Thursday, November 28, 2013

Saoirse an phreasa a chosaint?

Bhí mé i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa agus léigh mé seo i saor-nuachtán an Metro-Herald (Béarla) a chuir isteach orm. 


Scríobh mé chuig Ombudsman an Phreas (Béarla) ag gearán faoi mar seo:


"Níl cónaí agam i mBaile Átha Cliath ach bhíos ar chuairt ann le déanaí agus pioch mé cóip den saor-nuachtáin "Metro Herald".

Seo cóip de litir a bhí ann ar an 4ú Lá Samhain agus sílím go raibh sé thar a bheit maslach do dhaoine gur rogha leo Gaeilge, teanga náisiúnta na tíre, a úsáid agus go mór mór do phobal na Gaeltachta. (Tá cónaí orm i gceantair Gaeltachta agus níl na fógraí eolais faoi busanna ag dul chuig an cheantair seo ag Bús Éireann i nGaeilge i nGaillimh ach ní ghlaofainn "Naitsiach" ar na Béarlórí dá bharr!).

Bheinn buíoch dá ndéanfá fiosrú le Eagathóir an "Metro-Herald" faoin litir maslach agus frith-eithneach a fhoilsiú."

Seo an fhreagar a fuair mé:

"A Chara
Go raibh maith agat as ucht do litir.
Cé go gcuirfeadh modh úsáide na natha chainte seo imní ar chuid mhaith daoine, idir Ghaelgeoirí agus Béarleoirí, is é mo thuairim go mbeadh sé deachair a chruthú go ndéanfadh sé sárú suntasach ar an gCód Chleachtais, ach go háirithe nuair is gá saoirse an phreasa a chosaint.
Mar sin, níl sé riachtanach imscrúdú a dhéanamh air faoi théarmaí an chóid.
Le gach dea-ghuí
John Horgan, Press Ombudsman"

Tá mé sásta go ndearna mé an gearán mar sin féin!


Tá Súil agam nach bhfoilseofar masla mar sin ar mhuintir Islam nó ar Iosráel, nó ar aon chine eile in aon nuachtán mar atá le feiscint go minic ar an idirlín.

Friday, November 22, 2013

An scoilt!

Fuarthas an ráiteas seo ó Chonradh na Gaeilge mar ríomh-phoist an lá faoi dheireadh! Cád é do thuairim?
Cinneadh Chonradh na Gaeilge Éirí As Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Mar eolas do bhallraíocht an Chonartha, ghlac Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge leis an rún seo a leanas d’aon ghuth ar 7 Meán Fómhair 2013:

Ós rud é gur scátheagraíocht é Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge is é seasamh Chonradh na Gaeilge nár chóir do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge dul in iomaíocht le balleagraíocht i bpróiseas maoinithe nua Fhoras na Gaeilge a fógraíodh le déanaí. Sa chás go ndéanfaidh an Chomhdháil cinneadh dul in iomaíocht le ballraíocht cuirfear deireadh le ballraíocht an Chonartha sa scátheagraíocht.

Creideann Conradh na Gaeilge go láidir nach é an ról atá ag scátheagraíocht dul in iomaíocht le balleagraíocht má tá sé ar chumas na heagraíochta sin an obair a dhéanamh - ní hamháin mar gheall gurbh é sin atá luaite i mBunreacht na Comhdhála, ach ar bhonn prionsabail chomh maith. Glacadh le rún ag cruinniú de Bhord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar 18 Samhain 2013 a dheimhníonn go bhfuil an Chomhdháil ag dul in iomaíocht le balleagraíocht i bpróiseas maoinithe nua Fhoras na Gaeilge. Tháinig ballraíocht Chonradh na Gaeilge i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun deiridh, mar sin, i ndiaidh an toradh sin a chur in iúl don Bhord.

Nuair a chuala mé faoin scoilt nó easaontas seo ar an raidío dhá oíche ó shin níor thuig mé é, agus i ndairíre ní thuigim anois é. Go dtí seo ní fhaca mé aon ráiteas a léiríonn taobh na Comhdhála den scéal seo.

I ndairíre chuirim-se féin an-chuid den mhilleáin ar an Rialtas agus ar Fhoras na Gaeilge go dtárla an scoilt seo. Cabhróidh sé go mór leis an dearcadh atá á léiriú ag an Rialtas i leith na gluaiseachta, na teanga agus ar ndóigh i leith Phobal na Ghaeltachta. Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga le déanaí faoi pholasaithe Rialtais ó 1928 ar aghaidh, "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada ..... is deacair brí ar bith eile a bhaint as!" Sílim fhéin go gcabhraíonn an easaontas atá léirithe i gcinneadh an Chonradh leis an soiniciúlacht seo.

Tá an ceart ar ndóigh ag an gConradh ag rá nach ceart don Comhdháil dul in iomaíocht le baill na Comhdhála, Ach sa chóras atá leagadh síos ag Foras na Gaeilge feictear dom nach féidir leis an gComhdháil ach dul "cap in hand" mar aon leis an gConradh agus na baill eile lena chuid den phota fíor-bheag atá tugtha ag an Rialtas do Fhoras na Gaeilge a fháil. "Divide et impera," mar a déarfadh Caesar na Róimhe!

Tá obair tabhachtach á dhéanamh ag an gConradh agus ag an gComhdháil don teanga. Ní h-aon chabhrú le dul chun chinn na Gaeilge é an scoilt seo. 

In ainm na glúinte atá tár éis a chuid a caitheamh ar son na teanga agus iad siúd atá le teacht bígí ag caint  agus ag cabhrú le chéile!

Seasamís le chéile!


Wednesday, October 16, 2013

Réabhlóid i gCill Áirne!

Seimineár an Oireachtais 2014 san Óstán Brehon i gCill Airne, Sathairn, 2 Samhain, ag 11.00.

Is é téama an tseimineáir ná Réabhlóid Nua na Gaeilge  - An Chéad Ghlúin Eile a Spreagadh’. Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Mícheál Ó Foighil, Aodhán Ó Deá agus Traic Ó Braonáin mar aoichainteoirí ag an seimineár agus beidh deis i ndiaidh na gcainteanna glacadh le haiseolas agus moltaí ón urlár. 


Rith 2014 i ndiaidh an tseimineáir sa seomra céanna ag 13.00. 
eolfar cúrsa.

Tá an an tOireachtas féin ar siúil i gCill Áirne ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain 2013

Friday, August 30, 2013

An triú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr!

Stádas mar choláiste tríú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr - Coláiste na hÉireann!
Tuairisc ar aitheasc an Choimisinéara Teanga ag oscailt Coláiste na hÉireann (3 Meán Fomhair 2013)

Tá stádas mar institiúid tríú leibhéal bainte amach ag an gcuideachta, Gaelchutúr. Tá an t-ainm Coláiste na hÉireann roghnaithe ag Gaelchultúr don institiúid nua seo. Cuirfear tús leis an gcéad chúrsa de chuid an choláiste, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Mairfidh an clár seo trí sheimeastar ar fad agus beidh sé ag leibhéal 9 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.
Éamonn Ó Dónaill

“Tá an-lúcháir ar Ghaelchultúr an stádas mar choláiste a bhaint amach,” a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais na cuideachta, “agus is cúis bhróid dúinn é bheith mar an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. “Tá súil againn go rachaidh an tionscadal nua seo i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na cruinne, agus go n-éireoidh leis rian láidir agus dearfach a fhágáil ar earnáil an oideachais in Éirinn.”

Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán dírithe orthu siúd a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mian leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur leis na scileanna atá acu sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Rachaidh an cúrsa chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.
Beidh an fhoghlaim chumaisc i gceist sa chúrsa, is é sin, meascán den staidéar ar líne, de ranganna beo ar líne, agus de léachtaí agus ranganna teagaisc sa seomra ranga. Beidh na seisiúin sa seomra ranga ar siúl Satharn amháin sa mhí i gceanncheathrú Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir i lár chathair Bhaile Átha Cliath. De bhrí go mbeidh go leor d’ábhar an chúrsa le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, tá an chuideachta dóchasach go n-éireoidh leo mic léinn a mhealladh ó gach cearn den tír.

Tá Bord Rialachais ceaptha ag Coláiste na hÉireann ar a bhfuil triúr cainteoirí Gaeilge a bhfuil taithí na mblianta acu in earnáil an oideachais tríú leibhéal. Is iad baill an bhoird ná: an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin, an té a chuir tús le Fiontar in DCU; an Dr Bríona Nic Dhiarmada, Ollamh le Scannánaíocht, Teilifís agus Drámaíocht in Ollscoil Notre Dame; agus an Dr Liam Dolan, Ollamh le Luibheolaíocht in Ollscoil Oxford.

Ba é an comhlacht rialtais Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) (Béarla) a bhronn an stádas mar institiúid tríú leibhéal ar Ghaelchultúr. Bunaíodh QQI in 2012 nuair a tugadh le chéile ceithre dhream éagsúla, HETAC agus FETAC ina measc, a bhí ag plé le teastasú agus le dearbhú cáilíochta.

Monday, August 26, 2013

Ceacht do ghluaiseacht na Gaeilge ón mairgaíocht nua?

"...Ní mór dúinn cuile rud inár ngluaiseacht, ár mbunchuspóir, ár structúr, ár mbealach le cinneadh a dhéanamh, a athrú ó bun go barr..."

Is minic a caithtear anuas ar ghluaiseacht na Gaeilge. Táid ró-choimeadach, táid scaoilte ón nGaeltacht, ón "ghnáth-duine" agus eile.

An réabhlóid deireannach
An amhlaidh go bhfuil athrú thár chinn tagtha ar phobal na tíre, an sochaí. An bhfuil gluaiseacht na Gaeilge ag rith sa rás céanna? An dtuigeann muid go bhfuil athrú tagtha, nach beag, i meon na daoine. Tá a deireann ag an-chuid daoine atá ag déanamh staidéar ar margaíocht. Tá mé ag ceapadh gur féidir le h-earnáil na gluaiseachta foghlaim ón earnáil seo na marcaíochta.

Léigh mé leabhair ag duine de na "fáithe" seo Seth Godin roinnt bhliain ó shin agus scríobh mé faoin i mblag i mBéarla timpeall trí bhliain ó shin. I rith na seachtaine seo caite bhí cruinniú mór ag dream Hubspot (Béarla), a d'oscail a oifig Eorpach in Éirinn le déanaí, i mBoston. Bhí thart ar 5000 i láthair agus níos mó ná míle eile á leanúint ar twitter (Béarla don chuid is mó!).

Scríobh cara liom, Jon DiPietro, píosa ar a bhlág faoi (Béarla) agus is fiú é a léamh chun miniú a thabhairt ar an bparaidím nua seo, "marcaíocht isteach!" Chuireann sé nuacht litir gearr amach gach seachtain ag miniú cad tá ag tárlúint agus na haithruithe atá ag teacht ar chúrsaí margaíochta le seirbhís a thabhairt don sochaí leis an dearcadh nua seo. Tá an coinceap nua seo níos saoire ná na sean bealaí (fógraíocht, ag ceannach liostaí ainmneacha, 7rl) agus ag tabhairt ábhair luachmhara a mhealann daoine chugat. Cé go bhfuil sé níos saoire tá níos mó oibre le déanamh, ach obair difriúil ar fad. Mar a dúirt duine i leabhair Ghodin: "...Ní mór dúinn cuile rud inár ngluaiseacht, ár mbunchuspóir, ár structúr, ár mbealach le cinneadh a dhéanamh, a athrú ó bun go barr..."

Ait go leor tá an cinneadh a rinne Foras na Gaeilge faoi Ghaelscéal bunaithe i bpáirt ar an smaoineamh seo ach go ndearnadh go h-aimitéarach é. Déarfainn go raibh sé bunaithe ar míthuiscint, nó, níos measa fós, leath thuiscint, ar an dteoiric seo. Bhíodar cosúil le George Bush ag dul isteach go dtí an Iarác. Nuair a bhí an gníomh déanta ní raibh tuairim aige cad a bhí le déanamh ansin!

Tá réabhlóid ag tarlúint i measc an cine daona, reabhlóid níos cuimsithí ná aireagán an chlóphreasa, agus muna dtuitear sin tá deireadh linn?

Thursday, August 15, 2013

Rith do thodhchaí na Gaeilge agus don chéad ghlúin eile Gaeilgeoirí!

FNT ag lorg rannpháirtithe le Maratón Bhaile Cliath (Béarla) a rith  le h-airgead a bhailiú mar chuid de phleananna thiomsaithe airgid an eagrais.

Mar is eol dúinn (nó b'fhéidir nach bhfuil!) cuireadh deireadh leis an scéim fhóirdheontais do na naíonraí cúpla seachtain ó shin. Tá FNT ag iarraidh airgead a bhailiú sa dóigh is go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh ag cur seirbhísí agus cúrsaí oiliúnaí riachtanacha ar fáil do naíonraí na tíre sa scoilbhliain uair.

Tá beirt d’fhoireann FNT (Seán agus Caoimhín) chun an maratón a rith ar son na naíonraí, agus más mian leat tacú leo is féidir tabhartas a thabhairt anseo .

Nó más mian leat is féidir dul ag rásaíocht leo!


Friday, July 26, 2013

Athréimniú na Tíre: Ag meabhrú ar Éirinn san 21ú aois idir Phobal & Theanga

Tionól Cruthaitheach ar Athréimniú na Tíre á eagrú sa Bhoirinn

Tá tionól cruthaitheach á eagrú ag an eagraíocht dheonach Teacht Aniar maidir le hathréimniú na tíre idir Phobal agus Ghaeilge.

‘Athréimniú na Tíre: Ag meabhrú ar Éirinn san 21ú aois idir Phobal agus Theanga’ a bheidh mar theideal ar an tionól seo a bheidh ar siúl sa Bhoireann, i gContae an Chláir ón 5-8 Meán Fómhair 2013.

Ceann Boirne
Tá i gceist go dtabharfaidh an Tionól seo deis tuiscintí nua agus féidearthachtaí nua a phlé agus rudaí nua a shamhlú don tír, agus don Ghaeilge san am atá le teacht. Glacfaidh rannpháirtithe ó earnálacha éagsúla i saol na tíre páirt sa tionól seo a reáchtálfar ar feadh trí lá i gceantar na Boirne, an tírdhreach is ársa in Éirinn, chun a dtaithí agus a smaointe a roinnt ar a chéile.

Deir Breandán Mac Cormaic, duine de Stiúrthóirí Teacht Aniar, “Is í bunaidhm an Tionóil go mbeadh dearcadh agus cumais éagsúla i láthair ar bhonn measa agus comhionannais. Cé nach féidir a bheith cinnte roimh ré céard iad na torthaí a eascróidh as cruinniú cruthaitheach den saghas seo, gach seans go mbeidh tionscnaimh nua ag teacht ar an saol agus freagracht á glacadh i gcur chun chinn na tíre agus na Gaeilge de bharr na hoibre seo”.

Tá an tionól oscailte do chách, ach tá líon na rannpháirtithe srianta do 60 duine agus mar sin is fiú d’áit a chur in áirithe go luath. Reáchtálfar an Tionól go príomha trí mheán na Gaeilge ach tabharfaidh siad siúd a bhfuil Gaeilge acu cabhair dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge nó nach bhfuil aon Ghaeilge acu agus beidh na héascaitheorí ag feidhmiú go dátheangach.