Tuesday, January 31, 2012

Gearchéim earnáil deonach na Gaeilge!

Ráiteas ó Iar-Uachtaráin Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an tSamhail Nua Mhaoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge
Is mian linne, mar Iar-Uachtaráin ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a bhfuil 24 balleagraíochtaí inti, an ráiteas seo a dhéanamh ag uain atá chomh cinniúnach d’earnáil dheonach na Gaeilge.

Na fíricí
Faoi ghlás!
1. Is cuid fhíorthábhachtach den pholaitíocht dhaonlathach nua-aimseartha í earnáil phobail dheonach bheoga, agus aithnítear seo timpeall na cruinne. I stáit dhaonlathacha éiritheacha, is minic a thugtar cúnamh seachtrach chun rannpháirtíocht sa stát a chinntiú ón tsochaí shibhialta eagraithe, ar nós an chúnaimh a thug an tAontas Eorpach do thíortha iarchumannacha in Oirthear na hEorpa.

2. Tá Gluaiseacht Dheonach na Gaeilge, agus na heagrais a bhaineann léi, nasctha ar bhealach domhain le bunú an Stáit agus leis an bhforbairt a tháinig ina dhiaidh sin ar pholasaithe teanga na tíre ceannasaí. Ní hamháin go raibh na polasaithe seo ceannródaíoch ag an am, ach cuireadh i bhfeidhm iad le linn blianta deacra geilleagracha. Faoi theidil éagsúla, chabhraigh Earnáil Dheonach na Gaeilge leis an Stát chun gnéithe pobalbhunaithe na bpolasaithe sin a chur i bhfeidhm, agus ina ról, atá uathúil don earnáil dheonach, chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge agus a mianta siúd a chur faoi bhráid an Stáit. Tá ról níos leithne ag earnáil dheonach na Gaeilge sa tsochaí Éireannach ná mar a léirítear sa téarma “tríú hearnáil”. Go deimhin, nuair a bunaíodh an áisíneacht stáit, nó quango, Foras na Gaeilge, d’fhonn athchothromú a dhéanamh ar ionad na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, aistríodh chuig an áisíneacht nua tríd Acht a bunaithe 1999, ó Roinn an Aire a bhí freagrach astu go dtí sin, na feidhmeanna maoinithe i leith ocht gcinn d’eagraíochtaí deonacha, thuaidh agus theas.

3. Is mór idir inné agus inniu, a deir an seanfhocal. Is dócha go bhfuil an Stát sa droch-chaoi chéanna anois is a bhí nuair a tionscnaíodh polasaithe teanga ar dtús tar éis a bhunaithe. Aithníonn an earnáil dheonach státmhaoinithe é seo, agus tá sí sásta freagairt de réir mar a theastaíonn, ach is gá gur trí phróiseas aontaithe rannpháirteach a dhéanfar seo, agus é sin go sonrach sna réimsí polasaithe sin nach ndéanfaidh dochar aimhleasach d’fhorbairt nó do chur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas sa todhchaí. Is gá go mbainfí úsáid as critéir chuí, nuair atá ‘luach ar airgead’ á mheas sna réimsí sóisialta, cultúrtha agus intleachtacha.

4. Is uirlis athraithe thútach atá i bhfreagra na háisíneachta maoinithe, Foras na Gaeilge, agus athrú aontaobhach á bheartú ó bhunmhaoiniú go maoiniú gearrthréimhseach iomaíoch oscailte bunaithe ar thionscadail –
is athrú é seo le himpleachtaí fadtéarmacha a fhágfaidh drochbhail ar an nGaeilge ó thuaidh agus ó dheas.

5. Is léir go raibh freagra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (Béarla) do mholadh an Fhorais tugtha i bhfolús eolais, toisc nár tugadh deis dóibh siúd is mó a bheidh thíos leis na hathruithe molta seo léiriú ar na himpleachtaí a chur faoi bhráid na Comhairle, bíodh an léiriú sin ó na heagrais bhunmhaoinithe nó uathu siúd a bhaineann leas as saothar na n-eagras.

6. Má tá rath le bheith ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nó leis an gcur chuige nua i dTuaisceart Éireann, is sa phobal, tríd an bpobal, agus le taithí an phobail a bhainfear seo amach.

7. Bíodh seo déanta d’aon turas nó ná bíodh, is iad iarmhairtí loma na samhla nua maoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge ná go mbeidh eagraíochtaí deonacha fadbhunaithe dhícheallacha ligthe i léig.

8. Mar IarUachtaráin ar eagraíocht abhcóideachta ionadaíoch a bunaíodh i 1943, airímid go gcaithfeadh go bhfuil réiteach níos fearr ar an scéal seo ná mar atá á mholadh ag Foras na Gaeilge. Teastaíonn seirbhísí leanúnacha chomh maith le tionscnaimh nua ón nGaeilge agus ó phobail labhartha na teanga, agus tá sé seo tuillte acu. Cuirimid na moltaí a leanas chun cinn, moltaí maoinithe agus moltaí struchtúrtha, i dtreo réiteach a fháil a bheidh inghlactha ag cách.

9. Beidh buiséad de dhíth chun tabhairt faoi na scéimeanna ócáidiúla atá á moladh. B’fhéidir an buiséad sin a roinnt ar bhealaí eile.

9.1 Bealach 1:
Blocbhuiséad áirithe trí bliana a ainmniú do shaothar na n-eagraíochtaí sa phobal agus Comhchoiste a bhunú ar a mbeadh ionadaithe tofa ag na heagraíochtaí agus ionadaithe ainmnithe ag Foras na Gaeilge d’fhonn an bhuiséad sin a riaradh de réir coinníollacha dochta. Shaorfadh Bealach 1 foireann an Fhorais chun obair eile ar son na Gaeilge a bheith ar siúl acu.

9.2 Bealach 2:
I dteannta an bhlocbhuiséid sin, buiséad ar leith a bheith á riaradh ag Foras na Gaeilge féin ar chóras scéimeanna ar bhonn iomaíoch mar atá á dhéanamh acu le scéimeanna eile.

10. Mar chríoch, ní fiúntach comhairliúchán poiblí mar atá beartaithe a thionscnamh ar ábhar chomh tromchúiseach mura bhfuiltear sásta bealaí eile a iniúchadh chomh maith, an status quo ina measc, ar bhonn an daonlathais ar a laghad.
Is é ár moladh struchtúrtha mar sin, ná Grúpa ionadaíoch a bhunú, faoi Chathaoirleacht neamhspleách, chun féidearthachtaí a phlé ionas go dtiocfar ar réiteach comhaontaithe, atá bunaithe ar na fíricí go léir atá ar fáil, le cur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Is sinne le meas,

Helen Ó Murchú (1995 – 1998) (2010 – 2011)
P.T. Mac Ruairí (2004 – 2010)
Caitríona Ní Cheallaigh (2001 – 2004)
Pádraig Mac Donncha (1998 – 2001)
Liam Mac Mathúna (1992 – 1995)
Pádraig Ó Ceithearnaigh (1987 – 1992)

No comments:

Post a Comment