Wednesday, December 11, 2013

Feachtas ar son cearta agus comhionannais do mhuintir na Gaeilge agus Gaeltachta.

Níl aon amhras ach tá géarchéim tar éis teacht chun cinn ó a d’fhógair Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha go raibh sé ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014. Tá Conradh na Gaeilge ag lorg ár dtacaíocht do na moltaí thíos.

Tá cuireadh a thabhairt dúinn teacht go cruinniú feachtais a bheidh eagraithe Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, ag 12.00i.n. i mBaile Átha Cliath. Go bhfios dúinn is i Halla na Saoirse a bheidh sé!
Bí ann gan teip coimeád an dá píosa den téad le chéile - Tír & Teanga

Is cinnte gurbh fógra éirí as oifig Sheáin an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá. "Síleann muid, sa Chonradh, gur gá gníomhú láithreach ar na fadhbanna luaite ag an gCoimisinéir ina chaint don Chomhchoiste Dála. Tá go leor leor daoine i ndiaidh a bheith i dteagmháil linn leis an tuairim chéanna," dúirt úrlabhraí linn inné!

Na Moltaí
Táthar ag moladh feachtas leanúnach le rannpháirtíocht an-láidir ó mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta leis na héilimh seo a leanas a bhaint amach (1-3 bunaithe ar mholtaí na Coimisinéara féin agus 4-5 bunaithe ar obair idir láimhe cheana féin):
  1. Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014 (Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú san áireamh)
  2. Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit
  3. Go mbeidh an líon earcaíocht san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla araon ardaithe ó 6% go 30% don chéad deich mbliain eile
  4. Nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017
  5. An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun láithreach idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.
Tuigtear go maith go bhféadfaí 10 n-éileamh eile a chur leis an liosta go héasca ach is mian leo díriú ar na moltaí a rinne an Coimisinéir agus éilimh á lorg cheana féin.

Cuirfear an feachtas chun cinn mar fheachtas ar son cearta agus comhionannais do mhuintir na Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá siad ag eagrú cruinniú poiblí Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, i mBaile Átha Cliath ag 12.00i.n. le céimeanna an fheachtais a aontú (foilseofar eolas ar an láthair don chruinniú go luath anseo!).

Mar eolas, tá go leor déanta ag gluaiseacht na Gaeilge leis na meáin chumarsáide náisiúnta agus áitiúil ón gCéadaoin len ár n-uafás a chur in iúl don Rialtas (agus feachtas beag eagraithe dírithe ar RTÉ an Bhéarla leis an scéal a chlúdach i gceart) agus idir anois agus an cruinniú, táid ag moladh/ag eagrú:

• Go scríobhadh daoine chuig na nuachtáin faoi chás an Choimisinéara agus na moltaí déanta aige (bheadh seo an-tábhachtach ó 1 Eanáir ar aghaidh ach go háirithe le léiriú don Rialtas go mbeimid glórach agus gníomh faoi seo in 2014)
• Imeacht beag feiceálach a eagrú an tseachtain seo ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath
• Tá tús curtha le cruinnithe a lorg le gach Aire ar an bhfochoiste Rialtais leis an Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm (i. An Taoiseach agus an Tánaiste san áireamh) faoin ngéarchéim seo.

Deireann an Conradh: "Níl ach moladh againn do ghníomh cróga an Choimisinéara. Ní don chéad uair atá sé ag taispeáint ceannaireachta do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Creideann muid go láidir gur gá gníomhú anois agus ár dtacaíocht a léiriú dó agus do na moltaí curtha chun cinn aige."

1 comment:

  1. LÉIGH LE DO THOIL LÉIGH LE DO THOIL LÉIGH LE DO THOIL
    Dia duit gach duine, ba mhaith liom mo thaithí a roinnt ar an ardán seo. Bhí mé ag éisteacht le Blank Atm ar feadh tamaill agus chuir mé i bhfeidhm trí roinnt daoine ach bhí mé scammed, ní go dtí go bhfuair mé an tUasal George a shábháil mé ó scammers, fuair mé mo chárta ATM bán i 5 lá tar éis an iarratais agus rinne mé an cárta criptithe a thriail i meaisín ATM agus siopa airgid pos chuig mo iontas is mó a bhí mé in ann a tharraingt siar $ 3000 agus go raibh an ráta laethúil a rinne mé iarratas. chun a bheith macánta níl aon bhaol ann nach féidir an cárta a rianú agus tá comhartha infridhearg ann a chuireann CCTV isteach le linn do aistarraingtí. D'íoc mé mo tháille teagaisc iníonacha agus glanadh mo chuid fiacha morgáiste, táim níos saibhre agus chuir mé tús le gnó atá ag déanamh go maith. Is spárálaí saoil é an tUasal George agus tá sé fíor-dhílis. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis leis an seoladh ríomhphoist seo: blankatm402@gmail.com
      Guí maith

    ReplyDelete