Friday, November 22, 2013

An scoilt!

Fuarthas an ráiteas seo ó Chonradh na Gaeilge mar ríomh-phoist an lá faoi dheireadh! Cád é do thuairim?
Cinneadh Chonradh na Gaeilge Éirí As Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Mar eolas do bhallraíocht an Chonartha, ghlac Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge leis an rún seo a leanas d’aon ghuth ar 7 Meán Fómhair 2013:

Ós rud é gur scátheagraíocht é Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge is é seasamh Chonradh na Gaeilge nár chóir do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge dul in iomaíocht le balleagraíocht i bpróiseas maoinithe nua Fhoras na Gaeilge a fógraíodh le déanaí. Sa chás go ndéanfaidh an Chomhdháil cinneadh dul in iomaíocht le ballraíocht cuirfear deireadh le ballraíocht an Chonartha sa scátheagraíocht.

Creideann Conradh na Gaeilge go láidir nach é an ról atá ag scátheagraíocht dul in iomaíocht le balleagraíocht má tá sé ar chumas na heagraíochta sin an obair a dhéanamh - ní hamháin mar gheall gurbh é sin atá luaite i mBunreacht na Comhdhála, ach ar bhonn prionsabail chomh maith. Glacadh le rún ag cruinniú de Bhord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar 18 Samhain 2013 a dheimhníonn go bhfuil an Chomhdháil ag dul in iomaíocht le balleagraíocht i bpróiseas maoinithe nua Fhoras na Gaeilge. Tháinig ballraíocht Chonradh na Gaeilge i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun deiridh, mar sin, i ndiaidh an toradh sin a chur in iúl don Bhord.

Nuair a chuala mé faoin scoilt nó easaontas seo ar an raidío dhá oíche ó shin níor thuig mé é, agus i ndairíre ní thuigim anois é. Go dtí seo ní fhaca mé aon ráiteas a léiríonn taobh na Comhdhála den scéal seo.

I ndairíre chuirim-se féin an-chuid den mhilleáin ar an Rialtas agus ar Fhoras na Gaeilge go dtárla an scoilt seo. Cabhróidh sé go mór leis an dearcadh atá á léiriú ag an Rialtas i leith na gluaiseachta, na teanga agus ar ndóigh i leith Phobal na Ghaeltachta. Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga le déanaí faoi pholasaithe Rialtais ó 1928 ar aghaidh, "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada ..... is deacair brí ar bith eile a bhaint as!" Sílim fhéin go gcabhraíonn an easaontas atá léirithe i gcinneadh an Chonradh leis an soiniciúlacht seo.

Tá an ceart ar ndóigh ag an gConradh ag rá nach ceart don Comhdháil dul in iomaíocht le baill na Comhdhála, Ach sa chóras atá leagadh síos ag Foras na Gaeilge feictear dom nach féidir leis an gComhdháil ach dul "cap in hand" mar aon leis an gConradh agus na baill eile lena chuid den phota fíor-bheag atá tugtha ag an Rialtas do Fhoras na Gaeilge a fháil. "Divide et impera," mar a déarfadh Caesar na Róimhe!

Tá obair tabhachtach á dhéanamh ag an gConradh agus ag an gComhdháil don teanga. Ní h-aon chabhrú le dul chun chinn na Gaeilge é an scoilt seo. 

In ainm na glúinte atá tár éis a chuid a caitheamh ar son na teanga agus iad siúd atá le teacht bígí ag caint  agus ag cabhrú le chéile!

Seasamís le chéile!


No comments:

Post a Comment