Monday, May 9, 2011

Ruaille buaile ó Rí-Rá

Anois go bhfuil nuashonrú déanta ar fheidhmchlár Raidió Rí-Rá tá an cairtstáisiún Gaeilge ag iarraidh leagan úr an app a chur go barr chairteacha iTunes!

Tá na mílte daoine tar éis feidhmhchlár Raidió Rí-Rá don iPhone a íoschóipeáil in aisce ó iTunes ó seoladh é ag tús 2010, agus is féidir le héisteoirí cluas a chur leis an gcairtstáisiún Gaeilge tríd an iPhone s'acu ag am ar bith de ló 's d'oíche, tríd an bhliain ar fad, leis an app nuashonraithe anois.

Dúirt Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin : "Bhí agus tá an-tóir go deo ar app Raidió Rí-Rá chun scoth an cheoil ó na cairteacha a chloisteáil, á chur i áthair trí Ghaeilge 24/7. Anois is féidir le héisteoirí amharc ar shuíomh Raidió Rí-Rá, cairdeas a dhéanamh linn ar Facebook, agus an nuacht is déanaí a fháil ó shruth RSS ar an leagan nua den app ar an suíomh."

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon stáisiún a sheinneann ceol ó na cairteacha ar fad trí mheán an Gaeilge tríd an bhliain ar fad ar-líne, le cláracha á gcur i láthair ag an óige, don óige. Tá súil ag an cairtstáisiún go gcuirfidh an nuashonrú seo feidhmchlár Raidió Rí-Rá i mbarr 25 na gcairteacha íoslódála iTunes an tseachtain seo.

Dúirt Aodhán Ó Deá, láithreoir Raidió Rí-Rá: "Tá Raidió Rí-Rá ag dul ó neart go neart le tamall anuas agus theastaigh uainn feidhmchlár an stáisiúin a fhorbairt chun sin a chur in iúl dár lucht éisteachta iPhone. Leis an nuashonrú seo, táimid ag iarraidh ar éisteoirí a rá lena gcairde go bhfuil áis iontach cheoil agus Ghaeilge ar fáil dóibh ó Raidió Rí-Rá gan costas ar bith, agus iad a spreagadh leis an app a íoschóipeáil in aisce ón suíomh inniu."

Sa bhreis ar chraoladh ar-líne tríd an bhliain ar fad, bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM le linn mhí an Mhárta gach bliain ó bhí 2009 ann agus é ina stáisiún oifigiúil ag Seachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta ar son na teanga, le trí bliana anuas. Bhí teacht ar níos mó ná milliún daoine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM i gcathracha ar fud na hÉireann le linn mhí an Mhárta 2011.

Is é an craoladh sealadach le linn mhí an Mhárta gach bliain an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM go lánaimseartha, dar le Traic Ó Braonáin, agus tá Raidió Rí-Rá de shíor ag iarraidh teacht ar mhodhanna éisteachta nua ionas gur féidir le daoine éisteacht leis an gcairtstáisiún Gaeilge aon uair gur mian leo, ar nós tríd an app iPhone nua.

Tá obair idir lámha ag Raidió Rí-Rá chun feidhmchlár Android a fhorbairt faoi láthair, tá an cairtstáisiún ag amharc ar fhéidearthachtaí dul ar an gcóras DAB agus tá siad ag dul i dtreo na teilifíse digití amach anseo chomh maith. D'eisigh Raidió Rí-Rá Albam Rí-Rá i gcomhar leis an Irish Daily Star le linn an chraolacháin i mí an Mhárta 2011 freisin, albam le hamhráin ó na cairteacha aistrithe go Gaeilge ag leithéidí The Rubberbandits, The Coronas, Fox Avenue agus eile.

No comments:

Post a Comment