Friday, November 29, 2013

Scéim na Trionóide don tréimse go dtí 2016 seolta!

Sheol an tAire Stait Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh MacFhionnlaoich TD, an Dara Scéim Teanga de chuid Choláiste na Tríonóide (pdf) faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla inné!

Sa scéim seo, leagtar amach na réimsí ina bhfuil Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fheabhsú sna seirbhísí dátheangacha a chuirtear ar fáil do bhaill foirne, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne sa tréimhse trí bliana go lár mhí na Samhna 2016. Is é aidhm na ngealltanas atá leagtha síos agus le cur i ngníomh le linn na tréimhse trí bliana cur leis an bhforáil a bunaíodh sa Chéad Scéim Teanga (2010-2012) trí sheirbhísí sonraithe a thairiscint do bhaill phobal an Choláiste agus don phobal i gcoitinne.

Cuimsíonn gealltanais na scéime nua feabhas ar sheirbhísí sna réimsí seo a leanas: Seirbhísí Custaiméirí Díreacha; Seirbhísí Idirghníomhacha; Suíomhanna gréasáin; Cumarsáid agus na Meáin; Foirmeacha, foilseacháin agus ábhar clóite; Teicneolaíocht Faisnéise; Earcaíocht foirne, ionduchtú agus oiliúint i nGaeilge; Scéimeanna Cónaitheacha Gaeilge agus Seomra na Gaeilge. Tá gealltanais ann freisin maidir le forbairt Pholasaí Gaeilge agus tionscnamh Gradaim na Gaeilge.

Ag labhairt dó ag an ócáid, duirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go dtugann an scéim teanga seo léargas an-soiléir ar thiomantas Choláiste na Trionóide maidir le cur chun cinn na Gaeilge, ní hamháin do phobal na hOllscoile féín ach don phobal i gcoitinne. “Tá clú agus cáil ar an Choláiste seo agus ar a chuid scoláirí le blianta fada as feabhas a gcuid saíochta agus léinn i dtaca leis an Ghaeilge de agus tá creidiúint mhór dá réir ag dul do Choláiste na Trionóide as an méid atá ar siúl aige chun an Ghaeilge a chaomhnú, a neartú agus a bhuanú.”

D’fháiltigh Rúnaí an Choláiste, Seán Ó Comáin, roimh an Scéim trí bliana, ag rá: “Is cúis bróid do Choláiste na Trionóide go bhfuil an Coláiste ar cheann do na chéad ollscoil chun an dara Scéim a chur i gcrích. Is léir go bhfuil pobal bríomhar Ghaeilge sa Choláiste idir daltaí agus foireann agus go bhfuil an teanga ag dul ó neart go neart anseo.”

Ag cuir leis seo, dúirt Oifigeach na Gaeilge, Aonghus Dwane: “Is cúis mór áthais duinn bheith in ann ár dara Scéim Teanga a sheoladh. Tá sí mar thoradh ar phróiseas comhoibrithe le pobal an Choláiste. Cinnteoidh an Scéim seo buanú agus neartú áit lárnach na teanga i saol an Choláiste sna blianta amach romhainn.”

No comments:

Post a Comment