Saturday, December 21, 2013

Ba chóir próiseas oscailte a bheith ann don Coimisinéir nua - Ó Clochartaigh

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil sé i gceist aige duine a cheapadh i gcomharbacht ar an Coimisinéir Teanga gan mhoill. Má tá, ba chóir gur próiseas oscailte, trédhearcach a bheidh ann, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Deir sé: “Ba vóta mímhuiníne sa rialtas a bhí in éirí as Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga ar an mbunphrionsabail nach raibh an tacaíocht cuí aige ón rialtas. Seo an chéad uair ariamh gur éirigh duine ag leibhéal Ombudsman as i stair an stát.

“Ní mór don Aire dul i ngleic leis na fadhbanna tromchúiseacha a d'ardaigh Seán Ó Cuirreáin sula gceapfar comharba air.

“Chuir Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley in iúl dom sa Seanad le déanaí go bhfuil sé ag brú ar aghaidh le comharba a cheapadh ar Ó Cuirreáin áfach. Tá an-imní ann gur ceapachán polaitiúil a bheidh ann, go roghnófar duine nach mbeidh chomh láidir ó thaobh cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla is a bhí Seán Ó Cuirreáin. Deir an tAire freisin liom go bhfuil na 'sonraí beagnach déanta' agus go bhfuil súil aige 'a bheith ag lorg tairiscintí gan mhoill'.

“Tá mé ag iarraidh ar an Aire na sonraí sin a fhoilsiú go luath le gur féidir linn iad a mheas. Tá mé ag iarraidh go mbeadh próiseas oscailte ann le h-iarrthóirí a mheas agus le deimhniú go gceapfar an té is feiliúnaí don ról fíorthábhachtach seo."


“Bhí eiseamláir den cur chuige seo ann nuair a roghnaíodh Emily Logan mar Ombudsman na Leanaí. Fógraíodh a post sin i gcomórtas oscailte, chuaigh sí tríd sraith agallaimh sular ceapadh í, fiú le páistí ar chuid de na boird agallaimh agus ba léir gur próiseas iontach tairbheach a bhí ann.

“Nach mbeadh sé iontach a leithéid a fheiceáil arís maidir leis an gCoimisinéir nua, go mbeadh agallaimh ann leis na h-iarrthóirí a mbeidh suim acu sa phost le ionadaithe pobail ó saol na Gaeilge, nó fiú ó chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais. Is bealach an-mhaith a bheadh ann le muinín pobal na Gaeilge sa bpróiseas ceapachán don gCoimisinéir nua a neartú agus cinntiú nach ceapachán polaitiúil a bheidh ann.”

No comments:

Post a Comment