Thursday, May 5, 2011

Tacaíocht ealaíne don spórt!

Beidh Na Gaeil Óga, CLG, i gcomhpháirt leis an ealaíontóir aitheanta Ultach Seán Pól Ó Flanagáin ag eagrú taispeántas ealaíne ina rachaidh 25% de bhrabús gach pictiúr a dhíoltar i dtreo an Chumann seo, Cumann Lúthchleas Gael lán-Ghaeilge na príomhchathrach. Seolfaidh Niamh Ní Shúilleabháin, láithreoir ALT Éire, clár ealaíne agus ceol ar Raidió na Life ag a 7.i.n. ar an 18 Bealtaine i gClub Chonradh na Gaeilge.

Le linn mí Bealtaine beidh Na Gaeil Óga, CLG ag tabhairt faoi chomórtas tiomsaithe airgid ina rachaidh foirne de bheaga in iomaíocht le chéile chun príomhdhuais an chomórtas a bhaint amach trí an méid is mó airgid a bhailiú don Chlub nua. Is é ballraíocht saol leis an Chlub príomhdhuais an chomórtas agus le linn na míosa tabharfaidh na grúpaí éagsúla faoi chlár dúshlánach d’imeachtaí tiomsaithe airgid.

Is é seo céad taispeántas ealaíne Sheáin Phóil Uí Fhlanagáin i mBaile Átha Cliath. Leanann Athimprisean a bhéas ar siúl ag Club Chonradh na Gaeilge le linn mí Bealtaine ón taispeántas an-ráthúil - Impressions Part 1, ag an Gailearaí Gerard Dillon i mBéal Feirste i mí Eanáir.

Iardhalta de chuid an Ghaelcholáiste iomráite Coláiste Feirste, tá Baitsiléir Ealaíon sa Mhínealaíon agus san Ealaíon Fheidhmeach bainteach amach Uí Fhlanagáin ó Ollscoil Uladh. Tá seónna indibhidiúla déanta aige i mBéal Feirste agus i nDún na nGall agus tá coimisiúin faighte aige le haghaidh dearadh leabhair agus dearadh seite.

Dúirt Seán Ó hAdhmaill as Na Gaeil Óga, CLG, “Tá an-áthas orainn go bhfuil ealaíontóir aitheanta cosúil le Seán Pól Ó Flanagáin sásta tacú leis an chlub nua s’againn agus gur sampla seo de na naisc gur féidir a chothú i measc na healaíne agus gnéithe eile den chultúr Gaelach ar leas a chéile.”
Lean sé “Cuirtear fáilte roimh chách ag an seoladh oifigiúil, agus deis ar dóigh a bhéas píosa ealaíon ar ardchaighdeán a fheiceáil, an píosa ealaíne a phlé leis an ealaíontóir agus a cheannach más spéis leat. Ar bharr sin, beidh a fhios agat gur ag tacú le togra Gaelach sa phríomhchathair a bhéas tú agus tú ag ceannach pictiúr ag taispeántas Athimprisean.” 

Leanfaidh an taispeántas ealaíne idir an 18 – 25 Bealtaine i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C. 2.  Tá leathanach ócáide Facebook bunaithe don ócáid dar teideal Reimpressions
Tá an taispeántas ealaíne seo coiméadaithe ag Tony Strickland.

No comments:

Post a Comment