Monday, April 28, 2014

Cluain Tarbh: Comhfhreagras leis an Lárionad Airgeadra! "Nil dualgas orainn..."

"Ní fhorchuirtear aon cheanglas teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ná faoi na Rialacháin i leith bonn comórtha a eisíonn Banc Ceannais na hÉireann."

Conamara, 15 Aibreáin 2014
A Chara,

Fuair mé an t-eolas faoin bonn nua ór ag comóradh míle bliain Cath Chluain Tarbh sa phost le déanaí.

Tá na billeog déaraithe go deas agus tá an-chuid eolais istig ann faoin gcath. Ta an bonn féin go gleoite. Is trua áfach go bhfuil ainm na h-áite ar an mbonn i dteanga nach raibh eolas ag Briain Bóramha féin air nár acu siúd a bhí ag troid leis nó ina choinne!

Tá mise den tuairim gur ceart go mbeadh aon scríobhneoireacht ar bhoinn na hÉireann i dTeanga Náisiúnta na hÉireann ar a laghad - mar atá ar Stampaí na hÉireann.

Tá súil agam go gcuirfidh sibh mo ghearán ós comhair pé choiste a bhfuil déaradh bhoinn comóradh faoina churam aige!!

Mise le meas oraibh.


A chara,

Tagraím don ríomhphost a chuir tú chugainn le déanaí maidir leis an mbonn profa óir €20 ar Chath Chluain Tarbh. Is mór againn do chuid tuairimí maidir leis an mbonn féin agus leis an mbróisiúr.

Is de bhun na reachtaíochta monaíochta iomchuí a chinntear toisí agus dearthaí na mbonn Éireannach. Ní fhorchuirtear aon cheanglas teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ná faoi na Rialacháin i leith bonn comórtha a eisíonn Banc Ceannais na hÉireann.

Tá do ghearán curtha ar aghaidh chuig an bPainéal Deartha, faoi mar a d'iarr tú.

Le gach dea-ghuí,

Banc Ceannais na hÉireann

Nach bhfuil sé náireach go gcaitheadh dlí a bheith ann sula dtugann siad áit do theanga náisiúnta na tíre?


Friday, April 25, 2014

Toghcháin na hEorpa - ceisteanna faoin nGaeilge!


Seo treoir cheisteanna a furathas le deanaí ó Chonradh na Gaeilge, d'iarrathoirí Toghchán Eorpacha a bheidh á reáchtáil ar fud na tíre ar 22 – 23 Bealtaine 2014. Tá ceisteanna samplacha maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha amach do na hiarrthóirí mar aon le pointí eolais gurb fhiú go mór a chur ar shúile na n-iarrthóirí éagsúla.

Tabhair faoi dearadh go bhfuil suíomh faoi leith ar fáil ag Parlaimint na hEorpa www.toghchain2014.eu agus tá siad ar twitter chomh maith ag @Europarl_GA. Más ar twitter atá tú bhain faidhm as hais clib #EP2014. Ta eolas le fáil anseo in an chuid teangacha.

Tá toghcháin do na Chomhairle Chontae ar siúl ag an am céanna agus tá ceisteanna eile molta do na hiarathóirí sin anseo: Na toghcháin áitiúla agus an teanga!.

Ceist 1
(a) Má thoghtar mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa tú, an labhróidh tú Gaeilge go rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint?
Nó
(b) Muna bhfuil tú compordach le caighdeán do chuid Gaeilge, an gcuirfidh tú feabhas ar do chuid Gaeilge trí ranganna Gaeilge a ghlacadh nó cúrsa féin-foghlaim ar líne a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh do dhóthain Gaeilge agat chun an ionadaíocht chuí a dhéanamh, ach go háirithe do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta, i bParlaimint na hEorpa?

Ceist 2
An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016? Chun go dtarlódh sé sin, bheadh ar Rialtas na hÉireann a chur in iúl do Chomhairle an Aontais Eorpaigh gan mhoill go bhfuil sé ar intinn aige deireadh an mhaolaithe a mholadh ag cruinniú foirmiúil sa bhliain 2015

Cúlra:

  • - Aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2007.
  • - Cuireadh maolú ar an stádas sin, ar dtús ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí deireadh 2011, agus arís go dtí deireadh 2016, ionas nach gá na doiciméid dhlíthiúla ar fad a aistrítear go dtí na teangacha oifigiúla eile a chur ar fáil i nGaeilge. Tugadh easpa saineolaithe Gaeilge mar chúis don mhaolú, ach níl an easpa sin ann a thuilleadh.
  • - Anuas air sin níl an deis chéanna ag ionadaithe na hÉireann an Ghaeilge a úsáid san Aontas Eorpach de dheasca easpa ateangairí.
  • - Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé a iarraidh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan agus is gá dóibh an cinneadh sin a ghlacadh go luath má tá an feachtas earcaíochta a mbeadh gá leis idir seo agus 2017 le riaradh i gceart.
  • - Tá daoine á bhfostú ag an Aontas Eorpach faoi láthair (m.sh. tá 10 bpost do dhlítheangeolaithe le líonadh in 2014). Beidh breis is 180 post breise le líonadh roimh 01/01/17 má chuirtear deireadh leis an maolú.
  • - Glacadh leis an Mháltais mar theanga oifigiúil in 2004 agus d’éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de 3 bliana Baineadh é seo amach trí chonarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an tríú teanga a shealbhú agus iad ag obair le hinstitiúidí an Aontais. Tá an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfeá post buan mar shaineolaí teanga.


Cé na buntáistí breise a bheidh ann d’Éirinn má chealaítear an maolú ar stádas na Gaeilge san AE?

  • - Bheadh an Ghaeilge ar chomhchéim le gach ceann eile den 24 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach, Máltais, Eastóinis agus Laitvis ina measc.
  • - Chuirfí 183 post ar ardluach ar fáil idir seo agus 2017 (103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaithe agus 6 ceann aonaid) gan aon chostas ar Rialtas na hÉireann.
  • - Bheadh buntáiste fadtéarmach maidir le tionchar na hÉireann san Aontas Eorpach de réir mar a rachadh líon áirithe de na daoine seo ar aghaidh go dtí poist a bhaineann le réimsí polasaí san Aontas Eorpach.
  • - Chuirfeadh sé le stádas na Gaeilge in Éirinn, thuaidh agus theas, agus leis an íomhá den teanga sa phobal, ach go háirithe i measc daoine óga in aois scoile agus ag an tríú leibhéil.

Wednesday, April 23, 2014

Na toghcháin áitiúla agus an teanga!

Tá ceisteanna samplacha maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha amach do na hiarrthóirí mar aon le pointí eolais gurb fhiú go mór a chur ar shúile na n-iarrthóirí éagsúla. (Foilsithe ag Conradh na Gaeilge le déanaí)

CEIST 1:
An Roghnaíonn Tú Todhchaí Dár dTeanga?
Nótaí tábhachtacha ar an gceist gur fiú a chur in iúl sula bhfreagraíonn an t-iarrthóir an cheist seo:
  • B’fhiú a chur in iúl don iarrthóir sula dtugann siad freagra gur gá gníomh a dhéanamh má roghnaíonn siad todhchaí dár dteanga & go mbeimid ar ais chucu maidir leis an ngníomh
  • Foilseofar agus scaipfear ainmneacha na n-iarrthóirí ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a roghnaíonn todhchaí dár dteanga le haitheantas a thabhairt dá dtacaíocht
CEIST 2:
An bhfuil tú toilteanach seirbhís as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla ón údarás áitiúil? m.sh. iarratais pleanála, seirbhísí tithíochta, srl..
Nótaí eile:
  • Ó Dheas: An ndéanfaidh an t-iarrthóir cinnte de go gcuirfear coinníoll i ngach conradh le soláthróirí seirbhíse don údarás áitiúil gur gá dóibh seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil, m.sh. Comhlachtaí dramhaíola, comhlachtaí seirbhíse (ar nós Dublin Bikes - níor cuireadh aon choinníoll maidir le húsáid na Gaeilge sa chonradh agus ní féidir rothar a ghlacadh ar iasacht anois as Gaeilge) nó eile
  • Ó Thuaidh: An mbeidh an t-iarrthóir sásta abhcóideacht a dhéanamh go poiblí chun Acht na Gaeilge a reachtú i bParlaimint Westminster le creatlach ceart a bhunú d’fhorbairt na Gaeilge ó thuaidh agus a chinntiú go mbeidh an t-údarás áitiúil ag cur na Gaeilge chun chinn mar atá leagtha amach sa Cheart Eorpach, mar shampla maidir le comharthaí dátheangacha sa cheantar chomhairle bhuirg
CEIST 3:
Ceist áitiúil – m.sh. maidir le comharthaíocht áitiúil, cóiríocht do ghaelscoileanna nó lárionaid Ghaeilge, tacaíocht an údaráis áitiúil d’imeachtaí phobal na Gaeilge, bunseirbhísí & oifigí lonnaithe sa Ghaeltacht, srl..


Fíricí ar an nGaeilge do na hiarrthóirí:
• Tá beagnach 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann a bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu

• De réir staitisticí, tá: tacaíonn 93% den daonra ó dheas leis an nGaeilge a athbheochan nó a chaomhnú (ESRI & OÉ Magh Nuad ar son Mhichíl Mhic Gréil, 2009); 35% ar son úsáid na Gaeilge ó thuaidh agus 53% ar son deiseanna breise a bheith ag daoine í a fhoghlaim ó thuaidh (Suirbhé Omnibus TÉ); 27% den daonra ó dheas ag tacú leis an nGaeilge mar phríomh-theanga an stáit (Ipsos MRBI ar son an Irish Times)

• Tá os cionn 200 gaelscoil idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna ar oileán na hÉireann

• Tá inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht i mbaol (de réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid Na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007)

• Tá luach eacnamúil leis an nGaeilge don gheilleagar, m.sh. is fiú €6 mhilliún don bhaile / chathair a mbíonn an tOireachtas eagraithe ann; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe go bliantúil; is fiú os cionn €20 milliúin na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar

• Tugann an Ghaeilge buntáistí breise dá lucht labhartha/foghlama, m.sh. bíonn sé níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a shealbhú; bíonn buntáistí cognaíocha ann (i. smaointeoireacht cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide, fadhbanna a réiteach); bíonn léirthuiscint níos fearr ar oidhreacht an oileáin, srl..


Monday, March 24, 2014

Focal ón gCoimisinéir!

Seo alt tabhachtach ag Rónán Ó Domhnail, an Coimisinéir Teanga, san Irish Times inniú.

Istig ann tá a chuid tuairimí agus an fealsúnacht atá taobh thiar de "ghluaiseacht na teanga" agus an manadh "Ceart Teanga=Cearta Daonna."

Is fiú go mór é a léamh:

Why minding our language is a priority: Rónan Ó Domhnaill

Agus tú á léamh b'fhéidir gur mhaith leat an píosa seo ó pheann Phóil Uí Mhuirí: "There is a new commissioner in town!"


Wednesday, March 5, 2014

Cúngú & Cúlú!

Níos mó spéise ag an Rialtas i moltaí claonta an státchórais a lagóidh Acht na dTeangacha Oifigiúla in ionad é a láidriú agus a bhainfidh ó ról an Choimisinéara Teanga

Tá dréacht de chinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2014 feicthe ag Conradh na Gaeilge, tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhairde de na moltaí a tháinig chun cinn ón bpobal i rith an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí Eanáir 2012.

Cóilín Ó Cearbhaill
Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán nua thofa Chonradh na Gaeilge: “Ar dtús is gá a rá go gcuireann sé iontas ar Chonradh na Gaeilge gur thóg sé dhá bhliain ar an Rialtas dréacht chinn bhille chomh lag, lochtach, díomách a dhréachtú más fíor don dréacht chinn bhille atá feicthe ag Conradh na Gaeilge. Ní thógann siad mianta phobal na Gaeilge agus Gaeltachta san áireamh in aon chor. Níl ann ach cúngú agus cúlú agus níos lú seirbhísí Gaeilge don phobal. Bímid soiléir faoi seo, gur léiriú eile é seo ar an easpa tosaíochta atá ag an Rialtas agus ag an stát chóras reatha ó dheas do chearta lucht labhartha na Gaeilge.”

Creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh sé scannalach go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sa dréacht chinn bhille go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. B’fhearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Más fíor do na leasuithe seo atá molta sa dréacht chinn bhille, beidh sé soiléir nár éist an Rialtas leis an bpobal i rith an athbhreithnithe dhá bhliain ó shin, ná leis an 10,000 duine a bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge ar 15 Feabhra 2014. Mar shampla, níl dáta leagtha amach sa dréacht chinn bhille go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúil ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Agus níos measa ná sin ar fad, bheadh an Rialtas ag cur dea-oibre agus neamhspleáchais Oifig an Choimisinéara Teanga i mbaol dá mbeadh an oifig curtha faoi Oifig an Ombudsman. Tá an baol ann chomh maith go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát, mar a d’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar 24 Samhain 2011."

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas athmhachnamh a dhéanamh ar na dréacht chinn bhille láithreach, agus i measc na moltaí atá ag an eagras leis an mbille a láidriú tá na moltaí seo a leanas:
• Oifig an Choimisinéara Teanga a fhágáil neamhspleách faoi na socruithe reatha
• Ba chóir go mbeadh sé mar chuid de rialacháin nua san Acht go mbeidh, faoi dheireadh 2016, gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile
• Ba chóir go mbeadh rialacháin ann go mbeidh líon áirithe daoine i ngach comhlacht poiblí in ann seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge ann)
• Go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, ar nós Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008
• Sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal ba chóir go mbeadh na dualgais chéanna acu is atá ag an gcomhlacht poiblí le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge don fheidhm a cheapfar iad a chur i gcrích ar son an chomhlachta phoiblí
• Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

Friday, February 28, 2014

Masla ar an idirlíon!

Fuair mé na moltaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le plé le maslaí ar líne. Sé Cuan Ó Seireadáin a cheap é. Ar ndóigh baineann sé leis na meáin éile chomh maith.

Caithfidh gach feachtas ar son na cearta sibhialta déileáil le masla den sórt seo. Is fianaise iad na maslaí pearsanta go bhfuil coinsias na maslaitheoirí faoi bhrú, agus go bhfuil tobar na n-argóintí réasúnta folamh.

Bíonn sé mar aidhm ag na maslaitheoirí an díospóireacht a shracadh i dtreo ina labhraítear faoi rudaí nach mbaineann leis an bhfeachtas, go háirithe maidir leis an gcóras oideachais agus a dtaithí fhulangach féin (mar dhea) air.

Níl aon dualgas orainn coimhlint ar an leibhéal sin.

Déarfadh ná Rómhánaigh i gcónaí gurb iad na hargóintí ad hominem na cinn ba laige: (Seo miniú ar Wikipidia an Bhéarla ar an tearma ad hominem!)

B’fhíor dóibh.

Tá sé riachtanach mar sin:
1) Nach ndéanfaimis masla muid féin riamh. Nach n-úsáidfimid tada ón oidhreacht shaibhir do mhaslaí a dhéanann iarracht coinsias ciontach a mhúscailt ar nós ‘seoinín’ agus srl. Go gcnuasófaí agus go scaipfí liosta do fhreagraí gearra dearfacha ar na maslaí míchearta is coitianta.

2) Go ndéarfaimis arís agus arís eile, go réasúnta agus go féinchinnte, gur feachtas cearta sibhialta é seo.

3) Léiriú, mar sin, go bhfuil rogha le déanamh: Todhchaí (Dearfach) nó Bás (Diúltach).

4) Go dtaispeánfaí, chomh minic agus is féidir, gur muidne an taobh atá dearfach, greannmhar, óg, spreagúil, úr, fuinniúil, saibhirshamhlaíoch, tuisceanach, cineálta, aontaithe, oscailte, fáilteach.

5) Go dtaispeánfaí, chomh minic agus is féidir, gur muidne an taobh a bhfuil fís agus dóchas acu; an taobh atá dírithe ar an dtodhchaí (ceist na gcearta), ní ar an aimsir chaite (an drochthaithí oideachais).

6) Go gcuirfimis fáilte roimh gach tacaíocht a thugtar dúinn go poiblí nó go príobháideach, is cuma cé chomh beag agus atá sé.

7) Go bhfreagróimis, arís agus arís eile, gur díospóireacht fíor-thábhachtach í an díospóireacht oideachais, ach nach féadfar í a phlé gan cearta a phlé chomh maith.

8) Más rud é go ndeireann daoine naimhdeacha rudaí nimhneacha, drochbhéasacha, foréigeanacha a rá, neartaíonn sé sin ár n-argóint go bhfuileamar ag troid in aghaidh luathbhreithiúnais mhí-réasúnta.

9) Tuiscint nach iad na hargóintí iad féin a bhuann cathanna ar son tacaíocht phoiblí go minic, ach an taobh ar féidir leo níos mó torainn a chruthú. Tuiscint go gcaithfidh an torann sin bheith dírithe sa dtreo chéanna i gcónaí: Rialtais atá ag tréigeadh a dhualgas, agus atá ag déanamh neamhairde ar an mórchuid saq phobal anseo agus thar lear a roghnaíonn Todhchaí dár dTeanga.

10) Go mbeadh an bhfoclóir agus na teachtaireachtaí céanna a úsáid ag gach éinne, i ngach díospóireacht, an t-am ar fad.

11) Go mbeadh gearrliosta do na héilimh ar fáil, i bhfoclóir simplí, i mBéarla agus i nGaeilge, agus iad á scaipeadh agus á lua ag gach deis, bíodh sé poiblí nó bíodh sé príobháideach.

12) Go labhróimis faoi “Lá Iontach na Gaeilge”, faoi “Earrach na Gaeilge”.

Thursday, February 27, 2014

Litir don Taoiseach ón 1.5%

"...léirigh taighde atá déanta dúinn ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua sin, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a dhúbailt ón 11⁄2% atá ann faoi láthair go dtí 3%...." (Seán Ó Chuirreáin, Coimisinéir Teanga, 2004-2014 - Ag caint leis an Oireachtas 23/1/2014)

Is fiú go mór an litir seo a léamh chuig an Taoiseach ó Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.

Mar is eol do chach is mionlach an-bheag iad sa stáit chóras agus is léir go dtuigeann siad fáth go bhhfuil pobal na Gaelige "Dearg le Fearg".


Bhfuil siad le "gaoth an fhocail a fháil" uaidh?