirí a bhfuil sé mar aidhm acu cumas Gaeilge na n-ábhar oidí a threisiú, chomh maith lena gcumas í a mhúineadh. Áirítear orthu seo bearta chun na bunriachtanais iontrála don Ghaeilge a leasú, méadú i bhfad na gclár oideachais tosaigh do mhúinteoirí agus athchumrú ábhar na gclár. Beidh an socrúchán Gaeltachta do mhúinteoirí faoi oiliúint ina ghné lárnach de na cláir uile oideachais tosaigh do mhúinteoirí. Tá síneadh curtha le tréimhse an tsocrúcháin freisin ó thrí seachtaine go ceithre seachtaine i dtréimhse 2 bhliain. Tá sé i gceist ag an Roinn bearta breise a thabhairt isteach a bhaineann le hoideachas do mhúinteoirí a láidreoidh an soláthar d’oideachas trí mheán na Gaeilge. Airítear orthu seo soláthar de mheascán roghanna ar an láthair agus ar líne don fhorbairt ghairmiúil leanúnach.

Tacú le hoideachas trí Ghaeilge
Tá réimse beart a bhaineann le hoideachas múinteoirí in áit chun tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge. Leanann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí de thacaíocht a sholáthar do mhúinteoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna Gaeilge. Ina theannta sin, tugann COGG tacaíocht do sholáthraithe chun cúrsaí a sholáthar atá sainiúil do riachtanais na múinteoirí i scoileanna Gaeilge. Leanann an dioplóma iarchéime sa teagasc trí Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh de chinntiú go bhfuil soláthar ann de mhúinteoirí d'iar-bhunscoileanna Gaeilge. Tá deiseanna ar fáil do mhúinteoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna feabhas a chur ar a gcuid inniúlachta maidir le feidhmiú i gcomhthéacsanna oideachais trí mheán na Gaeilge trí bheith páirteach i gcláir chuí iarchéime ag leibhéal máistreachta. Tá an Roinn ag comhoibriú leis an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann ar thionscnamh thuaidh theas a dhéanann soláthar do chothú na ngníomhaíochtaí foghlama cumaisc do mhúinteoirí i scoileanna Gaeilge, lena n-áirítear scoileanna Gaeltachta, agus comhroinnt ar shamplaí dea-chleachtais agus ar acmhainní maidir leis an litearthacht agus leis an uimhearthacht.

Scoileanna Gaeltachta
Tá pleananna i bhfeidhm chun mionanailís a dhéanamh le linn 2013-2014 ar na dúshláin ar leith a bhíonn le sárú ag scoileanna Gaeltachta chun roghanna polasaí a aithint don teagasc trí mheán na Gaeilge sna scoileanna seo, go háirithe i gcomhthéacs Acht na Gaeltachta 2012.
Soláthar d'oideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Ag an mbunleibhéal, déanfar cinneadh maidir leis an ngá atá le gaelscoileanna i gceantair ina bhfuil méadú déimeagrafach ar bhonn tosca déimeagrafacha, éileamh ó thuismitheoirí agus iarratais ar phátrúnacht ó phátrúin féideartha. I gceantair ina bhfuil uimhreacha seasmhacha déimeagrafacha, éascóidh an Roinn aistriú scoileanna reatha Béarla chuig pátrúin nua, lena n- áirítear iad siúd a reáchtálfaidh na scoileanna mar ghaelscoileanna. Ag an leibhéal iar- bhunscoile, leanfaidh an Roinn ag sainaithint na gceantar ina bhfuil gá le gaelcholáiste nua de réir thairseach éilimh (i.e. 400 dalta) atá i bhfad níos ísle ná a comhionann do scoileanna Béarla (i.e. 800 dalta). Tá polasaí réamhghníomhach glactha ag an Roinn i ndáil le bunú scoileanna Gaeilge. Tá tús curtha aici le pleanáil do scoileanna dá leithéid in oirchill an éilimh, in áit a bheith ag fanacht go dtiocfaidh éilimh áitiúla chun cinn. Mar thoradh air sin, tá ceithre cinn as 20 bunscoil atá le bunú faoin mbliain 2015 sainaitheanta ag an Roinn mar scoileanna Gaeilge. Ar an gcaoi chéanna, is scoileanna Gaeilge a bheidh i dtrí cinn as 17 iar-bhunscoil atá le bunú faoin mbliain 2014.

Ardoideachas
Is ar institiúidí aonair ardoideachais, faoi choimirce an Údaráis um Ard-Oideachas, atá an phríomhfhreagracht as aidhmeanna na Straitéise i ndáil le hardoideachas a chur i bhfeidhm. Tagann sé seo le neamhspleáchas reachtúil na n-institiúidí ardoideachais maidir le gnóthaí acadúla agus soláthair clár, chomh maith lena bhfreagracht reachtúil an Ghaeilge a chaomhnú, a chothú agus a shaothrú.

Oideachas do Dhaoine Fásta
Maidir leis an aosoideachas, cuirtear cúrsaí Gaeilge ar fáil saor in aisce do dhaoine fásta trí scéimeanna a mhaoiníonn an Roinn agus a chuireann na Boird Oideachais agus Oiliúna ar fáil. Féadfaidh daoine fásta leas a bhaint freisin as cúrsaí atá deimhnithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann. Cuireann roinnt de na hinstitiúidí tríú leibhéal cúrsaí Gaeilge ar fáil atá i réimse na gcúrsaí a bhaineann le foghlaim ar feadh an tsaoil. Tá na cúrsaí sin dírithe ar chumas Gaeilge na bhfoghlaimeoirí a fheabhsú.

Roinn an Taoisigh
Tá an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht athbhunaithe ag an Rialtas reatha. Tá an coiste seo faoi chathaoirleacht an Taoisigh agus tugann grúpa idir-rannach d'oifigigh sinsearacha tacaíocht don choiste. Tagann an coiste le chéile go rialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm na Straitéise.

Bíonn na foilseacháin bhliantúla a eisíonn Roinn an Taoisigh ar fáil go dátheangach, mar shampla, na cláir don Lá Náisiúnta Cuimhneacháin, comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 agus comóradh Dhónaill Uí Chonaill.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Aithnítear go cuí stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh i soláthar seirbhísí ateangaireachta, i suíomh gréasáin Uachtaránacht an AE agus i ngníomhaíochtaí agus in ábhair bholscaireachta atá dírithe ar thoscairí agus rannpháirtithe AE in Éirinn agus sa Bhruiséil le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE.

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Agus í ag coinneáil a ról foriomlán i ndáil le polasaí oiliúna agus measúnú inniúlachta i nGaeilge laistigh den Státseirbhís, tá an fhreagracht as cur i bhfeidhm oiliúint Ghaeilge agus measúnú inniúlachta Gaeilge leagtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Síníodh comhaontú seirbhíse idir an dá Roinn i mí Feabhra 2013 chun feidhm a thabhairt don tionscnamh nua polasaí sin.

Mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre sa Státseirbhís, aithneoidh Ranna agus Oifigí poist/réimsí oibre a mbeidh Státseirbhísigh atá in ann feidhmiú go dátheangach de dhíth iontu. Beidh an-tábhacht leis an bpróiseas sin lena chinntiú go ndéanfar soláthar i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin a mbeidh inniúlacht i nGaeilge riachtanach dóibh. Sonrófar freisin i scéimeanna teanga amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 na poist a mbeidh ceanglas inniúlachta teanga ag baint leo.

An Roinn Sláinte
Tá plean forfheidhmithe ullmhaithe ag an Roinn Sláinte maidir le conas a chuirfear an Straitéis i bhfeidhm in earnáil na sláinte. É sin ráite, ó tharla nach í an Roinn an soláthróir reachtúil de sheirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta, beidh an fhreagracht as soláthar formhór na ngníomhaíochtaí sa phlean ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ar ghníomhaireachtaí sláinte eile de chuid an Stáit. Sa chomhthéacs seo, tá an FSS tiomanta do phróiseas chun foireann phríomhchúraim a fhorbairt a bheidh ábalta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i gceantair éagsúla Gaeltachta. Earcóidh an FSS comhaltaí foirne a bheidh líofa i nGaeilge de réir mar a thagann folúntais chun cinn sa Ghaeltacht agus de réir phrótacal earcaíochta FSS ar glacadh leis i mí Aibreáin 2013. Líonfar poist san FSS ina bhfuil inniúlacht i nGaeilge de dhíth de réir an phrótacail earcaíochta.

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
Aithníonn an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go maith gur gnéithe tábhachtacha d’athbheochan na teanga í an fhoghlaim réamhscoile agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil. Go deimhin, is ar an ngá cur le cumas leanaí foghlaim agus forbairt trí shuímh ar ardchaighdéan a sholáthar atá an fócas sna cláir luathbhlianta a riarann an Roinn. Dá réir, leanfaidh an Roinn ag tabhairt tacaíocht iomlán d’oideachas réamhscoile Gaeilge. Cinnteoidh sí go leanfar ag soláthar an réimse seirbhísí tacaíochta/ábhar Gaeilge a sholáthraítear thar ceann na Roinne sa réimse seo do réamhscoileanna dá leithéid.

Leanfar ag comhlíonadh fheidhmeanna na gCoistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCC) faoi na socruithe atá ann. Cuirfear struchtúir bhreise tacaíochta ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge i ndáil leis na CCC a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta agus i ndáil le seirbhísí réamhscoile Gaeilge go ginearálta. Breithneofar go sonrach socruithe nua struchtúrtha a chur ar fáil lena chinntiú go gcuirtear seirbhísí cúraim leanaí ar ardchaighdeán ar fail trí Ghaeilge ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil de réir dea-chleachtas sa réimse seo.

Cinnteoidh an Roinn freisin go nglacfar san áireamh in aon seirbhísí tacaíochta/teagaisc amach anseo san earnáil réamhscoile/naíolainne an gá go mbeidh seirbhísí dá leithéid ar fáil trí Ghaeilge, chomh fada is a bhaineann sé le seirbhísí réamhscoile/naíolainne sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
Maidir le seirbhísí óige, seirbhísí cúraim leanaí, seirbhísí réamhscoile, seirbhísí iarscoile agus líonraí do thuismitheoirí agus leanaí le Gaeilge, tá geallta ag an Roinn, a mhéid agus is féidir faoi na cláir atá faoina cúram, tacú le cur chuige pobalbhunaithe agus sin a fheidhmiú de réir mar a fhorbraíonn pobail a bpleananna teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
D'fhoráil Comhaontú Aoine an Chéasta go n-oibreodh Rialtas na Breataine le húdaráis ábhartha chraoltóireachta na Breataine agus na hÉireann chun go mbeadh TG4 ar fáil níos forleithne i dTuaisceart Éireann. Ón uair gur aistríodh go teilifís dhigiteach in 2012, tá fáil ag 94% de Thuaisceart Éireann ar TG4.

Tá an leithdháileadh airgid ó tháille an cheadúnais go dtí an Scéim um Maoiniú Craolacháin, faoina bhfuil TG4 ar cheann de na tairbhithe is mó, méadaithe ó 5% go 7%.

Chomh maith lena oibleagáidí reachtúla faoin Acht Craolacháin 2009 a chomhlíonadh i ndáil le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge, leagfaidh RTÉ amach ina pholasaí Gaeilge agus ina scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 roinnt bearta/gealltanas chun úsáid na Gaeilge a normalú agus a neartú. Tá an polasaí agus an scéim á bhforbairt faoi láthair.

An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
I Meitheamh 2013, d'fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil treoirlínte reachtúla críochnaitheacha d’údaráis pleanála i dtaca le Pleananna Ceantair Áitiúla (LAP). Spreagfaidh na treoirlínte sin, inter alia, údaráis pleanála a bheidh ag ullmhú LAP lena mbainfidh ceantair Ghaeltachta chun a chinntiú go ndéanfar oidhreacht teanga agus cultúir na gceantar sin a chaomhnú.
I gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh ar threoirlínte pleanála 2007 i dtaca le pleananna forbartha, breithneoidh an Roinn an scóip atá ann cur leis an treoir chuimsitheach reatha a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.

Is iad na héilimh tosaíochta atá sa réimse seirbhísí comhroinnte (i.e. faoin Athbhreithniú ar Éifeachtacht an Rialtais Áitiúil) an príomhfhócas fós agus breithneofar tuilleadh an aidhm atá ann seirbhísí nua comhroinnte a fhorbairt, chun go mbeadh saineolas speisialaithe cuí ar fáil do gach limistéar Gaeltachta sa réimse pleanála, i bhfoirm idirchaidrimh idir na comhlachtaí lena mbaineann.
Tá moltaí chun an córas pleanála a neartú san áireamh sa Chlár Gnímh do Rialtas Áitiúil Éifeachtach – Tús Áite do na Daoine, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2012. Tabharfaidh an Roinn aird chuí ar na himpleachtaí a bheidh ann do gach limistéar pleanála, ceantair Ghaeltachta ina measc.
Is comhairle reachtúil é Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil forbartha faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Aontaíodh meicníocht do chomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann i Meitheamh 2013 chun borradh a chur faoi fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht. Táthar ag leanúint le comhráite maidir le comhoibriú níos fearr idir Údarás na Gaeltachta agus an tÚdarás Forbartha Tionscail faoi choimirce ghrúpa oibre ar a bhfuil oifigigh ó na Ranna ábhartha agus na gníomhaireachtaí forbartha.

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le blianta beaga anuas i dtaobh rialacha cúirte a aistriú go Gaeilge. Áirítear orthu seo na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 agus na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

Foilseofar an leagan Gaeilge den tríú mórbhailiúchán de na rialacha cúirte, Rialacha na nUaschúirteanna 1986, arb é an ceann deireanach é, in 2013 agus leanfaidh an Roinn ag foilsiú na leaganacha oifigiúla Gaeilge de leasuithe ar na Rialacha seo, chomh maith le leasuithe ar na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 agus ar na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

Aithnítear i scéim teanga an Gharda Síochána faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 an ceart atá ag saoránaigh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an nGarda Síochána. Tá roinnt gealltanas sa scéim freisin maidir le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge, lena n-áirítear an gealltanas seirbhís iomlán trí Ghaeilge a bheith ar fáil i stáisiúin Gardaí sa Ghaeltacht. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis na gealltanais éagsúla sin a chur i bhfeidhm. Is obair leanúnach atá i gceist.

An Roinn Cosanta
Is é polasaí na bhFórsaí Cosanta seirbhísí ar ardleibhéal a sholáthar dá gcustaiméirí i nGaeilge nó go dátheangach. Tá roinnt gealltanas i scéim teanga na bhFórsaí Cosanta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis na gealltanais éagsúla sin a chur i bhfeidhm. Is obair leanúnach atá i gceist.

Monatóireacht ar fheidhmiú na Straitéise
Ó tharla go bhfuil an Straitéis le cur i bhfeidhm ag roinnt príomhpháirtithe leasmhara thar thréimhse fiche bliain, ní mór monatóireacht ar bhonn leanúnach a dhéanamh ar a cur i bhfeidhm. Déanfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, arb í an Roinn í ar a bhfuil an fhreagracht uileghabhálach as an Straitéis, monatóireacht leanúnach ar chur i bhfeidhm na Straitéise i gcomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara dá dtagraítear inti.

Cuirtear tuarascálacha ar dhul chun cinn ar fáil don Choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht a choinníonn súil fhoriomlán ar dhul chun cinn agus a thuairiscíonn don Rialtas, de réir mar is gá. Déanfar tuilleadh tuarascálacha ar dhul chun cinn ar fheidhmiú na Straitéise a fhoilsiú ar bhonn tréimhsiúil.

No comments:

Post a Comment